Plasma (fisic)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Sa bhfisic, an 4ú staid damhna ar sreabhán ian is leictreon saor é, cumtha mar shampla trí ghás a théamh go dtí teocht an-ard. Bíonn fórsaí láidre leictreacha idir na cáithníní ann. Bíonn plasma taobh istigh de lampa feadáin fhluairisigh, agus i gcroíleacán na Gréine is na réaltaí eile. Baineann an phlasma-fhisic le staidéar na bplasmaí. Scéim ollmhór taighde is forbartha atá ar siúl sna Stáit Aontaithe, an Eoraip is dtíortha eile ar phlasmaí is ea an iarracht chun fuinneamh leictreach a ghiniúint trí chomhleá núicleach. In iarracht amháin, sáinnítear plasma áirithe i réimse maighnéadach i bhfoirm taoschnó, agus is é átá i gceist an plasma sin a théamh ar mhodh leictreach chun teochtaí arda ag a dtarlóidh an comhleá faoi stiúir.