Na hÉisc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Na hÉisc
na hÉisc
na hÉisc
Ainm Laidine (IAU)Pisces
NodPsc
Ginideach LaidinePiscium
Siombalaíochtna hÉisc
Dronairde1 h
Diallas15°
Achar889 céim cearnach
Céim 14ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
0
Réalta is gileη Psc
(méid 3.6)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −65°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Samhain an infheictheacht is fearr

Is réaltbhuíon an stoidiaca í na hÉisc (♓). Pisces an t-ainm Laidine a thugtar uirthi, a chiallaíonn éisc. Tá na hÉisc suite idir an tUisceadóir, atá ar an taobh thiar di, agus an Reithe, atá ar an taobh thoir dí.

Tá na hÉisc doiléir go maith mar réaltbhuíon; níl an réalt is gile, η Psc, ach ar méid 3.6. Tugtar Okda, a chiallaíonn "an snaidhm," agus Alrisha, a chiallaíonn "an corda," mar ainmneacha ar α Psc, ós rud é gurbh í seo an snaidhm a cheangail an dá iasc le chéile de réir na réalteolaithe Arabacha.


Príomhghnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réada suntasacha domhainspéire[cuir in eagar | athraigh foinse]


Stair agus miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léiríonn an réaltbhuíon seo dhá rud scothchruinn, agus an dá chuid le chéile ceangailte ar an bpointe céanna ag píosa fada de théad [1] Curtha i gcartlann 2005-04-18 ar an Wayback Machine. Go coitianta feictear mar éisc iad na rudaí seo. Ach má chuirtear san áireamh réaltaí níos doiléire atá infheicthe ag an tsúil fhornocht, is dealraitheach le coirp chipíneach iad (agus anois feictear na rudaí scothchruinne mar dhá cheann). De réir cúpla miotas na Sean-Gréige, ní éisc a bhí ann ar chor ar bith ach beirt fhear agus iad ceangailte ar phointe amháin lena gcuid cos. Meastar go coitianta gurbh í réaltbhuíon Iasc an Deiscirt amháin a ionannaíodh le hiasc sna sean-íomhánna.

De réir miotas amháin de chuid na Sean-Gréagach, léiríonn an réaltbhuíon seo na héisc a rinneadh d'Afradaíté is d'Eros agus iad ar teitheadh ón ollphéist Typhon (a ionannaítear sa leagan seo le réaltbhuíon an Mhíl Mhóir). Léirítear an dá iasc go minic agus iad ceangailte le chéile ar chorda chun nach scarfadh ó chéile iad.

De réir leagain eile, tuigtear go bhfuil an snaidhm in Ifreann, ós rud é go bhfuil sí faoin éiclipteach; is cosúil gur éirigh le ceann amháin den dá iasc a éalú, agus go bhfuil an ceann eile ag dul ar ais go hIfreann; mar sin de, is dócha go bhfuil baint éigin ag an réaltbhuíon seo (i dteannta an Mhíl Mhóir, atá ina réaltbhuíon eile ar chomhartha stoidiaca na nIasc) le bunús mhiotas fhuadach Cheirbearais, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.

Astralaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní hionann comhartha astralaíoch na nIasc a nglacann an Domhan Thiar leis agus an réaltbhuíon réalteolaíoch is an comhartha astralaíoch Hiondúch atá ar aon ainm leis. Tá an chéad cheann ar an stoidiaca trópaiceach (Feabhra 19 - Márta 20) agus tá an dara ceann ar an stoidiaca réaltach (Márta 12 - Aibreán 18).

Is áitreabh Iúpatair í réaltbhuíon na nIasc agus ardú Véineas. Is iomaí astralaithe nua-aimseartha a ghlacann leis an bpláinéad Neiptiún (a aimsíodh sa bhliain 1846) mar phláinéad ceannasach nó phláinéad comh-cheannasach na nIasc. Tá an réaltbhuíon seo ar cheann de na ceithre chomhartha inathraithe (i dteannta an Chúpla, na Maighdine agus an tSaighdeora).

Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Na cosa a rialaíonn réaltbhuíon na nIasc. Tá baint aici chomh maith le dara teach déag na tuismeá, agus mar sin de rialaíonn sí drugaí, rúin agus institiúidí móra, mar phríosúin, ospidéil, agus fiú amháin eagraíochtaí tráchtála nó rialtais.


I dtacsanomaíocht chlasaiceach na míoleolaíochta, tugtar Pisces mar ainm eolaíoch ar fhoraicme éigin - foraicme parafhíliginiteach, mar a cruthaíodh. Féach fosta iasc.

Réaltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Réalteolaíocht | Réaltbhuíonta an Stoidiaca | Astralaíocht

an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc


Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir