Vincent van Gogh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaVincent van Gogh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(nl) Vincent Willem Van Gogh
30 Márta 1853
Zundert, An Ísiltír Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Iúil 1890
37 bliana d'aois
Auberge Ravoux ()
Siocair bháisFéinmharú (Tráma balaistíoch)
Áit adhlacthaAuvers-Sur-Oise Communal Cemetery (en) Aistrigh, B 49°04′31″N 2°10′44″E / 49.0753161°N 2.1789531°E / 49.0753161; 2.1789531
tomb of Vincent and Theo van Gogh (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachDúitsigh
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadémie royale des Beaux-Arts (en) Aistrigh
Royal Academy of Fine Arts (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheMonastery of Saint-Paul-de-Mausole (en) Aistrigh
Cuesmes
Maison Van Gogh (en) Aistrigh
Dathán gruaigeFolt rua
Gníomhaíocht
Réimse oibrePéintéireacht
Suíomh oibre Auvers-sur-Oise (1890–1890)
Saint-Rémy-de-Provence (1889–1890)
Arles (1888–1889)
Páras (1886–1888)
Antuairp (1885–1886)
Nuenen (1883–1885)
Van Gogh House (en) Aistrigh (1883–1883)
Hoogeveen (1883–1883)
An Háig (1881–1883)
Etten-Leur (1881–1881)
An Bhruiséil (1880–1881)
Maison Van Gogh (en) Aistrigh (1879–1880)
Borinage (1878–1879)
Amstardam (1877–1878)
Dordrecht (1877–1877)
Ramsgate (1876–1876)
Páras (1875–1876)
Londain (1873–1875)
An Háig (1869–1873)
Tilburg (1866–1868)
Etten-Leur
Emmen, Drenthe Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpéintéir, maisitheoir, déantóir priontaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirGoupil agus Cie (1869–1873) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraEalaín tírdhreacha, ábhar neamhbheo, portráid, dreach cathrach, interior view (en) Aistrigh, féinphortráid agus Ealaín Chríostaí
GluaiseachtIarimpriseanachas agus eispriseanachas
Critical catalogue (en) AistrighL'Œuvre de Vincent van Gogh: catalogue raisonné
The New Complete Van Gogh: Fully revised and enlarged edition of the Catalogue raisonné (6 Iúil 1985)
The Complete Van Gogh: Paintings, Drawings, Sketches (en) Aistrigh (1980)
The Complete Paintings of van Gogh (en) Aistrigh (1977) Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidAnton Mauve agus Constantinus Cornelis Huysmans
Mac/iníon léinnAntoon Hermans
Faoi thionchar
TeangachaAn Ollainnis agus an Fhraincis
PátrúnTheo van Gogh Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
28 Meitheamh 1964Documenta III Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíSien Hoornik
Margot Begemann Cuir in eagar ar Wikidata
AthairTheodorus van Gogh  agus Anna Carbentus van Gogh
SiblínWil van Gogh, Theo van Gogh, Cor van Gogh, Elisabeth van Gogh agus Anna Cornelia van Gogh
Croineolaíocht
23 Nollaig 1888féindíobháilleft ear (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

IMDB: nm0994883 Discogs: 2238691 IMSLP: Category:Gogh,_Vincent_van Find a Grave: 1055 Cuir in eagar ar Wikidata

Péintéir Iar-Impriseanaíoch Ollannach a bhí i Vincent Willem van Gogh (30 Márta 185329 Iúil 1890). Tá Vincent Van Gogh ar dhuine de na healaíontóirí is mó clú agus cáil ar domhan.

Ach ní raibh sé ach 37 bliain d’aois nuair a chuir sé lámh ina bhás féin. Bhí sé beo bocht lena linn agus ní raibh clú air go dtí roinnt blianta i ndiaidh a bháis.[1]

Ní dhearna sé mórán airgid as an ealaín riamh. Ach sa lá atá inniu ann, is fiú na milliúin euro cuid mhór dár phéinteáil sé. Ní raibh saol sona aige ach oiread mar nach raibh an tsláinte go maith aige, agus bhí dúil rómhór aige san ól, rud a scrios a shláinte ar fad

Van Gogh iin Arles sa bhliain 1888, tiomnaithe do Gauguin

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

1887
1887-1888
1887

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Vincent van Gogh ar an 30 Márta 1853 i Groot-Zundert, san Ísiltír. Bhí a athair Theodorus ina mhinistir Protastúnach. Ba de theaghlach Protastúnach é a raibh an-spéis acu sa reiligiún agus in obair mhisinéireachta.

