Fear na bPéisteanna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fear na bPéisteanna
Fear na bPéisteanna
Fear na bPéisteanna
Ainm Laidine (IAU)Ophiuchus
NodOph
Ginideach LaidineOphiuchi
Siombalaíochtiompróir péiste
fear leighis
Dronairde17 h
Diallas
Achar948 céim cearnach
Céim 11ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
5
Réalta is gileRasalhague (α Oph)
(méid 2.1)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +80° agus −80°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Iúil an infheictheacht is fearr

Is ceann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha é Fear na bPéisteanna, agus is ceann é freisin de na 48 seanréaltbhuíon a chuir Tolamaes i gclár sa dara haois. Iompróir na Péiste is brí le Ophiuchus, an t-ainm clasaiceach a thugtar go coitianta ar an réaltbhuíon seo. Is focal Gréigise é sin, áfach. Ba é Serpentarius, a chiallaíonn an rud céanna, an t-ainm a thug na Sean-Rómhánaigh uirthi. Ar réaltbhuíon an stoidiaca (.i. na 13 réaltbhuíon a dtéann an Ghrian tríothu i rith na bliana) is é Fear na bPéisteanna an t-aon cheann amháin nach nglactar leis mar chomhartha astralaíoch.

Léirítear Fear na bPéisteanna mar fhear agus péist mhór lúbarnach (.i. réaltbhuíon na Péiste) ar iompar aige. Roinntear an phéist ina dá chuid trí idirshuíomh Fhear na bPéisteanna, dá ngairtear Ceann na Péiste agus Eireaball na Péiste; ach cuirtear an dá chuid le chéile san áireamh mar aon réaltbhuión amháin.

Príomhghnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • RS Oph: is réalta ró-dhoiléir le spéis an réalteolaí amaitéaraigh a mhúscailt í RS Oph, atá ina ball de rang réaltaí aisteacha dá ngairtear nóvaí ateagmhasacha. Is réaltaí iad a méadaíonn a ngile faoina céadta ó am go ham i rith tréimhse cúpla lá

Réada suntasacha domhainspéire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear a lán réaltbhraislí ar an réaltbhuíon seo: ina measc IC 4665, NGC 6633, M9, M10, M12, M14, M19, M62 agus M107, chomh maith leis an réaltnéal IC 4603-4604. Tá an réaltra dúbailte corr NGC 6240 freisin ar réaltbhuíon Fhear na bPéisteanna.

Miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ionannaítear Fear na bPéisteanna leis an bhfear leighis scéalaíochta Asclepius, a d'fhoghlaim rúnda an tsaoil is an bháis ó dhá phéist: mharaigh Asclepius péist amháin ach leigheas péist eile í trí luibheanna a chur uirthi agus tógadh ó mhairbh í.

De réir cuntais eile, thóg an ceinteár Céarón mar a mhac féin é agus d'fhoghlaim Asclepius leigheas ó. Is dócha go bhfuil baint éigin anseo le réaltbhuíon an tSaighdeora atá in aice láithreach. In aimsir na Rómhánach, d'ionannaítí an Saighdeoir ó am go chéile le Céarón (a ionannaítear go coitianta le réaltbhuíon an Cheinteáir).

Ar eagla go mairfeadh an cine daonna go deo faoi aire Asclepius, mharaigh Séas faoi dheireadh é le saighneán, ach d'aistrigh sé ar neamh é chun onóir a thabhairt dá chuid dea-ghníomhacha.

Is deacair, áfach, dealramh fir a aimsiú ar na réaltaí seo gan iarracht mhór a dhéanamh, ós rud é go bhfuil an fear ag iomrascáil leis an bpéist. Anois is arís ionannaítear cúpla réalta faoi bhásta an fhir le corp na péiste. Dá bharr sin is deacair idirdhealú cruinn a dhéanamh ar an dá réaltbhuíon.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Líníocht le Johannes Kepler a thaispeánann suíomh an stella nova (.i. réalta nua) ar chos Fhear na bPéisteanna.

