Simón Bolívar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSimón Bolívar

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(es) Simón José Antonio de la Santísima Trinidad Bolívar Palacios
Beathaisnéis
Breith24 Iúil 1783
Birthplace of Simón Bolívar (Impireacht na Spáinne)
Bás17 Nollaig 1830
47 bliana d'aois
Quinta de San Pedro Alejandrino (Gran Colombia)
Siocair bháisBás nádúrtha (Eitinn agus fiabhras tíofóideach)
Áit adhlacthaPanteon Nacional (en) Aistrigh (1876–)
Caracas Cathedral (en) Aistrigh (1842–1876)
Cathedral of Santa Marta (en) Aistrigh (1830–1842) Cuir in eagar ar Wikidata
1 President of Bolivia (en) Aistrigh
12 Lúnasa 1825 – 29 Nollaig 1825 – Antonio José de Sucre Farell →
Uachtarán Pheiriú
8 Feabhra 1824 – 28 Eanáir 1827
← José Bernardo de TagleAndrés de Santa Cruz →
Uachtarán Gran Colombia (en) Aistrigh
1819 – 1830
President of Venezuela (en) Aistrigh
1 Deireadh Fómhair 1817 – 24 Feabhra 1819 – José Antonio Páez Herrera →
President of Venezuela (en) Aistrigh
7 Lúnasa 1813 – 16 Iúil 1814
← Francisco de MirandaSimón Bolívar → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnRegular Masonic jurisdictions (en) Aistrigh
Áit chónaitheCasa del Vínculo y del Retorno (en) Aistrigh
Ingenio Bolívar (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan Spáinnis
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, oifigeach míleata Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidSimón Rodriguez agus Andrés Bello
TeangachaAn Spáinnis agus an Fhraincis
Gairm mhíleata
Céim mhíleataoifigeach coitianta Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtSpanish American Wars of Independence (en) Aistrigh
Ghlac sé/sí páirt i
24 Meitheamh 1813Admirable Campaign (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileMaría Teresa del Toro y Alayza (1802–1803), bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíManuela Sáenz Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJuan Vicente Bolívar y Ponte  agus María Concepción Palacios Aguirre Ariztía - Sojo Blanco Herrera
SiblínMaría Antonia Bolívar Palacios, Juana Bolívar agus Juan Vicente Bolívar Palacios
Duine muintearthaHipólita Bolívar (foster mother (en) Aistrigh)
Carlos Palacios y Blanco (deartháir máthar)
Esteban Palacios y Blanco (deartháir máthar)
Fernando Bolívar (mac dearthár)
Guillermo Palacios Bolívar (mac deirféar) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Find a Grave: 11917 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Simón Bolívar (nó Simón José Antonio de la Santísima Trinidad Bolívar y Palacios), 24 Iúil 1783 - 17 Nollaig 1830, ina cheannaire réabhlóideach. Bhí ról lárnach ag Bolívar sa pholaitíocht i Meiriceá Theas sa 19ú haois, go háirithe i Veiniséala, Eacuadór, an Bholaiv, Panama agus an Cholóim.

Simón Bolívar, 1800

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Simón Bolívar, 1812

Rugadh Bolívar i gCaracas, Veiniséala ar an 24 Iúil 1783. Phós sé in 1802 ach fuair a bhean bás laistigh de bhliain agus níor phós sé arís. Bhain sé le teaghlach uasal a tháinig ar dtús as Tír na mBascach, agus rinne siad a saibhreas as mianaigh óir agus copair i Veiniséala ó 1632 i leith. Níos déanaí, bhí Bolívar ábalta an saibhreas sin a úsáid chun na cogaí réabhlóideacha i Meiriceá Theas a mhaoiniú.

Fuair Bolívar a chuid oideachais sa bhaile tar éis dá thuismitheoirí bás a fháil, agus bhí an-tionchar ag duine dá mhúinteoirí, Simon Rodriguez, ar an fhear óg.

Simón Bolívar, Torontó - Ceanada

Chuaigh Bolívar chun na Spáinne i 1799 chun bailchríoch a chur ar a chuid oideachais. Ba ann a casadh a bhean, Maria Tereza, air. Chaith sé tamall ag obair do Napoléon Bonaparte.

El Libertador[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhill Bolívar ar Veiniséala i 1807. Bhí sé páirteach sa troid in aghaidh Napoléon nuair a rinneadh rí na Spáinne de Joseph Bonaparte. D'fhógair an 'junta' i gCaracas a neamhspleáchas i 1810. Cuireadh Bolívar go Sasana ar mhisean taidhleoireachta.

I 1813 bhí Bolívar i gceannas ar ionradh míleata ar Veiniséala. Ghabh sé Mérida ar an 23 Bealtaine 1813, agus fógraíodh gurb é an Fuascailteoir (El Libertador) é. Lean cogadh a mhair sé bliana go dtí gur éirigh le Bolívar tír fheidearálach neamhspleách a chruthú darbh ainm Gran Colombia.

Lean an troid in aghaidh na Spáinne ar feadh na mblianta eile. Saoradh Peiriú in 1824.

Ar an 6 Lúnasa 1825 cuireadh Poblacht na Bolaive ar bun in ómós do Bolívar, agus scríobh sé bunreacht don tír nua.

Theastaigh ó Bolívar tír mhór fheidearálach a bhunú a bheadh cosúil le Stáit Aontaithe Mheiriceá ach bhí an oiread sin easaontais ann gur fhógair sé é féin ina dheachtóir ar Gran Colombia i 1828. Lean an t-achrann ar aghaidh áfach. D'éirigh sé as oifig ar an 27 Aibreán 1830.

Fuair Bolívar bás den eitinn ar an 17 Nollaig 1830.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]