Ba ealaíontóir í a mháthair Anna. Uaithi a fuair sé an grá agus tallann mhór a bhí aige don ealaín is dócha.[2]

Rugadh Vincent bliain amháin go dtí an lá ó fuair a dheartháir mór bás, a raibh an t-ainm Vincent air fosta.

Bhí beirt deartháireacha, Theo agus Cor aige agus triúr deirfiúracha, Anna, Elizabeth agus Willemien. Bhí sé an-mhór le Theo, agus mhair an cairdeas mór eatarthu go dtí an deireadh.

1889

Margaire ealaíne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí suim ar leith ag an teaghlach san ealaín nuair a bhí sé ag fás aníos ach ní sa phéinteáil féin. Is ag díol pictiúr agus portráidí a bhí siad. Ag aois a 15, bhí deacrachtaí airgeadais ag an teaghlach agus b’éigean do Vincent an scoil a fhágáil agus dul ag obair.  Fuair sé obair le comhlacht ealaíne a uncail sa Háig, Goupil et Cie. Faoin am seo bhí Vincent líofa i gceithre theanga, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Béarla agus an Ollainnis.

Sa bhliain 1873, mar chuid dá obair, chuaigh van Gogh chun cónaí i Londain. Thit sé i ngrá le cultúr Shasana agus bhí dúil mhór aige i scríbhneoireacht Charles Dickens agus George Eliot.

Lusanna gréine, 1888

Nuair a bhí sé i Londain thit sé i ngrá le Eugenie Loyer. D’iarr sé uirthi é a phósadh ach dhiúltaigh sí é. Tháinig gruaim uafásach ar Vincent ina dhiaidh sin.

Bhog sé go Páras sa bhliain 1875, fós le Goupil & Cie. D’éirigh sé feargach le daoine ag an obair agus ba ghnách leis insint do chustaiméirí gan an ealaíon beagluachach a cheannach. Gan mhoill tugadh bata agus bóthar dó.

Thosaigh Van Gogh ag teagasc i scoil buachaillí i Ramsgate sa bhliain 1875, agus ansin Middlesex.

Cráifeach[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhill sé go Dordrecht am Nollag 1876 agus thosaigh sé ag obair i siopa leabhar. D'fhan sé ann sé mhí.

Bhí spéis mhór ag Vincent sa reiligiún agus, de réir a chéile, d’éirigh sé an-chráifeach. Chaith sé ar shiúl gach leabhar a bhí aige ach amháin an Bíobla agus shocraigh sé go gcaithfeadh sé a shaol i seirbhís .

Ba mhian leis a bheith ina mhinistir. Rinne sé staidéar i 1877/1878 le bheith ina mhinistir in Amstardam lena uncail, Johannes Stricker. Ach theip air sna scrúduithe agus tháinig deireadh leis an smaoineamh sin (dhiúltaigh sé na scrúduithe Laidine a dhéanamh is cosúil. Dúirt sé gur teanga mharbh a bhí inti).

Fuair sé post ansin in 1879 sa Petit-Wasme mar "mhisinéir" sa Bheilg.

Ealaíontóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní dheachaigh Vincent Van Gogh leis an bpéinteáil go dtí go measartha mall ina shaol.[1]

I bhFómhair 1880, shocraigh van Gogh ar bhogadh go dtí an Bhruiséil agus ar a bheith ina ealaíontóir. Cé nach raibh aon traenáil fhoirmeálta aige, thosaigh sé ag déanamh staidéar ar an ealaín é féin. D’aontaigh a dheartháir Theo ar chuidiú leis ó thaobh airgid de.

Níor éirigh go rómhaith leis mar ealaíontóir, áfach. Ní raibh mórán spéise ag daoine ann agus shíl go leor daoine go raibh a chuid oibre dorcha agus neamhshuimiúil. D'fhill sé chun Etten i mí Aibreáin 1881 agus d'fhan sé lena thuismitheoirí ann ar feadh tamall.

Bhog Vincent go Páras agus isteach lena dheartháir Theo. Ba ansin a chonaic sé ealaín impriseanaíoch den chéad uair. Rinne sé cairdeas le healaíontóirí eile ar nós Henri de Toulouse-Lautrec, Camille Pissarro agus daoine eile, ach go minic thit sé amach le healaíontóirí eile fosta nuair a rinne sé cáineadh ar a saothar.

Ar thóir na soilse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir van Gogh suim mhór in ealaín na Seapáine agus bhí brionglóid aige taisteal go dtí an tSeapáin.

Dúirt Toulouse-Lautrec leis go raibh an solas i sráidbhaile Arles díreach cosúil leis an solas sa tSeapáin. I Feabhra 1888, chuaigh Vincent ar thraein go deisceart na Fraince agus bhog sé isteach sa “teach buí”.

Bhí an chuma ar an scéal go raibh sé ag péinteáil cuid mhór agus nach raibh na pictiúir chomh dorcha sin níos mó. Chruthaigh sé stíl ar leith a bhí i bhfad níos gile agus níos ildaite, agus bhí na pictiúir deas simplí. Is le linn an ama sin a phéinteáil sé cuid de na pictiúir is mó clú, mar shampla Seomra Leapa in Arles, Lusanna na Gréine agus Joseph Roulin (Fear an Phoist).[1]

Chaith sé a chuid airgid ar phéint agus ní ar bhia. Faoin Nollaig, bhí sé beo ar chaifé, arán agus deoch alcólach darbh ainm apsaint agus tháinig meath mór ar a shláinte fhisiciúil agus mheabhrach.

"Oíche spéirghealaí"

Bhí imní ar a dheartháir Theo agus d’íoc sé an t-ealaíontóir Paul Gauguin as dul go Arles agus súil a choinneáil ar Vincent. Taobh istigh de mhí bhí an bheirt acu ag argóint an t-am ar fad agus d’fhág Gauguin.

7 Eanáir 1889 a rinne sé an pictiúir seo: bhain Vincent van Gogh píosa as a chluas féin ar 23 Nollaig 1888. Aisteach go leor, phéinteáil sé féinphortráid ina dhiaidh sin ina bhfuil an bindealán a chuir sé ar a chluas ghearrtha le feiceáil go soiléir.[3]

Meabhairshláinte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí fadhbanna meabhairshláinte ag Van Gogh agus is iomaí caint a tharraing a shaol príobháideach. Ar an 23 Nollaig 1888, ghearr Van Gogh píosa dá chluas féin de. Ní léir cad a tharla. Cinnte bhí aigne Vincent ina cíor thuathail. Bhí argóint aige le Paul Gauguin agus fuair sé amach timpeall an ama sin go raibh a dheartháir Theo ar tí pósadh agus bhí éad air.[4][5][3]

Tugadh Vincent chuig an ospidéal ach ní raibh sé mar an gcéanna riamh arís. Bhuail gruaim é. Thriail sé pictiúir den dúlra a phéinteáil le dóchas a thabhairt dó ach ba mhinic é ag filleadh ar an ospidéal mar gheall ar a shláinte.

Ní bhfuair sé an chabhair cheart a bhí ag teastáil uaidh.[1] Ar an 27 Iúil 1890, tháinig deireadh tragóideach lena shaol gairid. Chuir van Gogh lámh ina bhás féin sa Fhrainc; scaoil sé é féin sa bhrollach ; fuair sé anbhás, in aois 37 bliain dó.

Ealaíon[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a shaothar i measc na cinn is cáiliúla agus is daoire riamh, mar shampla Lucht Ite Prátaí, Lusanna gréine, An Oíche Réaltach, Feileastraim agus Portráid den Dr. Gachet, srl.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 cogg.ie. "Vincent Van Gogh". Dáta rochtana: 2020.
  2. "Úsáideoir:Mbekur/sandbox" (as ga) (2017-09-28). Vicipéid. 
  3. 3.0 3.1 "Self-Portrait with Bandaged Ear" (as en) (2023-06-19). Wikipedia. 
  4. "The real reason Van Gogh cut off his ear" (en). The Independent (2016-10-31). Dáta rochtana: 2018-12-23.
  5. "Van Gogh 'cut off his ear after learning brother was to marry'" (en). the Guardian (2016-10-31). Dáta rochtana: 2020-12-23.