Jump to content

Uillinn (matamaitic)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
two line bent at a point
Uillinn uaine cruthaithe ag dhá gha dearg ag an gcóras comhordanáideach Cairtéiseach

Sa gheoiméadracht Eoiclídeach, is féidir le huillinn tagairt a dhéanamh don fhíor a dhéanann dhá líne dhíreach a thagann le chéile ag pointe. Go foirmiúil, is fíor í an uillinn atá suite i bplána cruthaithe ag dhá ghath, ar a dtugtar taobhanna na huillinne, a roinneann foirceann comónta, ar a dtugtar rinn na huillinne.[1][2] Níos ginearálta, cruthaítear uillinneacha freisin in áit ar bith a dtagann dhá líne, ghath nó mhírlíne le chéile, mar shampla ag cúinní triantán agus polagán eile. Is féidir uillinn a mheas mar réigiún an phlána atá teorainnithe ag na taobhanna.[3][4] Is féidir uillinneacha a chruthú freisin trí thrasnú dhá phlána nó trí dhá chuar a thrasnaíonn a chéile, agus sa chás sin sainmhínítear an uillinn leis na gathanna atá suite ag tadha an bpointe trasnaithe.

Úsáidtear an téarma 'uillinn' freisin chun cur síos a dhéanamh ar mhéid, ar airde nó ar chainníocht na gcruthanna geoiméadracha seo, agus sa chomhthéacs seo, is éard atá i gceist le huillinn ná uimhir agus aonad tomhais. Úsáidtear ‘tomhas uilleach’ nó ‘uillinnthomhas’ uaireanta chun idirdhealú a dhéanamh idir an tomhas féin agus an cruth. Tá an tomhas na n-uillinneacha nasctha go bunúsach le ciorcail agus le rothlú. Maidir le gnáthuillinn, is minic a shamhlaítear nó a shainmhínítear í seo trí úsáid a bhaint as stua ciorcail dírithe ag an rinn agus atá suite idir na taobhanna.

Tomhaistear uillinneacha i rothluithe (go príomha in aghaidh an nóiméid nó an tsoicind nuair a bhíonn an luas uilleach i gceist), dronuillinneacha, céimeanna (°), raidiain (rad), nó graid. 1 rothlú = 4 dhronuillinn = 360° = 2 π rad = 400 grad.[5]

  1. Hilbert, David. "The Foundations of Geometry": 9. 
  2. Sidorov 2001
  3. D'Andrea, Francesco (2023-08-19). "A Guide to Penrose Tilings" (as en). Springer Nature. 
  4. "Complex Analysis: Theory and Applications" (as en) (2019-07-08). Walter de Gruyter GmbH & Co KG. 
  5. Hussey, Matt (2011). "Uillinn". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 687.