Camille Pissarro
Camille Pissarro | |
![]() . | |
Ainm Breithe | Jacob Abraham Camille Pissarro |
Breith | 10 Iúil 1830 Indiacha Thiar na Danmhairge |
Bás | 13 Samhain 1903 Páras, an Fhrainc |
Náisiúntacht | Francach |
Ealaíontóir impriseanaíoch Francach a rugadh i St Thomas sna hIndiacha Thiar ab ea Camille Pissarro (10 Iúil 1830 – 13 Samhain 1903). Ceannasaí ar na himpriseanaithe ó thus, an t-aon duine ar léiríodh saothar leis ag gach ceann de 8 léiriú an ghrúpa i bPáras (1874–1886).
Clár ábhair
A óige[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh agus tógadh Pissarro ar St. Thomas in Indiacha Thiar na Danmhairge (Oileáin na Maighdine Mheiriceá innu).
Bhí siopa crua-earraí ag a thuismitheoirí. Portaingéalach a rugadh in Bordeaux na Fraince ab ea a athair. Giúdach ab ea a mháthair. Dhiúltaigh an tsionagóg áitiúil a bpósadh a aithint ar feadh seacht mbliana mar ba chleamhnaithe de nia agus d'aintín iad. Bhí ar a gcuid páistí, Camille san áireamh, freastal ar scoil do pháistí gorma.
D'imigh Camille Pissaro go dtí an Fhrainc sa bhliain 1842, agus é 12 bhliain d'aois chun dul ar scoil in Passy, in aice le Páras. Bhí náisiúntacht Fhrancach agus Dhanmhargach ag Camille.
Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ghlac Pissaro leis na prionsabail ghinearálta a bhain leis an Impriseanachas. Ach ag an am céanna d’fhorbair sé a stíl phearsanta féin.
Bás agus oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'fhág Pissarro a hacmhainn le huacht do dhá phobal ar an oileán: leath don phobal Giúdach agus leath don phobal Protastúnach.
Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Châtaignier à Louveciennes, vers 1870,
Paris, musée d'Orsay.Entrée du village de Voisins, 1872,
Paris, musée d'Orsay.Paysanne poussant une brouette, 1874
(Maison Rondest, Pontoise). Stockholm, Nationalmuseum.Toits rouges, coin d'un village, hiver, 1877
(Côte de Saint-Denis, Pontoise). Paris, musée d'Orsay.La Moisson, 1882,
Tokyo, musée d'art Bridgestone.Félix en jupe 1883
Fondation Bemberg, Toulouse.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |