Veiniséala
Veiniséala | |||||
---|---|---|---|---|---|
Venezuela (es) | |||||
|
|||||
Aintiún | Gloria al Bravo Pueblo | ||||
Ainmnithe in ómós | Simón Bolívar agus An Veinéis | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Caracas | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 28,515,829 (2019) | ||||
• Dlús | 31.27 hab./km² | ||||
Déamainm | Veiniséalach | ||||
Teanga oifigiúil | an Spáinnis teanga chomharthaíochta Veiniséala | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Meiriceá Theas Meiriceá Laidineach Ibéir-Mheiriceá Meiriceá Easpáinneach G3 Free Trade Agreement (en) | ||||
Achar dromchla | 912,050 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | ||||
Pointe is airde | Pico Bolívar (en) (4,978 m) | ||||
Pointe is ísle | Lagunillas (−12 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Gran Colombia (en) agus República de Venezuela (en) | ||||
5 Iúil 1811: (Forógra Saoirse Veiniséala) 30 Márta 1845 | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | córas uachtaránachta agus poblacht chónaidhme | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Cabinet of Venezuela (en) | ||||
Comhlacht reachtach | National Assembly (en) | ||||
• Uachtarán Veiniséala | Nicolás Maduro (2013–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Supreme Tribunal of Justice of Venezuela (en) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | sovereign bolivar (en) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ve | ||||
Glaochód | +58 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 911 agus 171 | ||||
Cód tíre | VE | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | mppre.gob.ve |
Is tír ar chósta thuaidh Mheiriceá Theas é Veiniséala. Spáinnis an teanga oifigiúil. Is é Caracas an phríomhchathair. Ba é Diego de Losada a bhunaigh an chathair i 1567 tar éis dó na pobail áitiúla a threascairt i gcogadh. Meastar go bhfuil daoine ina gcónaí sa réigiún le os cionn deich míle bliain. Cruthaíodh an tír nuair a thit Gran Colombia as a chéile sa bhliain 1830 tar éis do na coilíneachtaí saoirse a bhaint den Spáinn i 1811. Ba sa bhliain 1522 a bunaíodh an choilíneacht Spáinneach agus is í an Spáinnis príomhtheanga na tíre ó shin.
Ba é an cócó príomhtháirge na tíre ar feadh cúpla céad bliain, agus tháinig daoine anois ón Spáinn chun dul i mbun feirmeoireachta. Bhain siad úsáid as sclábhaire ón Afraic chomh maith, agus rinneadh forbairt ar bharraí eile ar nós cadás, siúcra, caife agus tobac. Is cuid thábhachtach de chultúr Veineiséala traidisiúin, ceol agus amhráin na sclábhaithe.
Rinne Francisco de Miranda, a chaith seal in arm na Spáinne, agus a bhí páirteach i gcogadh saoirse Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i Réabhlóid na Fraince, iarracht neamhspleáchas a bhaint amach do Veiniséala, ach ní raibh aird ar bith air, agus níor tháinig gluaiseacht na saoirse chun cinn go dtí gur ghabh Napoleon seilbh ar an Spáinn. D'úsáid lucht rachmais Veiniséala an t-ionradh sin mar leithscéal chun neamhspleáchas a fhógairt i mí Iúil 1811. Bhí Simón Bolívar i measc na réabhlóidithe agus scaip sé soiscéal na réabhlóide ar fud Mheiriceá Theas. Rinne na Spáinnigh iarracht na coilínigh a athghabháil nuair a bhí Napoleon ruaigthe as a dtír féin acu, agus troideadh cogadh fada fuilteach, ach faoi 1821 bhí neamhspleáchas Veiniséala buanaithe.
Tháinig ceannairí éagsúla míleata i gcomharbacht ar a chéile sa tréimhse ar a dtugtar an caudillismo agus bhí cogadh cathardha sa tír idir na coimeádaigh agus na liobrálaigh sna blianta 1859–1863. Ba iad na liobrálaigh a bhuaigh an cogadh sin, ach ba iad na ginearáil a choinnigh an chumhacht.
Sa chuid ba mhó den bhfichiú haois bhí saighdiúirí i gceannas na tíre, ach cuireadh rialtas daonlathach ar bun i 1959. Is é Hugo Chavez an t-uachtaráin atá ann ó 1999. Iarshaighdiúir a rinne iarracht an rialtas a chur dá chois, ach a toghadh go daonlathach ó shin faoi dhó. Cuireadh as oifig é in éirí amach den eite dheis, a fuair tacaíocht ó na Stáit Aontaithe, ach de bharr léirsithe ollmhóra b'éigean don lucht ceannairce cumhacht a ghéilleadh dó arís.
Rinne Chavez dlúthcheangal le rialtas Chúba agus fógraítear go bhfuil "sóisialachas don 21ú haois" i réim sa tír. Bhí an-chuid airgid ag an rialtas mar gheall ar na tobair ola atá go flúirseach inti agus caithtear cuid mhór airgid ar chúinsí sláinte agus oideachais na mbocht a fheabhsú.
Acharl 912,050 ciliméadar cearnach, 30,000 ciliméadar cearnach faoi uisce. Aeráid the theochreasach atá sa tír.
Daonra: 25,375, 281 (2005)
litríocht Veiniséala
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig litríocht Veiniséala chun cinn go luath i ndiaidh ghabháil na Spáinne ar shochaithe dúchasacha réamhliteartha den chuid is mó; bhí sé faoi cheannas tionchair na Spáinne. Tar éis ardú na litríochta polaitíochta le linn Chogadh na Saoirse, tháinig Rómánsachas Veiniséalach chun cinn mar an chéad seánra tábhachtach sa réigiún, a léirigh Juan Vicente González agus Fermin Toro go háirithe. Cé go raibh sé dírithe go príomha ar scríbhneoireacht insinte, chuir filí ar nós Andres Eloy Blanco agus Fermin Toro litríocht Veiniséala chun cinn freisin.
I measc na mórscríbhneoirí agus na húrscéalaithe tá Romulus Gallegos, Teresa de la Parra, Arthur Uslar Pietri, Adriano Gonzalez Leon, Miguel Otero Silva, agus Mariano Picon Salas. Ba iad filí tábhachtacha an 20ú haois Eugenio Montejo agus Rafael Cadenas.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tíortha Mheiriceá Theas |
Airgintín, an | Bholaiv, an | Bhrasaíl, an | Cholóim, an | Eacuadór | Ghuáin, an | Paragua | Peiriú | tSile, an | Suranam | Uragua | Veiniséala |