Seiseamhán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ionstraim optúil chun fad uilleacha a thomhas, go háirithe uillinn airde na Gréine os cionn bun na spéire ag meán lae chun domhanleithead áite a dhéanamh amach. Braitheann an féachadóir bun na spéire trí theileascóp, agus ag an am céanna, an Ghrian trí scáthán atá greamaithe le géag ar stua grádaithe. Is féidir an scáthán a bhogadh thar an stua chun go dtarlaíonn comhthitim íomhá na Gréine is bhun na spéire. Nuair a úsáidtear ar tír é, baintear feidhm as linn mearcair mar bhun saorga spéire. In aerárthaigh, baintear úsáid as leachtleibhéal.