Réalta athraitheach
Appearance
Aon réalta nach mbíonn a lonrachas tairiseach. Is féidir leis an athrú a bheith rialta nó mírialta. Bíonn cúiseanna éagsúla leis an bhfeiniméan seo. I ndéréalta uraithe, uraíonn an dís réaltaí a chéile go tréimhsiúil de réir mar a fheictear iad ó ionad faire an Domhain, agus laghdaíonn lonrachas na réalta uraithe. Tá réaltaí eile a bhíogann agus tarlaíonn athruithe tréimhsiúla sa lonrachas de bharr athruithe i méid is teocht dhromchlach na réalta. Is iad na saghsanna is suntasaí ná athraithigh Ceifide, réaltaí R. R. Lyrae, agus athraithigh fhadtréimhseacha Mira.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Réalta athraitheach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 552.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |