Ollfhathachréalta ghorm athraitheach lonrúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is ollfhathachréalta ghorm athraitheach lonrúil ann ná réalta mhór mhillteanach athraitheach a bhaineann le ceann de na haicmí speictreacha is teo amuigh (is é sin, na haicmí speictreacha O agus B). Bíonn gile na réaltaí seo ag athrú go mall de réir a chéile, siúd is go mbíonn siad ag lasadh suas go hócáidiúil. Is féidir do réalta den chineál seo bheith céad go leith oiread níos mó ná an Ghrian s'againn ó thaobh na maise de, agus creidtear go bhfuil na réaltaí seo ar uasteorainn mhéid na réalta. Is dual do réaltaí chomh mór agus chomh te sin a gcuid hidrigine a spíonadh réasúnta gasta, nó ní thógann sé ach cúpla milliún bliain orthu. Ar mhaithe leis an gcomparáid, is fiú cuimhne a choinneáil air go bhfuil ár nGrian féin thart ar chúig bhilliún bliain d'aois, agus go bhfuil oiread eile i ndán di sula mbeidh a cuid hidrigine spíonta.

Is iad na réaltaí is tábhachtacha den chineál sin a bhfuil aithne ag na saineolaithe orthu ná S Doradus, Eta Carinae, Réalta an Phiostail, agus LBV 1806-20 - is é is brí leis na litreacha LBV ná luminous blue variable, is é sin, réalta lonrúil ghorm athraitheach. Is gnách réaltaí den chineál seo a ainmniú as S Doradus freisin, nó is í S Doradus an chéad réalta den chineál seo ar cuireadh sonrú nó suim ar leith inti.