Andraiméide (réaltra)
Réaltra bíseach is ea réaltra Andraiméide, agus é le feiceáil i réaltbhuíon Andraiméide. Tá an réaltra seo suite faoi 2.2 milliún solasbhliain dínn, agus is é an réaltra bíseach is gaire dúinn.
Cé is moite de Bhealach na Bó Finne féin, is é an t-aon réaltra bíseach is féidir a aithint ar spéir na hoíche gan úsáid a bhaint as gléasra cianradhairc ar nós na ndéshúileach nó an teileascóip. Tá Scamall Mór Magellan agus Scamall Beag Magellan le feiceáil chomh maith, ach ní réaltraí bíseacha iad. Ceann de réaltraí an Ghrúpa Áitiúil é.
De bhrí go bhfuil aomadh imtharraingteach idir é is Bealach na Bó Finne, tá Andraiméide ag gluaiseacht inár dtreo, ní hionann is na réaltraí go léir eile atá ag cúlú uainn.[10]
Cur síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceapadh le fada gur chuid de Bhealach na Bó Finne é, ach sna 1920idí thaispeáin Edwin Hubble gur réaltra scoite é. Réaltra bíseach, timpeall 45 cileaparsoic ar leithead, an cianréad is faide amach is féidir a theiceáil go héasca leis an tsúil. Is é an réaltra is gaire dár réaltra féin é, timpeall 2.5 milliún solasbhliain i gcéin. Cornhdhéanann Andraiméide, Bealach na Bó Finne agus an réaltra ar a dtugtar Scamall Mór Magellan an Grúpa Áitiúil, i mbéarlagar na réalteolaithe.
Tá trastomhas 125 míle solasbliain ag Andraiméide, agus meastar 101 1 réalta a bheith ann. De bhrí go bhfuil aomadh imtharraingteach idir é is Bealach na Bó Finne, tá Andraiméide ag gluaiseacht inár dtreo, ní hionann is na réaltraí go léir eile atá ag cúlú uainn. .[10]
De ghnáth sílimid gurb é lár an réaltra seo an réaltra ar fad, ach le fírinne, cumhdaíonn Andraiméide seacht leithead na lánré d'achar na spéire, agus 300,000 milliún réalta ann ar fad. Tá dhá réaltra bheaga shatailíteacha aige, mar atá M 32 agus NCG 205, iad araon infheicthe le teileascóp beag. Is é Réaltra Andraiméide an réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil, agus is é Bealach na Bó Finne is tánaiste dó.
Tá réaltra Andraiméide ag druidim isteach chugainn agus luas 300 ciliméadar in aghaidh an tsoicind (186 míle/soic.) faoi. Mar sin, tá sé ar an mbeagán réaltraí gormaistrithe ar an spéir. Má chuirtear gluaiseacht ár ngrianchórais féin taobh istigh de Bhealach na Bó Finn san áireamh, gheofar an toradh go bhfuil ár réaltra féin ag dul i dtreo Andraiméide agus luas 100 go 140 ciliméadar in aghaidh an tsoicind faoi (62–87 míle/soic.). Más é an t-imbhualadh atá i ndán don dá réaltra, titfidh sé amach i gceann trí mhíle milliún (109) bliain. Sa chás sin, ceaptar go rachfaidh an dá réaltra le chéile le haon réaltra mór éilipseach amháin a dhéanamh. Is minic a tharlaíonn an cineál seo eachtraí idir réaltraí atá suite sa ghrúpa áitiúil chéanna le chéile.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Andraiméide (pearsa bainte le miotaseolaíocht na Gréige)
- Andraiméide (réaltbhuíon)
- Bealach na Bó Finne
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Daniel Batcheldor (13 Lúnasa 2013). "An STIS atlas of Ca II triplet absorption line kinematics in galactic nuclei" (as Béarla) (3): 67. doi:.
- ↑ "The Local Tully-Fisher relation for dwarf galaxies" (2017): 6–6. doi:.
- ↑ Roger Davies (11 Aibreán 2000). "Streaming motions of galaxy clusters within 12 000 km s-1 -- I. New spectroscopic data" (as Béarla) (3): 469–490. doi:.
- ↑ Armando Gil de Paz (Nollaig 2007). "The GALEX Ultraviolet Atlas of Nearby Galaxies" (as Béarla) (2): 185–255. doi:.
- ↑ DOI: 10.1093/MNRAS/STY082.
- ↑ Ráite i: The General Catalogue of Trigonometric Stellar Parallaxes, Fourth Edition. Stated in source according to: SIMBAD. Leathanach: 0. Dáta foilsithe: 1995. Údar: William Foster van Altena.
- 1 2 Ulrich Bastian (1988). "PPM (Positions and Proper Motions) North Star Catalogue": 449.
- ↑ "The observed properties of dwarf galaxies in and around the Local Group" (as Béarla) (5 Meitheamh 2012) (1): 4. doi:.
- 1 2 Thomas H. Jarrett (Feabhra 2006). "The Two Micron All Sky Survey (2MASS)" (as Béarla) (2): 1163–1183. doi:.
- 1 2 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).