An Chuileog

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Le haghaidh an ghéineis bhitheolaígh Musca, féach Cuil.
An Chuileog
an Chuileog
an Chuileog
Ainm Laidine (IAU)Musca
NodMus
Ginideach LaidineMuscae
Siombalaíochtan Chuileog
Dronairde12 h
Diallas−70°
Achar138 céim cearnach
Céim 77ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
1
Réalta is gileα Mus
(méid 2.69)
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +10° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Bealtaine an infheictheacht is fearr

an Chuileog ar cheann de na réaltbhuíonta miona atá le feiceáil ar an sféar neamhaí theas. Tá an réaltbhuíon seo ar cheann den dá réaltbhuíon déag a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir na blianta 1595 agus 1597 ar son an réalteolaí Phléimeannaigh Petrus Plancius. Thug an réalteolaí amaitéarach Gearmánach Johann Bayer isteach ina léarscáil neamhaí Uranometria í sa bhliain 1603.

Príomhghnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]


Réada suntasacha domhainspéire[cuir in eagar | athraigh foinse]


Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad an bheirt mhairnéalach Ollannacha Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman a chruthaigh réaltbhuíon na Cuileoige idir na blianta 1595 agus 1597. Ar an 2 Aibreán 1595 chuir ceithre long chun na farraige ó Texel san Ollainn; ba é sin an chéad loingeas Ollannach a thaistil ar na hIndiacha Thoir. Bhí Keyser mar ardmháta agus ardphíolóta ar bord na loinge Hollandia sa loingeas.

Roimhe sin, áfach, rinne an ministir Pléimeannach Petrus Plancius teagmháil leis. Bhí Plancius ar cheann de bhunaitheoirí Chomhlacht Dúitseach na hIndia Thoir, ach bhí sé ina réalteolaí agus a chartagrafaí chomh maith. Sa bhliain 1589 rinne sé cruinneog neamhaí, ach níorbh fhéidir leis réigiún an phoil neamhaí theas a líonadh toisc nach raibh mórán eolais ar fáil i dtaobh cheantar sin na spéire. Mar sin de, thug sé gléasra réalteolaíoch do Keyser agus mhúin sé é conas é a úsáid chun réaltléarscáil a tharraingt den leathsféar neamhaí theas.

Fuair Keyser bás sa bhliain 1596, ach chríochnaigh a chúntóir Frederick de Houtman (in éineacht le mairnéalach eile, Vechter Willemsz) an léarscáil. Sa bhliain 1597 tháinig an loingeas ar ais go dtí an Ollainn, agus thug de Houtman an léarscáil neamhaí agus réaltchatalóg do Plancius. Bhí 12 réaltbhuíon nua ar an léarscáil agus 135 réalta ar an gcatalóg. Sa bhliain 1592 rinne Plancius cruinneog neamhaí nua a thug isteach na réaltaí agus na réaltbhuíonta nua (chomh maith le réaltbhuíon eile a chruthaigh sé féin, .i. an Colm). Sa bhliain 1603 tháinig na réaltbhuíonta nua amach i gcló don chéad uair ar réaltatlas Uranometria de chuid an réalteolaí amaitéaraigh Gearmánaigh Johann Bayer.

Sa lá atá inniu ann, glacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta le gach ceann de na réaltbhuíonta a chruthaigh Keyser agus de Houtman (féach an bosca thíos) – agus an Chuileog san áireamh. Is é an t-ainm Ollainnise a thug an bheirt mhairnéalach ar an réaltbhuíon seo ná De Vlieghe. An rud is aisti faoi, níor thug Plancius aon ainm ar an réaltbhuíon seo nuair a tharraing sé í ar chruinneog neamhaí sa bhliain 1598. Apis (an focal Laidine ar beach) a thug Johann Bayer uirthi. Ceaptar go ndearna Bayer macasamhail di ó chruinneog neamhaí a rinne Jodocus Hondius sna blianta 1600 agus 1601, ach d'aithin Bayer mar bheach seachas cuileog í.

Miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ós rud é gur réaltbhuíon nua-aimseartha í an Chuileog, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht léi.

Réaltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


An 12 réaltbhuíon a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir 1595 agus 1597 agus a thug isteach Johann Bayer ina léarscáil neamhaí Uranometria sa bhliain 1603

an Caimileon | an Colgán | an Chorr | an Chuileog | Éan Parthais | an Féinics | an tIasc Eitilte | an tIndiach | | an Phéacóg | an Phéist Bheag | Triantán an Deiscirt | an Túcán


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir