Músaem

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cuid de Mhúsaeim na Vatacáine

Is éard is músaem (ón Laidin a thagann an focal seo) ann ná foirgneamh ina gcoinnítear sean-nithe: taisí, agus rudaí a bhaineann leis an ré atá caite, idir an luath agus nua-stair maille leis an tréimhse réamhstairiúil. Tugtar iarsmalann ar mhúsaem go minic sa Ghaeilge. (Tá seo bunaithe ar an dá fhocal iarsma, nó mír a fhágtar i ndiaidh ruda, agus an foirceann -lann a chiallaíonn áit no ionad, cf. amharclann).