Ealaín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Véineas de Milo ar taispeántas i Músaem an Louvre, Páras na Fraince.

Oilteacht an bhunbhrí a bhí le hEalaín sa Ghaeilge. "Cumas oilte gníomh a bhfuil scil ag baint leis agus a mbeidh toradh an ghnímh sin le haithint atá i gceist [...] Tá ciall na cleasaíochta i gceist leis an ealaín fosta agus tá an chiall sin ar cheann de na bríonna is coitianta a fhaightear sa chaint go fóill."[1].

Is é fíor-bhrí na hEalaíne ná tuiscint go bhfuil rud éigin níos mó ná an méid a léirítear go fisiciúil. Fágtar faoin lucht éisteachta/féachana atá sé cinneadh a dhéanamh/cur síos a dhéanamh ar cad é sin. Is foirm scríbhneoireachta í an ealaín. Teachtaireacht is ea scríobhaí a insíonn an t-údar duit an bhrí. Mar sin féin, sa scríbhneoireacht ealaíne insíonn an lucht féachana an teachtaireacht agus mar sin is féidir léirmhínithe gan teorainn a bheith ann.

Dála a comhbhríonna i dteangacha eile, tá an chéad bhunbhrí thuasluaite ag leathnú an t-am ar fad agus sa lá atá inniu ann is ionann 'ealaín' go minic agus táirge ar bith de chuid na samhlaíochta a dhírítear ar an tsamhlaíocht féin.

Ó Athbheochan an Léinn anall ba ghnách san Eoraip na Míndána (i.e. ealaíona na péintéireachta, na líníochta, na dealbhóireachta agus na hailtireachta) a dhealú amach ó na hEalaíona Feidhmeacha, ealaíona a cuireadh i bhfeidhm ar earraí chun iad a mhaisiú; ach bhí seo bunoscionn le dearcadh cultúr agus sibhialtachtaí eile agus le dearcadh na hEorpa féin roimhe sin.

De réir an Choincheapúlachais, fealsúnacht ealaíne a tháinig chun cinn tar éis an Dara Chogadh Domhanda, is féidir le duine ar bith a bheith ina ealaíontóir agus is féidir le rud ar bith a bheith ina théama i saothar ealaíne. Meán chun pearsantacht, braistintí nó spiorad an ealaíontóra a léiriú atá san Ealaín de réir na teoirice seo. Is é an t-ealaíontóir ábhar a chuid ealaíne féin, murab ionann agus an scéal i dtraidisiúin nó i bhfealsúnachtaí ealaíne san am a chuaigh thart. Sainmhíniú de chuid an Iarthar é seo, ar ndóigh, agus gan baint aige le formhór na dtraidisiún eile. Bhí aidhmeanna dá gcuid féin acu siúd. Neamh agus an Domhan a nascadh le chéile ba chuspóir do Phéintéireacht na Síne, mar shampla, agus níor mhór duit dianstaidéar agus dianmhachnamh a dhéanamh roimh duit tabhairt faoin obair.

Anne Vallayer-Coster - Attributes of Painting, Sculpture, and Architecture  (1769, Louvre)

Déantar cineálacha difriúla de léiriú ealaíonta a rangú mar a leanas:

Nádúrachas, agus iarracht á déanamh ar an ábhar a léiriú mar a fheiceann an tsúil é.

Teibíochas, agus an t-ábhar á léiriú trí stíliú agus trí fhíoracha neamhnádúrtha.

Neamh-oibiachtúlachas, agus mothúcháin á spreagadh sa lucht féachana le dathanna agus le fíoracha, díreach mar a dhéanann an ceol.

Teicníochtaí Coitianta Chun Saothair Ealaíne A Dhéanamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cineálacha Ealaíne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]