An Pholainéis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Pholainéis
Cineál Limistéar geografach, oileánra, grúpa agus réigiún cultúrtha
Cuid de An Aigéine
Suíomh geografach An tAigéan Ciúin
Map OC-Polynesia.PNG
 16°51′11″S 148°24′19″E / 16.852961°S 148.40522°E / -16.852961; 148.40522Comhordanáidí: 16°51′11″S 148°24′19″E / 16.852961°S 148.40522°E / -16.852961; 148.40522
Farraige An tAigéan Ciúin
Le cuid Samó
Stáit Aontaithe Mheiriceá
An Nua-Shéalainn
Na hOileáin Mharcasacha
An Fhrainc
Cireabaití
Tonga
Túvalú
An tSile
Tréithe
Cros An Nua-Shéalainn, An Fhrainc, An tSile, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Cireabaití, Túvalú, Samó, Tonga agus Oileáin Pitcairn
Suíomh Oidhreachta Domhanda sealadach
Na hOileáin Mharcasacha
Am Meitheamh 22, 2010
Aitheantóir 5564

Is foréigiún den Aigéine í an Pholainéis a chuimsíonn níos mó ná 1,000 oileán scaipthe ar fud an Aigéin Chiúin láir agus theas. Tugtar Polainéisigh ar na daoine dúchasacha a chónaíonn in oileáin na Polainéise, agus tá gaolta láidre eatarthu ó thaobh teanga, cultúir, agus creidimh traidisiúnta.[1] Bhí traidisiún láidir loingseoireachta i measc na bPolainéiseach, agus bhain siad úsáid as na réaltaí ar aistir fhada.[2][3] Is í an Nua-Shéalainn an tír is mó sa bPolainéis.

Ba é an scríbhneoir Francach Charles de Brosses a d'úsáid an téarma Polynésie den chéad uair sa bhliain 1756, le cur síos ar oileáin uile an Aigéin Chiúin. Sa bhliain 1831, mhol Jules Dumont d'Urville sainmhíniú níos cúinge le linn léachta i gCumann Tíreolaíochta Pháras, inar roinn sé an Aigéine ina trí chuid: Polynésie, Mélanésie, agus Micronésie.

Sa lá atá inniu ann, sainmhínítear an Pholainéis go ginearálta mar na hoileáin laistigh den “Triantán Polainéiseach”; triantán a cheanglaíonn Haváí, an Nua-Shéalainn agus Oileán na Cásca. Is iad Samó, Tonga, Oileáin Cook, Túvalú, Oileáin Tócalá, Niue, Wallis agus Futúna, agus Polainéis na Fraince na príomhghrúpaí oileán eile atá suite laistigh den Triantán Polainéiseach.

É sin ráite, is féidir sainmhíniú cultúrtha a dhéanamh ar an bPolainéis freisin, agus tá lonnaíochtaí Polainéiseacha beaga i Nua-Ghuine Phapua, Oileáin Sholomón, Oileáin Caroline, agus Vanuatú. Is grúpa oileán a bhfuil tréithe láidre cultúrtha Polainéiseacha aige lasmuigh den triantán mór seo é Rotuma, suite ó thuaidh ó Fhidsí. Tá nascanna láidre stairiúla agus cultúrtha idir roinnt d'Oileáin Lau (soir ó dheas ó Fhidsí) le Tonga.

Seo a leanas na hoileáin agus na grúpaí oileán, náisiúin nó críocha thar lear de chuid na dtíortha impiriúla, ar de chultúr Polainéiseach bundúchasach iad nó ina bhfuil fianaise seandálaíochta ar fáil ar lonnaíochtaí Polainéiseacha san am atá caite. Tá roinnt oileán de bhunadh Polainéiseach lasmuigh den triantán ginearálta a shainíonn an réigiún ó thaobh tíreolaíochta.

Tír nó críoch Nótaí
Flag of American Samoa.svg Samó Mheiriceá Críoch neamhchorpraithe agus neamheagraithe de chuid na Stát Aontaithe
Flag of the Cook Islands.svg Oileáin Cook Stát i saor-chomhaontas leis an Nua-Shéalainn
Flag of Rapa Nui, Chile.svg Oileán na Cásca Cúige agus críoch speisialta de chuid na Sile
Flag of French Polynesia.svg Polainéis na Fraince Críoch thar lear de chuid na Fraince
Flag of Hawaii.svg Haváí Stát Mheiriceá
Flag of New Zealand.svg An Nua-Shéalainn Stát ceannasach
Flag of Niue.svg Niue Stát i saor-chomhaontas leis an Nua-Shéalainn
Flag of Norfolk Island.svg Oileán Norfolk Críoch sheachtrach de chuid na hAstráile
Flag of the Pitcairn Islands.svg Oileáin Pitcairn Críoch Bhriotanach Thar Lear
Rotuma Spleáchas de chuid Fhidsí
Flag of Samoa.svg Samó Stát ceannasach
Flag of Tokelau.svg Oileáin Tócalá Críoch neamh-fhéinrialach de chuid na Nua-Shéalainne
Flag of Tonga.svg Tonga Stát ceannasach
Flag of Tuvalu.svg Túvalú Stát ceannasach
Flag of Wallis and Futuna.svg Oileáin Wallis agus Futuna Críoch thar lear chuid na Fraince

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hiroa, Te Rangi (Sir Peter Henry Buck) (1964). "Vikings of the Sunrise". NZ Electronic Text Centre, Victoria University, NZ Licence CC BY-SA 3.0. Whitcombe and Tombs Ltd.. Dáta rochtana: 2 Márta 2010. 
  2. Holmes, Lowell Don (1 Meitheamh 1955). “Island Migrations (1): The Polynesian Navigators Followed a Unique Plan”. XXV(11) Pacific Islands Monthly. Dáta rochtana: 1 Deireadh Fómhair 2021.
  3. Holmes, Lowell Don (1 August 1955). “Island Migrations (2): Birds and Sea Currents Aided Canoe Navigators”. XXVI(1) Pacific Islands Monthly. Dáta rochtana: 1 Deireadh Fómhair 2021.