Jump to content

Scorpius (réaltbhuíon)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An Scairp)
Scorpius (réaltbhuíon)
an Scairp
an Scairp
Ainm Laidine (IAU)Scorpius
NodSco
Ginideach LaidineScorpii
Siombalaíochtan Scairp
Dronairde17 h
Diallas−40°
Achar497 céim cearnach
Céim 33ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
9
Réalta is gileAntares (α Sco)
(méid 0.96)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +40° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Iúil an infheictheacht is fearr

Ceann de réaltbhuíonta an stoidiaca is ea an Scairp(♏). Scorpius, a chiallaíonn scairp, an t-ainm Laidine a thugtar go coitianta uirthi. De réir astralaíochta thiar, gairtear "Scorpio" di. Tá sí suite idir an Mheá, atá ar an taobh thiar di, agus an Saighdeoir, atá ar an taobh thoir di. Is réaltbhuíón mhór í, lonnaithe ar an leathsféar neamhaí theas in aice lár Chóras Bhealach na Bó Finne.

Príomhghnéithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réada suntasacha domhainspéire

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De bharr shuíomh na Scairpe ar Bhealach na Bó Finne, is iomaí réad domhainspéire atá le feiceáil ar an réaltbhuíon seo, ina measc:

  • M7: réaltbhraisle oscailte

Miotaseolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sárchosúlacht ag an Scairp leis an araicnid atá ar aon ainm léi; is furasta ruball na Scairpe a thabhairt i ngrinneas, agus corp doiléir a aithint leis [1] Curtha i gcartlann 2005-05-26 ar an Wayback Machine. De réir mhiotaseolaíocht na Gréige, léiríonn an réaltbhuion seo an scairp a chuir Gaia (nó an bandia Héire, b'fhéidir) chun an sealgaire Oiríon (miotaseolaíocht a mharú; tháinig an scairp aníos ón talamh ar ordú an bhandé. Cé go bhfuil an Scairp agus Oiríon le chéile sa mhiotas seo, is beag nach bhfuil réaltbhuíon an Bhodaigh (.i. Oiríon) díreach os comhair na Scairpe ar spéir na hoíche. Deirtear go ndearna Séas an réamh-aire seo nuair a d'ardaigh sé an dá cheann ar an spéir ionas nach dtoseofaí arís ar an naimhdeas ar neamh.

De réir leagain eile, áfach, ba é Apalló a chuir an scairp ar lorg Oiríon, ar mhéad a éada tar éis d'Artaimís a bheith ag giollamas leis an sealgaire. Níos déanaí, chun leorghníomh a dhéanamh sa choir, thug Apalló cúnamh d'Artaimís íomhá Oiríon a chrochadh ar spéir na hoíche. Crochadh an scairp ar an spéir chomh maith, áfach, agus gach uair a éiríonn sí thar an léaslíne, téann Oiríon faoi ar an taobh eile den spéir, ag rith go síoraí óna ionsaitheoir.

Tá an Scairp páirteach chomh maith i leagan amháin de mhiotas Faetón, mac amaideach Héilias (nó Apalló) ar thug a athair cead dó carbad na gréine a thiomáint ar feadh lae. Bhí na capaill ó smacht cheana féin nuair a scanraigh siad roimh an scairp mhór neamhaí agus a ruball ainlithe ar an aer ar tí cealgtha. D'imigh an carbad ó smacht ar an ngasúr neamhchleachtadh agus d'imigh an ghrian i bhfiáin trasna na spéire. Faoi dheireadh, leag Séas le saighneán é chun stop a chur leis an scrios a bhí á dhéanamh ar an Domhan aige, agus thit Faetón isteach san Eirideanas (.i. réaltbhuíon na hAbhann).

De réir mhiotaseolaíocht na Síne, is leis an Dragan Gormghlas na réaltaí seo de chuid na Scairpe; créatúr cumhachtach dea-mhéineach a bhí sa dhragan sin, a bhfógraíodh a éirí teacht an earraigh.

Ní hionann comhartha astralaíoch na Scairpe a nglacann an Domhan Thiar leis agus an réaltbhuíon réalteolaíoch is an comhartha astralaíoch Hiondúch atá ar aon ainm leis. Tá an chéad cheann ar an stoidiaca trópaiceach (Deireadh Fómhair 23 - Samhain 21) agus tá an dara ceann ar an stoidiaca réaltach (Samhain 23 - Nollaig 19).

