Bealach na Bó Finne
Is é Bealach na Bó Finne (nó Claí Mór na Réaltaí, mar a thugtar air i leabhair le scríbhneoirí áirithe Ultacha, nó An Láir Bhán)[2] an réaltra ina bhfuil ár ngrianchóras féin. Tá ár ngrian tuairim is 30,000 solasbhliain ó lár an réaltra. Tá timpeall 200- 400 billiún réalta i mBealach na Bó Finne.

Cur síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]An réaltra a bhfuil ár nGrían agus suas le milliún milliún réalta eile, chomh maith le an-chuid gáis is deannaigh, bailithe le chéile ann. Foirm diosca ollmhóir atá air, 1 00,000 solasbhliain ar leithead.
Dealraíonn sé mar chrios tanaí sa spéir de bhrí go bhfeicimíd é óna thaobh. An Grianchóras féin 30,000 solasbhliain amach ó lár an réaltra, nó dhá thrian den tslí amach go dtí a imeall. Mar sin féin is bídeach é i gcomparáid le méid na Cruinne, ina bhfuil 10,000 milliún réaltra ar a laghad. Tá cuid de na réaltraí sin i bhfad níos mó ná ár réaltra agus cuid acu níos lú, cosúil le Scamaill Magellan, na réaltraí is gaire dúinn. Cuid den bhraisle ar a dtugtar an Grúpa Áitiúil.[3]
Réaltra bíseach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Réaltra bíseach atá ann, agus is dócha go bhfuil sé sách cosúil le réaltra Andraiméide i súil an bhreathnóra taobh amuigh. Creidtear gur dúpholl millteanach - An Díothóir Mór - atá i lárphointe Bhealach na Bó Finne, agus é timpeallaithe ag scamaill mhóra gáis agus dusta, chomh maith le hiarsmaí i ndiaidh ollnóvaí agus, ar ndóighe, na mílte réaltaí. Is iad na réaltaí agus na scamaill seo is comhábhair do bholg Bhealach na Bó Finne.
Is é an bolg an chuid lárnach den réaltra, agus é cosúil leis an mbuíocán san ubh. Thart ar an mbuíocán sin a leatar diosca an réaltra, agus é roinnte ina ghéaga. An Grianchóras seo againn, áfach, níl sé suite in aon ghaobhair don bholg, ach i ndiosca an réaltra, fiche ocht míle solasbhliain ón lárphointe.
Tugtar Géag an Bhodaigh ar an ngéag ina bhfuil cónaí orainn féin, nó tá réaltaí an Bhodaigh, cosúil le Mintaka agus Alnilam, suite sa ghéag chéanna. Thairis sin, aithnítear Géag Pheirséis, Géag an tSaighdeora is na Cíle, an Ghéag Eachtrach, Géag na Scéithe, Géag na Croise agus Géag an Trí Mhíle Parsoic.
Tá Bealach na Bó Finne ar an dara réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil, nó tá Réaltra Andraiméide níos mó ná é. Ós rud é go bhfuil an dá réaltra seo "i gceannas" ar an nGrúpa Áitiúil, tá roinnt mhaith réaltraí beaga mar shatailítí timpeall ár réaltra féin: Abhac Éilipseach an tSaighdeora, Scamall Mór Magellan, Scamall Beag Magellan, Abhac an Bhéir Mhóir, Abhac an Dragain, Abhac an Dealbhóra, Abhac an tSeiseamháin, Abhac na Cíle, Abhac na Foirnéise, Leon a hAon agus Leon a Dó.

Fionnachtana
[cuir in eagar | athraigh foinse]Idir 2018-2025 bhí pláinéad (nó réalta) 'nua' aimsithe i mBealach na Bó Finne ag foireann idirnáisiúnta réalteolaithe, lena n-áirítear triúr taighdeoirí in Ollscoil na Gaillimhe. Is gan choinne a tugadh faoi deara an pláinéad, a bhfuil WISPIT 2b baiste uirthi.[4][5]
430 éigin solasbhliain ón domhan cé atá an pláinéad, ar cuid de réaltbhuíon an Iolair í. Níl sí nua ar chor ar bith, ná in aon ghaobhar dó, ach meastar í a bheith ballaíocht ar chúig mhilliún bliain d'aois.
Os a choinne sin, is 'óg' an déantús í i gconchlann le leithéidí Iúpatair a cruthaíodh thart ar 4.6 billiún ó shin. Fearacht Iúpatair, dealraíonn sé gur déanta de ghás den chuid is mó atá an cheirtle chianda. Infheicthe atá WISPIT 2b leis an Teileascóp An-Mhór sa Réadlann Eorpach i nGaineamhlach Atacama sa tSile.
Tá a bhfuarthas amach faoin bpláinéad go nuige seo foilsithe in iris réaltfhisice ag na taighdeoirí a d'fhionn í, triúr na Gaillimhe ina measc.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ URL tagartha: https://www.astronomynotes.com/galaxy/s4.htm.
- ↑ i mBéarla, The Milky Way
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).
- ↑ "WISPIT 2" (as en) (2025-08-26). Wikipedia.
- 1 2 Nuacht RTÉ (2025-08-26). "Pláinéad 'nua' fionnta i mBealach na Bó Finne" (as ga-IE).