Scamall Mór Magellan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochScamall Mór Magellan
Large.mc.arp.750pix.jpg
Cineál abhacréaltra agus réaltra neamhrialta
Cineál moirfeolaíoch SB(s)m[1] Cuir in eagar ar Wikidata
Fionnachtaí Abd-al-Rahman Al Sufi Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta fionnachtana 964
Eapainm Fernão de Magalhães
Réad tuismitheora Bealach na Bó Finne
Réad linbh
Réaltbhuíon An Colgán Cuir in eagar ar Wikidata
Aois J2000.0 Cuir in eagar ar Wikidata
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Fad ón Domhan 0.05 Mpc [2]
0.05 Mpc [3] Cuir in eagar ar Wikidata
Deargaistriú 0.00093 Cuir in eagar ar Wikidata
Ga 2.1 kpc Cuir in eagar ar Wikidata
Dearbhmhéid −18.5 Cuir in eagar ar Wikidata
Méid dhealraitheach (V) 0.4[4] Cuir in eagar ar Wikidata
Mais 13,000,000,000 M☉ Cuir in eagar ar Wikidata
Dualghluaisne (diallas) 0.229 mas/y [5] Cuir in eagar ar Wikidata
Dualghluaisne (dronairde) 1.91 mas/y [5] Cuir in eagar ar Wikidata
Luas gathach 284 km/s[3] Cuir in eagar ar Wikidata
Dronairde (α) 5h 23m 34.6008s[6] Cuir in eagar ar Wikidata
Diallas (δ) -69° -45′ -21.996″[6] Cuir in eagar ar Wikidata
Miotalacht −0.55[7] Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid de Scamaill Magellan, An Grúpa Áitiúil agus [TSK2008] 223 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Catalóga réalteolaíochta

Scamall Mór Magellan (an seacht míle déag dhá chéad fiche tríú réad ar Phríomh-Chatalóg na Réaltraí, mar atá, PGC17223): ceann de dhá réaltra bheaga ar déanamh neamhrialta a dtugtar Scamaill Magellan orthu, agus é le feiceáil i réaltbhuíonta an Cholgáin agus an Tábla. Scamall Beag Magellan atá ar an gceann eile. Is réaltbhuíonta iad seo nach bhfeictear ach ar an leath theas den sféar neamhaí, sách cóngarach don phol theas fiú, agus mar sin, ní raibh aithne ag muintir na hEorpa ar na scamaill seo roimh na turasanna móra farraige a nocht cosúlacht agus déanamh an Domhain féin dár sinsir. Ní díol iontais é ar aon nós gurb as Fernão de Magalhães (nó Ferdinand Magellan, mar a thugtar air ina lán teangacha, an Béarla san áireamh), an taistealaí farraige a thaispeáin gur sféar é an Domhan, a hainmníodh iad.

Chreideadh na réalteolaithe go dtí le déanaí go raibh an Scamall Mór ar an réaltra ba ghaire do Bhealach na Bó Finne, ach, le déanaí, thángthas trasna ar réaltra beag atá níos cóngaraí fós, mar atá, Abhacréaltra Éilipseach an tSaighdeora.

Tá Scamall Mór Magellan chomh gar dúinn is go dtig le lucht na dteileascóp cuid mhaith réaltbhraislí agus fiú réaltaí aonair a aithint ansin. Díol suntais iad na réaltbhraislí gorma ilréaltacha nach bhfuil a leithéidí le fáil sa réaltra s'againn féin. Thairis sin, chonacthas ollnóva i Scamall Mór Magellan sa bhliain 1987.

Ceann de na réada is feiceálaí i Scamall Mór Magellan é Réaltnéal an Tarantúla (arb é an dá mhíle seachtóidiú réad é ar an Nua-Chatalóg Ghinearálta, is é sin, NGC2070). Néal hidrigine ianaithe atá ann, agus é á shoilsiú ag dornáin tiubha de réaltaí móra óga teo bána nó bánghorma, réaltaí a mbíonn an t-ollnóva i ndán dá leithéidí i ndeireadh na dála. Is ar imeall an Tarantúla a bhladhm ollnóva na bliana 1987 fosta.

Tá réad tábhachtach eile suite i Scamall Mór Magellan, mar atá, S Doradus, an ollfhathachréalta ghorm athraitheach lonrúil. Tá cineál iomlán réaltaí ainmnithe as an gcránaí mór millteanach seo de réalta.

Tá Scamall Mór Magellan suite faoi chéad agus ceithre scór míle solasbhliain dínn, agus é fiche míle solasbhliain ar trastomhas.

  1. "On the association between core-collapse supernovae and HII regions" (as An Béarla) (2013): 1927–1943. doi:10.1093/MNRAS/STS145. 
  2. Po-Feng Wu (Meán Fómhair 5, 2013). "Cosmicflows-2: the data" (as An Béarla) (4): 86. doi:10.1088/0004-6256/146/4/86. 
  3. 3.0 3.1 "Cosmicflows-3" (as An Béarla) (Lúnasa 3, 2016) (2): 50. doi:10.3847/0004-6256/152/2/50. 
  4. "The observed properties of dwarf galaxies in and around the Local Group" (as An Béarla) (Meitheamh 5, 2012) (1): 4. doi:10.1088/0004-6256/144/1/4. 
  5. 5.0 5.1 Roeland van der Marel (Feabhra 4, 2013). "Third-epoch Magellanic cloud proper motions. I. Hubble space Telescope/WFC3 data and orbit implications" (as An Béarla) (2): 161. doi:10.1088/0004-637X/764/2/161. 
  6. 6.0 6.1 Laurent Cambrésy (Samhain 25, 2003). "HYPERLEDA. I. Identification and designation of galaxies" (as An Béarla) (1): 45–55. doi:10.1051/0004-6361:20031411. 
  7. "Insights into pre-enrichment of star clusters and self-enrichment of dwarf galaxies from their intrinsic metallicity dispersions" (as An Béarla) (Samhain 15, 2012) (6): 183. doi:10.1088/0004-6256/144/6/183.