De réir cosmeolaíochtaí áirithe, tá baint éigin ag an Scairp le dúil chlasaiceach an Uisce, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha an uisce í (mar aon leis an bPortán agus na hÉisc). Tá sé ceann de na ceithre chomharthaí inathraithe (chomh maith leis an Cúpla nó Gemini, an MhaighdeanVirgo, agus na hÉiscPisces). Tá an Scairp freisin ar cheann de na ceithre chomhartha dhaingne (i dteannta an Tairbh, an Leoin, agus an Uisceadóra). Is é an Tarbh is frithchomhartha polach leis. Is é an Scairp áitreabh Mharsa. (Tar éis a aimsithe is é Plútón is pláinéad ceannasach nó comhcheannasach leis an Scairp dar le cuid mhaith ag na hastralaithe nua-aimseartha.)

Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Scairp na baill ghiniúna.

Is é an scairp, an t-iolar, an phéist agus an féinics a úsáidtear mar shiombailí na Scairpe.

Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse acu:
  • AntaresCor ScorpiiKalb al AkrabVespertilio (21/α Sco) 1.06
    < ανταρης [seasann] in aghaidh Airéis/Mharsa
    < cor scorpii croí na scairpe
    < القلب العقرب al-qalb[u] al-caqrab croí na scairpe
    < vespertīlio an sciathán leathair
  • Acrab [Elacrab] nó Graffias [Grafias, Grassias] (féach ξ Sco) (8/β1,2 Sco) – dúbailte 2.56, 4.90
    < العقرب al-caqrab an scairp
  • Dschubba [Al Jabba] nó Iclarkrau (7/δ Sco) 2.29
    < الجبهة al-jabha[h] clár an éadain
    < ? iklil al ´aqrab coróin na scairpe
  • Shaula (35/λ Sco) 1.62
    < الشولاء aš-šawlā´ [an ruball] ardaithe
  • Jabbah [Jabah] (nó Lesath, féach υ Sco) (14/ν Sco) – dúbailte 4.00, 6.30
    < جبهة jabhah clár an éadain
  • Graffias [Grafias] (féach β Sco) (ξ Sco) – ilréalta 4.16, 4.77
  • Alniyat [Al Niyat]
    < النياط an-niyāţ na hartairí
  • Lesath [Lesuth] (υ Sco) 2.70
    اللسعة al-lasca[h] an chealg
  • Jabhat al Akrab
    < جبهة العقرب jabhat[u] al-caqrab clár éadain na scairpe
Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer acu:
γ Sco, féach σ Lib; η Sco 3.32; ι1 Sco 2.99; ι2 Sco 4.78; κ Sco 2.39; μ1 Sco 3.00; μ2 Sco 3.56; 19/ο Sco 4.55; 6/π Sco 2.89; 5/ρ Sco 3.87; 17/χ Sco 5.24; 15/ψ Sco 4.93; 1/b Sco 4.63; 12/c1 Sco 5.67; 13/c2 Sco 4.58; d Sco 4.80; 22/i Sco 4.79; k Sco 4.83; 2/A Sco 4.59; A Sco 3.19; H Sco 4.18; N Sco 4.24; Q Sco 4.26
Réaltaí a bhfuil ainmneacha Flamsteed acu:
3 Sco 5.87; 4 Sco 5.63; 11 Sco 5.75; 16 Sco 5.43; 18 Sco 5.49 – leathchúpla na gréine; 24 Sco 4.91; 25 Sco 6.72; 27 Sco 5.48
Réaltaí suntasacha eile:

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Réalteolaíocht | Réaltbhuíonta an Stoidiaca | Astralaíocht

an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc


Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Réaltbhuíonta a d'athraigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille san 18ú aois

an Long | roinnte mar seo: | an Chíle | Deireadh na Loinge | Compás an Mhairnéalaigh | na Seolta
an Teileascóp | curtha i gceann a chéile ó chodanna díobh seo: | an Saighdeoir | Coróin an Deiscirt
an Abhainn | roinnte mar seo: | an Abhainn | an Fhoirnéis
an Compás | curtha i geann a chéile ó chodanna díobh seo: | an Ceinteár | an Faolchú


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir