Camino de Santiago
Tá cáil mhór ar fud an domhain ar an Camino de Santiago de Compostela, nó Conair Shéamuis Naofa - an tsiúlóid choisricthe sa Spáinn le bealaí éagsúla ar fud na hEorpa atá ag tarraingt ar Santiago de Compostela in iarthuaisceart na Spáinne, áit a gcreidtear go bhfuil Naomh Séamas curtha. Is dócha gurb é Camino de Santiago an cosán oilithreachta is clúití ar domhan, mórbhealach oilithrigh ársa i dtuaisceart na Spáinne.[1][2][3]


Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1171, d'iarr Anraí II Shasana pas coimirce ar Fernando II, Rí León, lena bhóthar a réiteach go Santiago. Tá gach dealramh ar an scéal gur leagadh an oilithreacht mar phionós air in éiric dhúnmharú Thomas Becket.[4]
Is fada an bhaint atá ag na Gaeil leis an oilithreacht go Santiago de Compostela.[1] [4]
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Croíchuid den Camino de Santiago ná an pas "sello", cruthúnas gur thaistil an t-oilithreach ó áit go háit. Is éard is sello ann ná cruthúnas gur thaistil an peregrino, mar a thugtar ar oilithrigh an Camino, ó áit go háit (‘stampa’ sa Spáinnis ach úsáidtear an focal Spáinnise is cuma cén teanga atáthar a labhairt). Ag deireadh na hoilithreachta, i gcathair naofa Santiago, grinnítear an credencial (pas oilithrigh) agus bronntar compostela (teastas) ar an perigrino.[5]
Bíonn sello le fáil i ngach séipéal, mainistir, clochar, agus ardeaglais, ach is féidir ceann a fháil san albergues (brúnna óige oilithreach), sna caiféanna agus sna bialanna freisin.
Líonra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Síneann cúpla conair éagsúil trasna na Spáinne: Camino del Norte (An Chonair Thuaidh), Camino Inglés (Conair na Sasanach), Camino Primitivo, Camino Francés (Conair na bhFrancach) agus Camino Portugés (Conair na bPortaingéalach)[3] i measc eile.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maitiú Ó Coimín - Dialann 2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cumann Camino na hÉireann / Camino Society Ireland[8]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Liam Ó Muirthile. "Oilithreach pinn" (ga-IE). Cló Iar-Chonnacht. Dáta rochtana: 2022-07-25.
- ↑ Hannah Ní Chonghaile (2025-04-25). "Saoire dhifriúil: Camino Chósta na Portaingéile" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2025-05-04.
- 1 2 3 Hannah Ní Chonghaile (2025-04-25). "Saoire dhifriúil: Camino Chósta na Portaingéile" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2025-05-04.
- 1 2 Micheál de Barra (2007). "An bóthar go Santiago" (ga-IE). Cló Iar-Chonnacht. Dáta rochtana: 2022-07-06.
- 1 2 3 Maitiú Ó Coimín (23 Aibreán 2024). "Is fearr mo leabhar sínithe agus stampaí ná Instagram" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-23.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (26 Aibreán 2024). "Nuair a bhíonn an vino tinto istigh, bíonn sé ina rírá ceart i seomra coitinn na n-oilithreach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-01.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (1 Bealtaine 2024). "Ní mór na ceathrúna agus colpaí a bheith réitithe do dhreapadh bhóithre cúnga an Camino" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-01.
- ↑ "Camino Society Ireland - All about the Camino de Santiago" (en). caminosociety. Dáta rochtana: 2024-05-01.
