Impriseanachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Impression, soleil levant le Claude Monet, 1872

Gluaiseacht san ealaín ba ea an Impriseanachas. Thosaigh sé sa Fhrainc i sna 1860idí na naoú haoise déag, bíodh is go raibh réamhghabháil uirthi i radhairc tíre an phéintéara Shinigh Shen Zhou (1427-1509). Gluaiseacht thábhachtach ba ea é sa an Impriseanachas sa 19ú chéad.

Modhanna[athraigh | athraigh vicithéacs]

Stíl ealaíne ba ea an Impriseanachas a rinne iarracht ar thionchar an tsolais ar dhromchlaí éagsúla a ghabháil (go háirithe i suímh amuigh faoin aer) agus ar a bhfeiceann an tsúil ag meandar áirithe a thaifeadadh[1].

Chlaochlaigh an t-impreiseanachas an phéinteáil, ag úsáid dathanna geala agus stríoca scáinte scuaibe.

Renoir - A Girl with a Watering Can, 1876

I gcodarsnacht le réalachas sóisialta phéintéireacht Gustave Courbet (1819-1877) agus eile, pictiúir gheala spéiriúla a rinne na himpriseanaithe, agus iad fíorchoitianta ó shin i leith[2].

Ba é a chuspóir an gnáthshaol a thaifeadadh le húire agus le garchóngaracht láithreach, mar éirí amach i gcoinne an rómánsachais a chothaigh mealladh na déine tochtmhaire san ealaín. Spreag an dul chun cinn sa ghrianghrafadóireacht agus i dtaighde eolaíochta ar an dath agus ar an solas é.

Péintéirí[athraigh | athraigh vicithéacs]

I measc na bpéintéirí a bhain leis, bhí Monet (1840-1926), Pissarro (1830-1903), Sisley, Degas, agus Renoir (1841-1919). Ghlac siad go léir leis na prionsabail ghinearálta a bhain leis an Impriseanachas. Ach ag an am céanna d’fhorbair siad a stíl phearsanta féin[3].

Léirmheastóir a thug an t-ainm orthu tar éis pictiúir de chuid Monet, Impression, soleil levant ("Imprisean": Éirí Gréine), a fheiceáil i 1872. Shéan siad dathanna dorcha na saotharlanna péintéireachta, agus rinne a gcuid péintéireachta amuigh faoin spéir chun iarmhairtí is dathanna lonracha sholas na Gréine ar uisce, crainn, páirceanna, agus mná áille a ghabháil is a léiriú.


Gailearaí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]