Mar a dúradh cheana, bhí aithne ar an réaltbhuíon seo ag lucht an tseansaoil agus chuir Tolamaes i gclár í i measc na 48 seanréaltbhuíon. Ó am go chéile thugtaí Serpentarius uirthi, leagan Laidine dá hainm.

Is é an teagmhas neamhaí is tábhachtaí a tharla ar an réaltbhuíon seo ná an t-ollnóva sa bhliain 1604, dá ngairtear fosta Réalta Kepler. Aimsíodh an pléascadh neamhaí seo don chéad uair ar 9 Deireadh Fómhair 1604 in aice le θ Oph. Bhreathnaigh Johannes Kepler don chéad uair é ar 16 Deireadh Fómhair, ach rinne sé a oiread sin staidéar air gur ainmníodh an t-ollnóva as ina dhiaidh sin. D'fhoilsigh sé cur síos ar an ollnóva sa leabhar dá ngairtear De stella nova in pede Serpentarii ("Faoin Réalta Nua ar Chos Fhear na bPéisteanna"). Bhain Galileo úsáid as an réalta seo agus a taispeánadh gearr chun chur in aghaidh an dogma Arastotaileach sin a dhearbhaigh go raibh na spéartha neamhathraitheach.

Níor tharla an t-ollnóva seo ach 32 bliana i ndiaidh ollnóva eile ar Chaiseoipé a bhreathnaigh Tycho Brahe; tharla an t-ollnóva is deireanaí roimhe sin sa bhliain 1054 ar réaltbhuíon an Tairbh (féach Réaltnéal an Phortáin). Tar éis Réalta Kepler, níor breathnaíodh aon ollnóva eile go dtí an bhliain 1987, agus níor aimsíodh an t-ollnóva sin ar Bhealach na Bó Finne ach ar Scamall Mór Magellan (féach Ollnóva 1987a).


Astralaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa dara haois, d'áirigh Tolamaes 29 réalta ar réaltbhuíon Fhear na bPéisteanna. Bhí a fhios aige go raibh an mhórchuid de na réaltaí siúd lastuaidh den éiclipteach (.i. cúrsa na Gréine trasna na spéire); thuig sé, áfach, go raibh ceithre chinn acu laisteas den éiclipteach (dá ngairtear inniu 36 Oph, 42 nó θ Oph, 44 Oph agus 51 Oph). Fágann sin go dtéadh an Ghrian trí réaltbhuíon Fhear na bPéisteanna de réir mar a d'aithin Tolamaes í. Dar leis na hastralaithe, áfach, ní théann an feiniméan sin siar ach go dtí an bhliain 1930 nuair a shocraigh an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta teorantacha na réaltbhuíonta, ach ní fíor dóibh.

Is é an fáth nach bhfuil Fear na bPéisteanna ar stoidiaca astralaíoch an Domhain Thiar ná go bhfuil an stoidiaca sin bunaithe ar an smaoineamh go gcaitheann an Ghrian an tamall céanna ar chomhartha astralaíoch éigin agus a chaitheann sí ar gach comhartha eile. Tosaíonn an stoidiaca seo ar Thúsphointe Aries (.i. suíomh na Gréine ag am chónocht an earraigh in aimsir Tholamaes), agus tugtar stoidiaca trópaiceach air. Is tábhachtach an rud é idirdhealú a dhéanamh ar an stoidiaca seo agus an stoidiaca réaltach atá bunaithe ar shuímh féin na réaltaí ar an spéir.


Réaltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23567-X.



Réalteolaíocht | Réaltbhuíonta an Stoidiaca | Astralaíocht

an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc


Réaltbhuíonta a d'athraigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille san 18ú aois

an Long | roinnte mar seo: | an Chíle | Deireadh na Loinge | Compás an Mhairnéalaigh | na Seolta
an Teileascóp | curtha i gceann a chéile ó chodanna díobh seo: | an Saighdeoir | Coróin an Deiscirt
an Abhainn | roinnte mar seo: | an Abhainn | an Fhoirnéis
an Compás | curtha i geann a chéile ó chodanna díobh seo: | an Ceinteár | an Faolchú


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir