Réalta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochRéalta
The Sun by the Atmospheric Imaging Assembly of NASA's Solar Dynamics Observatory - 20100819.jpg
Cineálcineál reann neimhe
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Cuid decóras réaltaí Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
1kpc Star Map.gif

Is réad réalteolaíoch í réalta a chuimsíonn sféaróideach lonrach plasma atá coinnithe le chéile ag a himtharraingt. Is í an réalta is gaire don Domhan an Ghrian.

Meastar go bhfuil idir 1022 agus 1024 réalta sa chruinne inbhraite. Níl ach tuairim is 4,000 de na réaltaí seo le feiceáil ag an tsúil nocht,[1] iad ar fad laistigh de réaltra Bhealach na Bó Finne.

Foirmiú agus éabhlóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comhdhlúthaíonn na réaltaí ó réigiúin spáis ina bhfuil dlús ábhar níos airde, ach níl na réigiúin sin chomh dlúithe ná laistigh de sheomra folúis. Is éard atá sna réigiúin seo—ar a dtugtar scamaill móilíneacha—hidrigin den chuid is mó, le thart ar 23 go 28 faoin gcéad héiliam agus cúpla faoin gcéad d'eilimintí níos troime. Sampla amháin de réigiún a fhoirmíonn réalta dá leithéid is ea Réaltnéal Oiríon.[2] Cruthaíonn an chuid is mó de na réaltaí i ngrúpaí dosaenacha go dtí na céadta mílte réalta.[3]

Fisic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní réaltaí iad na pláinéid, na hastaróidigh, ná na gealacha. Ní ghineann siad seo solas. Nuair a dhéanann solas na gréine imbhualadh leo sin, is é rud a dhéanann siad: an solas sin a fhrithchaitheamh.

Is liathróidí de ghás te iad na réaltaí, déanta as hidrigin agus héiliam. Is í a gcuid imtharraingthe féin a bhíonn á gcoinneáil le chéile.

Is réalta sa mheánmhéid í an Ghrian. Is mó faoi mhilliún í ná an Domhan, nó mar sin.

W1906+40

Cuid de na réaltaí - is lú ná an deichiú cuid de mhéid na gréine, agus tá réaltaí eile ann agus is mó faoi sheasca iad ná méid na gréine. Timpeall 6,000 °C an teocht atá ar dhromchla na gréine, agus meastar gur 15,000 °C de theocht a bhíonn ina lár.

Dath dearg a bhíonn ar na réaltaí is fuaire, dath buí ar réaltaí i meánraon na teochta, ar an ngrian abair, agus dath gorm nó bán ar na réaltaí níos teo fós.

Ina réaltbhuíonta a bhíonn na réaltaí. Idir deich gcinn agus deich míle réalta a bhíonn sa bhuíon. Ina réaltraí a bhíonn na réaltbhuíonta seo.

Crab Nebula
Proxima Centauri (2Mass)

Na réaltaí is gaire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad seo na réaltaí is gaire don Domhan, lena bhfad amach i solasbhlianta:

  • Proxima Centauri 4.24
  • Alpha Centauri A 4.34
  • Alpha Centauri B 4.34
  • Réalta Barnard 5.97
  • Wolf 359 7.80
  • Lalande 2 1 1 85 8.19
  • UV Ceti A 8.55
  • UV Ceti B 8.55
  • Sirius A 8.67
  • Sirius B 8.67

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Grego, Peter; Mannion, David (9 Meán Fómhair 2010). Galileo and 400 Years of Telescopic Astronomy Springer New York. ISBN 9781441955920.
  2. Woodward, P. R. (1978). "Theoretical models of star formation". Annual Review of Astronomy and Astrophysics. 16 (1): 555–584. Bibcode:1978ARA&A..16..555W. doi:10.1146/annurev.aa.16.090178.003011.
  3. Lada, C. J.; Lada, E. A. (2003). "Embedded Clusters in Molecular Clouds". Annual Review of Astronomy and Astrophysics. 41 (1): 57–115. arXiv:astro-ph/0301540. Bibcode:2003ARA&A..41...57L. doi:10.1146/annurev.astro.41.011802.094844. S2CID 16752089.