Jump to content

An Cogadh Fuar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cogadh Fuar)
WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataAn Cogadh Fuar

Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcogadh fuar, perpetual war (en) Aistrigh, proxy war (en) Aistrigh agus tréimhse stairiúil
Dáta1946 (Iúlach)
ÁitMeiriceá Laidineach, an Áise, an Afraic agus an Eoraip
Cúissuperpower (en) Aistrigh
ÉifeachtStáit Aontaithe Mheiriceá, Eastern Bloc (en) Aistrigh, dissolution of the Soviet Union (en) Aistrigh, German reunification (en) Aistrigh, an tAontas Eorpach agus Oirthear na hEorpa
RannpháirtitheEastern Bloc (en) Aistrigh agus Western Bloc (en) Aistrigh
Cronologia
Ba iad Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Sóivéadach an dá shárchumhacht sa Chogadh Fuar

Is é atá i gceist leis an gCogadh Fuar ná coimhlint idé-eolaíoch, gheilleagrach agus pholaitiúil a bhí ar siúl san 20ú haois idir Stáit Aontaithe Mheiriceá is an caipitleachas ar aon taobh amháin, agus an tAontas Sóivéadach is an cumannachas ar an taobh eile. Bhailigh an bheirt acu a gcuid comhghuaillithe féin chucu le tacaíocht a fháil, ach ba mhinic a chaithfidís an tacaíocht sin a mhealladh uathu le lámh láidir.[1]

Deirtear gur tosaíodh an cogadh timpeall na bliana 1947, ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda, agus mhair sé go dtí na 1990idí, a fhad is a mhair an tAontas Sóivéadach.

Canadian War Museum, LeBreton Flats, Ceanada

Ní raibh an dá mhórchumhacht féin ag cur mórán troda ar a chéile go díreach, ach ba mhinic a bhí siad ag tabhairt tacaíochta do thaobhanna éagsúla i gcoimhlintí áitiúla go háirithe sa Tríú Domhan, rud a mhéadaigh ar an gcruatan inar fágadh na gnáthshibhialaigh ina leithéid de chás. Ba í an ghné ba dhainséaraí den Chogadh Fhuar ná go raibh airm núicléacha ag an mbeirt, agus bhí sé incheaptha go mbrisfeadh cogadh núicléach amach eatarthu - fiú de thaisme. Cúpla uair, ba dhóbair nár bhris, is é sin, le linn ghéarchéim na ndiúracán i gCúba agus i bhfómhar na bliana 1963. Ar ámharaí an tsaoil, seachnaíodh an cogadh núicléach sin.

Avro CF-100 Mk.4A Canuck, Canadian War Museum, LeBreton Flats, Ceanada

Croineolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a chuaigh na Boilséivigh i gceannas ar an Rúis sa bhliain 1917, d'éirigh an tIarthar an-bhuartha faoi cé chomh meáite agus a bhí siad ar an réabhlóideachas a spreagadh taobh amuigh den Rúis. Sna blianta idir an dá chogadh domhanda, is beag a chuaigh an réabhlóid dhomhanda sin chun cinn, ach níor bhain sin mórán den eagla a bhí ar an Iarthar roimh an gcumannachas.

Sa bhliain 1941, d'ionsaigh na Gearmánaigh an tAontas Sóivéadach, a chuaigh i gcomhghuaillíocht leis na cumhachtaí Iartharacha, ach i ndiaidh an chogaidh, tháinig scoilt eatarthu arís.

  • 1945. Comhdháil Yalta agus Comhdháil Potsdam (Iúil Lúnasa 1945). Bhí easaontas mór ann ar an chruth a bheadh ar an Eoraip san am a bhí le teacht agus bhí an chomhghuaillíocht chogaidh ag titim as a chéile.
  • 1947. Ba iad Bernard Baruch, a bhí ina chomhairleoir ag an Uachtarán Harry Truman, agus Walter Lippmann, scríbhneoir agus iriseoir, ba thúisce a thosaigh ag labhairt faoi "chogadh fuar", thiar sa bhliain 1947, agus iad ag tagairt don teannas a bhí ag dul i méadaíocht idir an tIarthar agus an tAontas Sóivéadach.
C-47, aerfort Tempelhof, Aertharlú, 1949

Bhí stádas Bheirlín Thiar ina cnámh spairne sna 1940idí.

  • 1990. Ar an 23 Eanáir 1990 thosaigh an rialtas sa Ghearmáin Thoir ag leagadh Bhalla Bheirlín.[3] Ar an 13 Meitheamh 1990 thosaigh saighdiúirí teorann sa Ghearmáin Thoir ag leagadh Bhalla Bheirlín go hoifigiúil.[4]
  • 1991. I mí Iúil 1991, cuireadh Comhaontú Vársá ar ceal. Bhí fórsaí Sóivéadacha lonnaithe sa sna tíortha iarchumannacha (sa tSeicslóvaic ó 1968 ar aghaidh mar shampla). Níor imigh siad go hiomlán roimh dheireadh 1991.
  1. St Marys, Béal Feirste. "An Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 2020.
  2. aisaonad, St Marys, Belfast
  3. apimages.com
  4. Wikipedia i mBéarla