Iolar
Appearance
Accipitridae | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Accipitriformes |
Fine | Accipitridae Vieillot, 1816 |
Is ainm coitianta ar go leor éan creiche mór san fhine Accipitridae é iolar. Cuimsíonn na hiolair roinnt géineas, cuid acu gar i ngaol lena chéile. Is ón Eoráise agus ón Afraic an chuid is mó de na 60 speiceas iolar. Lasmuigh den limistéar seo, ní féidir ach 14 speiceas a fháil — dhá cheann i Meiriceá Thuaidh, naoi gcinn i Meiriceá Láir agus Theas, agus trí cinn san Astráil.
Ní grúpa tacsanomaíochta iad na hiolair; úsáidtear an téarma ar aon chineál éin atá mór go leor chun veirteabraigh mhóra (thart ar 50 cm ar fad nó níos mó) a sheilg.
Samplaí de logainmneacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Nead an Iolair, Contae Chorcaí
- Starraic an Iolair, Ciarraí
- Sliabh an Iolair, Ciarraí
- Cnocán an Iolair, Baile Átha Cliath
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |