Ollnóva

Ó Vicipéid.
Ollnóva Kepler. Iarsmaí an ollnóva ar chuir an réalteolaí Johannes Kepler sonrú ann sa bhliain 1604.

Is é an t-ollnóva an phléasc mhillteanach is dual do na réaltaí móra a dhéanamh, agus iad i ndeireadh a gcuid hidrigine. Nuair a rithfidh an hidrigin gann ar an réalta, tosóidh na dúile níos troime taobh istigh den réalta á gcomhleá go dúile níos troime fós. Nuair a shroichfidh an fhorbairt seo núicléas (croílár) na réalta, cuirfear a struchtúr inmheánach trí chéile chomh hiomlán is go séidfear an réalta go léir amach ina sceall fairsingíoch. Mura bhfuil an réalta róthrom, ní fhágfar a dhath di ach an sceall seo agus é á scaipeadh i ngach treo amach ins an spás. Ag réaltaí troma, áfach, is iad na cisil is faide amach ón gcroílár amháin a phléascfaidh, agus an croílár féin ag imphléascadh - is é sin, ag crapadh isteach chuige féin faoi bhrú na pléisce agus a imtharraingthe féin (imphléasc imtharraingthe) le hiompú ina neodrónréalta nó ina dhúpholl.

Ní mór cuimhne a choinneáil air nach ionann nóva agus ollnóva, nó is ócáid aonair é an t-ollnóva nach bhfágann a seanbhail ar an réalta a thuilleadh. Cuid mhór de na nóvaí, is nóvaí ateagmhasacha iad a thiteann amach arís, fiú go tráthrialta.