Loingseoireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Caoi a fháil an bealach a dhéanamh ó áit go háit eile go sábháilte. Baineann sí le taisteal ar an bhfarraige, san aer, agus ar tír. Tá loingseoireacht neamhaí ann le fada fada. Is féidir leis an loingseoir domhanleithead an árthaigh a thomhas ó uillinn na Gréineréaltaí eile os cionn bun na spéire le seiseamhán, agus an domhanfhad a ríomh ón am áitiúil, curtha i gcomparáid leis an am i nGreenwich ag 0° domhanfhaid. Tá an t-am bunaithe ar am rothlaithe an Domhain, agus thomhaistí go han-chruinn ar bord loinge é le cróiniméadar. Tugtar buille faoi thuairim ar an loingseoireacht is simplí. Déantar ionad na loinge nó an eitleáin amach ón eolas ar a luas, a threo ó léamh an chompáis (a threo-uillinn), is a fhad ama ag taisteal go rialta le linn an aistir, agus tarraingítear an cúrsa ar chairt. Is féidir an buille faoi thuairim a fheabhsú le hiarmhairtí na gaoithe is na dtaoidí a chur san áireamh chun an t-ionad a mheas roimh é a chur ar an gcairt. Loingseoireacht eile is ea an phíolótaíocht: baintear feidhm as airíonna cosúil le pointí suntasacha geografacha, foirgnimh arda, tithe solais is eile ar feadh an aistir. Tá míbhuntáiste le gach ceann acu seo, nach rómhaith iad nuair nach mbíonn léargas maith ann. Is féidir loingseoireacht leictreonach a úsáid beag beann ar aimsir nó oíche, agus córas den saghas seo is mó a úsáidtear anois. Tá satailítí loingseoireachta i bhfithisí fosaithe sa spéir, agus tarchuireann siad comharthaí raidió is féidir a úsáid chun ionad ar dhromchla an Domhain a aimsiú. Le córas suite domhanda i long, eitleán, nó gluaisteán, is féidir domhanleithead is domhanfhad an árthaigh a thomhas go leanúnach. Sa loingseoireacht radair, tarchuireann an t-árthach bíogchomharthaí an t-am ar fad agus faigheann comharthaí frithchaite ó bhaic is pointí suntasacha chun iad a léiriú go leanúnach ar chairt leictreonach ar scáileán. Sa loingseoireacht thámhúil, bíonn córas iomlán féinchuimsitheach ar bord a phróiseálann na comharthaí aschuir ó 3 luasghéaraiméadar is 3 ghíreascóp chun athruithe sna 3 thoisí in ionad is rothlú an árthaigh a ríomh go leanúnach. Buille faoi thuairim a thagann as, ach é lániontaofa, agus is córas é nach gcuireann drochaimsir, réimsí maighnéadacha, ná stoirmeacha leictreacha isteach air.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Loingseoireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 416.