Parsoic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aonad faid é an parsoic, arb ionann é agus timpeall ar 30.9 trilliún ciliméadar (nó, le bheith beacht, 30,856,775,814,671,900 méadar), nó 3.26 solasbhliain (níos cruinne, 3.261564 solasbhliain). Tá an focal féin, parsec as Béarla, bunaithe ar parallax second, is é sin saobhdhiallas-soicind. Is é is saobhdhiallas ann ná gluaiseacht na réalta trasna na spéire, mar stua, nó mar ghualainn. Is iad na céimeanna, na stuanóiméid agus na stuashoicindí aonaid thomhaiste an tsaobhdhiallais. Má chuireann an réalta aon stuashoicind amháin trasna na spéire, agus an stuashoicind sin ag freagairt d'aon aonad réalteolaíoch amháin gluaiseachta, glacfar leis go bhfuil an réalta suite faoi aon pharsoic amháin dínn. Is ionann an t-aonad réalteolaíoch agus meánfhad an Domhain ón nGrian. De réir mar a bhíonn an Domhan ag dul timpeall na Gréine, bíonn mionathruithe saobhdhiallais le haithint ar áit na réaltaí ar an spéir, agus is féidir a aithint ar an saobhdhiallas seo cé chomh fada is atá na réaltaí sin suite uainn. Mar sin, is aonad praiticiúil é an parsoic, nó ceadaíonn sé dúinn an stua a chlaochlú go fad gan aon fhoirmle matamaitice ar leith.

Ba é an réalteolaí Sasanach Herbert Hall Turner a mhol an t-ainm sin "parsoic" chun úsáide sa bhliain 1913. Praiticiúil is uile mar atá an parsoic, dealraíonn sé nach bhfuil gach réalteolaí sásta leis mar aonad. Is é an rud a dúirt an fisiceoir Fionlannach Kari Enqvist ná gur "aonad gránna faid é an parsoic, ar chóir pionós dian a ghearradh do na réalteolaithe a cheap é".[1]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. inha pituusyksikkö, jonka lanseeranneita tähtitieteilijöitä pitäisi ankarasti rangaista; lgh. 166-167 i: Enqvist, Kari: Suhteellisuusteoriaa runoilijoille, WSOY, Helsinki 2019