An Grúpa Áitiúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa réalteolaíocht, is é atá i gceist leis an nGrúpa Áitiúil ná an grúpa de réaltraí ina bhfuil ár réaltra féin, Bealach na Bó Finne, suite. Tá meáchanlár an Ghrúpa Áitiúil idir Bealach na Bó Finne agus Réaltra Andraiméide. Tá an Grúpa deich milliún solasbhliain ar trastomhas, agus is ionann a mhais agus mais na Gréine méadaithe faoi (1.29 ± 0.14)×1012. Cuid den Fhorbhraisle Áitiúil, ar a dtugtar Forbhraisle na Maighdine freisin, is ea an Grúpa Áitiúil.

Is iad Réaltra Andraiméide agus Bealach na Bó Finne, ar réaltraí bíseacha iad, an dá réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil, agus lear mór réaltraí beaga ag timpeallú gach ceann acu.

Is iad satailítí Bhealach na Bó Finne ná: Abhacréaltra Éilipseach an tSaighdeora (SagDEG), Scamall Mór Magellan, Scamall Beag Magellan, Abharcréaltra an Mhadra Mhóir, Abhacréaltra an Mhadra Bhig, Abhacréaltra an Bhéir Bhig, Abhacréaltra an Dragain, Abhacréaltra na Cíle, Abhacréaltra an tSeachtamháin, Abhacréaltra an Dealbhóra, Abhacréaltra na Foirnéise, Leon a hAon, Leon a Dó, Abhacréaltra an Túcáin, agus Abhacréaltra an Bhéir Mhóir.

Is iad satailítí Réaltra Andraiméide ná: M32, M110, NGC 147, NGC 185, Andraiméide a hAon, Andraiméide a Dó, Andraiméide a Trí, Andraiméide a Ceathair, Andraiméide a Cúig, Abhacréaltra Sféaróideach Pheigeasais, Abhacréaltra Chaiseoipé, Andraiméide a hOcht, Andraiméide a Naoi, agus Andraiméide a Deich.

Tá a leithéid ann freisin agus Réaltra an Triantáin. Is é an tríú réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil é, agus é ar an t-aon réaltra bíseach amháin den ghnáthchineál sa Ghrúpa, nó is réaltraí bíseacha barracha iad Andraiméide agus Bealach na Bó Finne. Is féidir gur leathbhádóir de chuid Andraiméide atá ann, agus is féidir go bhfuil Abhacréaltra na nIasc á thimpeallú.


Réaltraí an Ghrúpa Áitiúil - Tábla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réaltraí Bíseacha
ainm cineál réaltbhuíon nótaí
Bealach na Bó Finne SBbc - An dara réaltra is mó sa Ghrúpa.
Réaltra Andraiméide (M31, NGC 224) SBb Andraiméide an réaltra is mó sa ghrúpa, sa bhliain 2006 a tuigeadh gur réaltra bíseach barrach é an ceann seo freisin
Réaltra an Triantáin (M33, NGC 598) SAc An Triantán an t-aon réaltra bíseach amháin den ghnáthchineál sa Ghrúpa ar fad, agus is féidir gur satailít de chuid Réaltra Andraiméide atá ann
Réaltraí Éilipseacha
ainm cineál réaltbhuíon nótaí
M110 (NGC 205) E6p Andraiméide satailít de chuid Réaltra Andraiméide
M32 (NGC 221) E2 Andraiméide satailít de chuid Réaltra Andraiméide
Réaltraí Neamhrialta
ainm cineál réaltbhuíon nótaí
Wolf-Lundmark-Melotte (WLM, DDO 221) Ir+ An Míol Mór
IC 10 KBm nó Ir+ Caiseoipé
Scamall Beag Magellan (SMC, NGC 292) SB(s)m pec An Túcán satailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Abhacréalta an Mhadra Mhóir Irr An Mádra Mór satailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Abhacréaltra na nIasc (LGS3) Irr Na hÉisc satailít de chuid Réaltra an Triantáin?
IC 1613 (UGC 668) IAB(s)m V An Míol Mór
Abhacréaltra an Fhéinics Irr An Féinics
Scamall Mór Magellan (LMC) Irr/SB(s)m An Colgán satailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Leon A (Leon a Trí) IBm V An Leon
Seiseamhán B (UGC 5373) Ir+IV-V An Seiseamhán
NGC 3109 Ir+IV-V An Phéist Uisce
Seiseamhán A (UGCA 205) Ir+V An Seiseamhán
Abhacréaltraí éilipseacha
ainm cineál réaltbhuíon nótaí
NGC 147 (DDO 3) dE5 pec Caiseoipé satailít de chuid Réaltra Andraiméide
Abhacréaltra Neamhrialta an tSaighdeora (SagDIG) IB(s)m V An Saighdeoir
NGC 6822 (Réaltra Barnard) IB(s)m IV-V An Saighdeoir
Abhacréaltra Neamhrialta Pheigeasais (DDO 216) Irr Peigeasas
Abhacréaltraí sféaróideacha
ainm cineál réaltbhuíon nótaí
Abhacréaltra an Aoire dSph An tAoire
Abhacréaltra an Mhíl Mhóir dSph/E4 An Míol Mór
Abhacréaltra na Madraí Fiaigh dSph Na Madraí Fiaigh
Andraiméide a Trí dE2 Andraiméide satailít de chuid Réaltra Andraiméide
NGC 185 dE3 pec Caiseoipé satailít de chuid Réaltra Andraiméide
Andraiméide a hAon dE3 pec? Andraiméide satailít de chuid Réaltra Andraiméide
Abhacréaltra an Dealbhóra (E351-G30) dE3 An Dealbhóir satailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Andraiméide a Cúig dSph Andraiméide satailít de chuid Réaltra Andraiméide
Andraiméide a Dó dE0 Andraiméide satailít de chuid Réaltra Andraiméide
Abhacréaltra na Foirnéise (E356-G04) dSph/E2 An Fhoirnéis satailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Abhacréaltra na Cíle (E206-G220) dE3 An Chíle satailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Abhacréaltra an Aerchaidéil dE3 An tAerchaidéal
Leon a hAon, nó Leon A (DDO 74) dE3 An Leon satailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Abhacréaltra an tSeiseamháin dE3 An Seiseamhán satailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Leon a Dó, nó Leon B dE0 pec An Leon satailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Abhacréaltra an Bhéir Bhig dE4 An Béar Beag satailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Abhacréaltra an Dragain (DDO 208) dE0 pec An Dragan satailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Abhacréaltra Éilipseach an tSaighdeora (SagDEG) dSph/E7 An Saighdeoir satailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Abhacréaltra an Túcáin dE5 An Túcán satailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Abhacréaltra Chaiseoipé (Andraiméide a Seacht) dSph Caiseoipé satailít de chuid Réaltra Andraiméide
Abhacréaltra Sféaróideach Pheigeasais (Andraiméide a Sé) dSph Peigeasas satailít de chuid Réaltra Andraiméide
Abhacréaltra an Bhéir Mhóir dSph An Béar Mór satailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Réadanna nár sainmhíníodh go soiléir
ainm cineál réaltbhuíon nótaí
Willman a hAon abhacréaltra sféarúil, nó réaltbhraisle chruinneogach? An Béar Mór faoi 147,000 solasbhliain dínn
Andraiméide a Ceathair Irr? Andraiméide is dócha nach réaltra é seo ar aon nós
UGC-A 86 (0355+66) Irr, dE nó S0 An Sioráf
UGC-A 92 (EGB0427+63) Irr nó S0 An Sioráf
Réaltraí ar dócha nach baill den Ghrúpa iad
ainm cineál réaltbhuíon nótaí
GR 8 (DDO 155) Im V An Mhaighdean
IC 5152 IAB(s)m IV An tIndiach
NGC 55 SB(s)m An Dealbhóir
Abhacréaltra an Uisceadóra (DDO 210) Im V An tUisceadóir
NGC 404 E0 nó SA(s)0- Andraiméide
NGC 1569 Irp+ III-IV An Sioráf
NGC 1560 (IC 2062) Sd An Sioráf
Sioráf A Irr An Sioráf
Abhacréaltra na Loinge Irr An Chíle
2318-42 Irr An Chorr
UKS 2323-326 Irr An Dealbhóir
UGC 9128 (DDO 187) Irp+ An tAoire
Palomar a Dó Déag (Abhacréaltra an Ghabhair) An Gabhar Braisle chruinneogach a bhí aicmithe ina habhacréaltra sféaróideach roimhe seo
Palomar a Ceathair (an chéad ainm a bhí air ná Abhacréaltra an Bhéir Mhóir) An Béar Mór Braisle chruinneogach (roimhe seo, shíltí gur abhacréaltra sféaróideach a bhí ann)
Seiseamhán C