An Béar Mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Béar Mór
an Béar Mór
an Béar Mór
Ainm Laidine (IAU)Ursa Major
NodUMa
Ginideach LaidineUrsae Majoris
Siombalaíochtan béar mór
Dronairde10.67 h
Diallas55.38°
Achar1280 céim cearnach
Céim 3ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
6
Réalta is gileAlioth (ε UMa)
(méid 1.7)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −30°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Aibreán an infheictheacht is fearr

Is réaltbhuíon é an Béar Mór (an Camchéachta, an Céachta, nó an tSeisreach) atá infheicthe i rith na bliana ó gach áit ar leathsféar thuaidh an Domhain. Ursa Major an t-ainm Laidine a thugtar air, a chiallaíonn an béar is mó. Baineann an realtbhuíon seo le miotas Callisto.

Ainmneacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comhdhéanann na seacht réalta is gile dá chuid an astaireacht cháiliúil sin dá ngairtear in Éirinn agus sa Bhreatain an Camchéachtaan Céachta (.i. the Plough as Béarla). As Gaeilge, tugtar an tSeisreach freisin air, a chiallaíonn an rud céanna. San am atá thart, thugtaí an seanainm Charles's Wain air, a chiallaíonn "Vaigín Shéarlais Mhóir". Baintear úsáid as an ainm seo i gCríoch Lochlann sa lá atá inniu ann: Karlavagnen.

Ceaptar gurbh é an bhunbhrí don ainm coitianta Gearmánach seo ná vaigín na mbodach (the churls' wagon, as Béarla) i gcomórtas le vaigín na mban (.i. an Béar Beag). Seans ann, áfach, gur ainmníodh as Séarlas Mór é, mar a dúradh thuas. Sa Rómáin, tugtar Carul Mare ("Vaigín Mór"), i gcomórtas le Carul Mic ("Vaigín Beag"), nó an Béar Beag.

I Meiriceá Thuaidh tugtar an Liach Mhór (The Big Dipper) go coitianta air, toisc go gcomhdhéanann na réaltaí is gile dá chuid imlíne léiche móire.

I ré na Sean-Róimhe tugadh Septentriones go coitianta ar seacht réalta an Chéachta. As Laidin, ciallaíonn an focal seo "seacht ndamh an chéachta", ach "an tuaisceart" ab fhíorbhrí leis. Anois is arís, thugtaí an t-ainm céanna ar na seacht réalta a chomhrinne astaireacht na Léiche Bige ar réaltbhuíon an Bhéir Bhig in aice láithreach.

Sa réalteolaíocht Hiondúch, tugtar (Vrihat) Sapta Rishi air, a chiallaíonn "na Seacht Saoithe (Móra)".

Príomhghnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • an Liach Mhór: Ó cheann na Léiche Móire go dtí an lámh, ainmnítear na seacht réalta Dubhe, Merak, Phecda (nó Phad), Megrez, Alioth, Mizar, agus Alkaid (nó Benetnash), agus tugtar an chéad seacht ainm Bayer faoi seach dóibh: Alfa, Beta, Gamma, Delta, Epsilon, Zeta agus Eta Ursae Majoris. Is neamhghnách an dáileadh seo d'ainmneacha Bayer, toisc go dtugtar an litir α go coitianta ar an gcéad nó an dara réalt is gile ar an réaltbhuíon. Is í Alioth, áfach, dá ngairtear freisin ε UMa, an réalt is gile ar an mBéar Mór.
  • Réaltaí Treoracha: tugtar na Réaltaí Treoracha ar an dá réalta dá ngairtear freisin Dubhe agus Merak, a chomhdhéanann ceann amháin den Chéachta, toisc go dtaispeánann siad treo na Réalta Thuaidh, nó Polaris. Tá an fad uilleach idir Dubhe agus Polaris cúig huaire chomh mór leis an bhfad uilleach idir Merak agus Dubhe. Taispeánann an Céachta freisin an bealach chuig réaltaí agus réaltbhuíonta éagsúla eile. Mar shampla, lean den lámh go dtí a deireadh agus ansin lean den chúrsa céanna agus sroichfidh tú Arcturus (α Boötis) agus Spica (α Virginis). Is féidir é seo a chuimhneamh le cabhair ón gcuimhneolaíocht seo a leanas: "Lean den arc chuig Arcturus agus sín é chuig Spica." Is féidir an Céachta a úsáid freisin chun an treo a aimsiú chuig Capella (α Aurigae) agus chuig réaltbhuíon an Chúpla.
  • Trí Léim na Gasaile: I dteannta an Chéachta, tá astaireacht eile ar réaltbhuíon an Bhéir a thagann ó sheanchas Arabach – .i. "trí léim na gasaile", sraith trí phéire réaltaí ina líne, a fhaightear le taobh theorainn thiar theas na réaltbhuíne, méara coise an bhéir:
    • ν agus ξ UMa, Alula Borealis agus Alula Australis, an "chéad léim" – is déréalta í ξ UMa
    • λ agus μ UMa, Tania Borealis agus Tania Australis, an "dara léim"
    • ι agus κ UMa, Talitha Borealis agus Talitha Australis, an "tríú léim"

Réada suntasacha domhainspéire[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tá an iomaí réaltra geal le feiceáil ar réaltbhuíon an Bhéir Mhóir, ina measc M81 (Réaltnéal Bode, atá ar cheann de na réaltraí is gile sa spéir) agus M82 atá in aice le chéile os cionn cheann an Bhéir, agus M101, réaltra bíseach álainn ar an taobh thiar thuaidh de η UMa dá ngairtear Réaltra an Rotha Phionnaí. Tá amuigh is istigh ar 50 réaltra ar an réaltbhuíon seo atá infheicthe trí theileascóip amaitéaracha, agus an chuid is mó díobh níos doiléire ná an 10ú méid.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Béar Mór ar na 48 réaltbhuíon atá ar chatalóg Tholamaes. Tá sé freisin ar na réaltbhuíonta is fearr a bhfuil eolas go fada leitheadach orthu, agus é a bheith luaite ag filí mar Hóiméar, Spenser, Shakespeare, agus Tennyson. Tá sé luaite freisin in eipic na Fionlainne dá ngairtear an Kalevala, agus léirigh an t-ealaíontóir Vincent Van Gogh an Céachta i bpictiúr dá chuid dá ngairtear Oíche Réaltach Os Cionn na Rhone.

Le linn ré na sclábhaíochta i nDeisceart Domhain Stáit Aontaithe Mheiriceá, chomhairlítí do na sclábhaithe a bhí ag iarracht éalú chuig Tuaisceart na bPoncán "an buidéal mealbhacáin a leanúint" ("to follow the gourd", .i. an Liach Mhór thimpholacha) chun na saoirse.

Miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar feadh na haimsire ionannaítear an réaltbhuíon seo le béar ag sibhialtachtaí éagsúla ar fud an Domhain. I miotaseolaíocht na Gréige tá baint éigin ag an Béar Mór, i dteannta an Bhéir Bhig in aice láithreach, le bunús mhiotas Callisto.

Níos luaithe ná sin, áfach, ní béar a bhí ann ar chor ar bith de réir mhiotaseolaíocht na Gréige; ina áit sin, ionannaíodh na trí réalta gheala atá suite ar an eireaball (.i. Alioth, Mizar agus Alkaid) le húlla ag fás ar chrann (uaireanta léirígh na réaltaí eile is doiléire de chuid na réaltbhuíne an crann). San am céanna, comhcheanglaíodh na réaltaí de chuid an Bhéir Bhig leis na Heispirídí. Seans ann, mar sin de, go bhfuil baint éigin ag an dá ghrúpa réaltaí seo, i dteannta na Meá, an Aoire agus an Dragain, le bunús mhiotas úlla na Heispirídí, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.

Réaltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
  • α/50 UMa 1.81: DubheDubhDubbThahr al Dubh al AkbarAk
    < ظهر الدب الأكبر (Araibis z̧ahr ad-dubb al-akbar) = Droim an Bhéir is Mó
  • β/48 UMa 2.34: MerakMirak
    < ? (Araibis al-maraqq) = an Leasrach (?an Cliathán) [de chuid an Bhéir]
  • γ/64 UMa 2.41: PhadPhecdaPhegdaPhekhaPhacd
    < الفخذ الدب (Araibis al-faxð al-dubb) = Ceathrú an Bhéir
  • δ/69 UMa 3.32: MegrezKaffa
    < المغرز (Araibis al-maghriz) = Fréamh, nó Ionlocadh, [Eireaball an Bhéir]
  • ε/77 UMa 1.76: AliothAliath
    < ?truailliú den fhocal Araibise al-jawn = "an Capall Dubh", a thugtaí ar dtús ar Mizar (ba iad Mizar agus Alcor "an Capall is an Marcach")
  • < ?truailliú den fhocal al-jawn = "an Capall Dubh", a thugtaí ar dtús ar Mizar. (ba iad Mizar agus Alcor "an Capall is an Marcach")
  • η/85 UMa 1.86: BenetnaschAlkaidElkeid
    < القائد البنات النعش (Araibis al-qā’id al-banāt an-nacš) = Treoraí Iníonacha Cróchair [ba iad na trí réaltaí ar lámh an Chéachta, .i. Alkaid, Mizar agus Alioth, Iníonacha an Chróchair (.i. na Mná Caointeacháin)]
  • ι/9 UMa 3.12: Talitha BorealisTalita BorealisDnocesAlphikra Borealis
    < القفزة الثالثة (Araibis al-qafzat aθ-θāliθah, nó at-tālitah) = an Tríú Léim (de Chuid na Gasaile) + Laidin boreālis = Thuaidh
    < Béarla second = Dara [litrithe ar gcúl]
    < الفقرة الثالثة (Araibis al-fiqra[h]) = an Veirteabra
  • κ/12 UMa 3.57: Talitha AustralisAl KaprahAlphikra Australis
    < القفزة الثالثة (Araibis al-qafzat aθ-θāliθah) = an Tríu Léim (de Chuid na Gasaile) + Laidin austrālis = Theas
    < truailliú den fhocal القفزة (Araibis al-qafzah) = an Léim
    < الفقرة الثالثة (Araibis al-fiqra[h]) = an Veirteabra
  • λ/33 UMa 3.45: Tania BorealisAlkafzah Borealis
    < القفزة الثانية (Araibis al-qafzat aθ-θāniyah, nó at-tāniyah) = an Dara Léim (de Chuid na Gasaile) [القفزة ina aonar is ea al-qafzah] + Laidin boreālis = Thuaidh
  • μ/34 UMa 3.06: Tania AustralisAlkafzah Australis
    < القفزة الثانية (Araibis al-qafzat aθ-θāniyah, nó at-tāniyah) = an Dara Léim (de Chuid na Gasaile) [القفزة ina aonar is ea al-qafzah] + Laidin austrālis = Theas
  • χ/63 UMa 3.69: AlkafzahAlkaphrahEl Koprah
    < القفزة (Araibis al-qafzah) = an Léim (de Chuid na Gasaile)
Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
α/50 UMa 1.81; β/48 UMa 2.34; γ/64 UMa 2.41; δ/69 UMa 3.32; ε/77 UMa 1.76; ζ/79 UMa – dúbailte 2.23 & 3.95; η/85 UMa 1.86; θ/25 UMa 3.17; ι/9 UMa 3.12; κ/12 UMa 3.57; λ/33 UMa 3.45; μ/34 UMa 3.06; ν/54 UMa 3.49; ξ/53 UMa – dúbailte 3.79, 4.41; ο/1 UMa 3.35; π¹/3 UMa 5.64; π²/4 UMa 4.59; ρ/8 UMa 4.74; σ¹/11 UMa 5.15; σ²/13 UMa 4.80; τ/14 UMa – dúbailte 4.67, 4.7; υ/29 UMa 3.78; φ/30 UMa 4.59; χ/63 UMa 3.69; ψ/52 UMa 3.00; ω/45 UMa 4.66; b/5 UMa 5.72; c/16 UMa 5.18; d/24 UMa 4.54; e/18 UMa 4.80; f/15 UMa 4.46; h/23 UMa 3.65; A/2 UMa 5.47
Réaltaí a bhfuil ainmneacha Flamsteed orthu:
1/ο UMa 3.35; 2/A UMa 5.47; 3/π¹ UMa 5.64; 4/π² UMa 4.59; 5/b UMa 5.72; 6 UMa 5.57; 8/ρ UMa 4.74; 9/ι UMa 3.12; 10 UMa 3.96; 11/σ¹ UMa 5.15; 12/κ UMa 3.57; 13/σ² UMa 4.80; 14/τ UMa – dúbailte 4.67, 4.7; 15/f UMa 4.46; 16/c UMa 5.18; 17 UMa 5.28; 18/e UMa 4.80; 22 UMa 5.77; 23/h UMa 3.65; 24/d UMa 4.54; 25/θ UMa 3.17; 26 UMa 4.47; 27 UMa 5.15; 28 UMa 6.51; 29/υ UMa 3.78; 30/φ UMa 4.59; 31 UMa 5.27; 32 UMa 5.74; 33/λ UMa 3.45; 34/μ UMa 3.06; 35 UMa 6.32; 36 UMa 4.82; 37 UMa 5.16; 38 UMa 5.12; 39 UMa 5.79; 40 UMa 7.22; 41 UMa 6.34; 42 UMa 5.57; 43 UMa 5.66; 44 UMa 5.12; 45/ω UMa 4.66; 46 UMa 5.02; 47 UMa 5.03; 48/β UMa 2.34; 49 UMa 5.06; 50/α UMa 1.81; 51 UMa 6.01; 52/ψ UMa 3.00; 53/ξ UMa – dúbailte 3.79, 4.41; 54/ν UMa 3.49; 55 UMa 4.76; 56 UMa 4.99; 57 UMa 5.30; 58 UMa 5.94; 59 UMa 5.56; 60 UMa 6.09; 61 UMa 5.31; 62 UMa 5.73; 63/χ UMa 3.69; 64/γ UMa 2.41; 65 UMa – dúbailte 6.54, 7.16; 66 UMa 5.83; 67 UMa 5.22; 68 UMa 6.34; 69/δ UMa 3.32; 70 UMa 5.54; 71 UMa 5.82; 72 UMa 7.09; 73 UMa 5.68; 74 UMa 5.37; 75 UMa 6.07; 76 UMa 6.02; 77/ε UMa 1.76; 78 UMa 4.93; 79/ζ UMa – dúbailte 2.23 & 3.95; 80/g UMa 3.99; 81 UMa 5.60; 82 UMa 5.46; 83 UMa 4.63; 84 UMa 5.68; 85/η UMa 1.86; 86 UMa 5.70
Réaltaí suntasacha eile:

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir