An eitinn
Galar is ea an eitinn arb é an baictéar úd Mycobacterium tuberculosis is cúis leis. Ar na scamhóga is minicí a ghoilleann an eitinn, ach is féidir léi dul i bhfeidhm ar bhaill eile den chorp, ar na cnámha nó ar an inchinn mar shampla.
Téarmaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níl trácht ar an eitinn inniu. Ach tubarculóis" nó leagan éigin áitiúil den fhocal chéanna a tugadh ar an eitinn sna teangacha coimhthíocha fadó. Créachta a tugadh ar an eitinn i nGaeilge Uladh.
Vacsaíniú i gcoinne na hEitinne
[cuir in eagar | athraigh foinse]BCG a thugtar ar an vacsaín a thugann díonadh (imdhíonacht) don duine ar an eitinn. Seasann na litreacha sin do Bacillus Calmette-Guérin. Is é atá i gceist leis an BCG ná tréithchineál lagaithe den bhaictéar Mycobacterium bovis, is é sin, baictéar eitinne na mbó. B'iad Albert Calmette agus Camille Guérin, beirt bhaictéareolaithe a bhí ag obair in Institiúid Pasteur i Lille a d'fhorbair an vacsaín i rith bhlianta an Chéad Chogadh Domhanda. Tháinig an vacsaín in úsáid sa chéad uair sa bhliain 1921, ach níor éirigh sí coitianta ach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.
Tionchar an ghalair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an eitinn forleathan go leor in Éirinn i dtús na fichiú haoise, rud atá le léamh ar litríocht Gaeilge na linne chomh maith. Inniu, áfach, is fánach duine a tholgann an eitinn. Is iad na príomhchúiseanna leis ná:
(a) go bhfuil caighdeán maith maireachtála sa tír don chuid is mó, (b) gur féidir linn cóir leighis a thabhairt do dhaoine a bhfuil an aicíd orthu, agus (c) go bhfuil leibhéal ard imdhíonachta ann.
Is léir freisin go bhfuil tuiscint na ngnáthdhaoine do chúrsaí an tsláinteachais i bhfad níos fearr inniu ná mar a bhíodh.
Sa Tríú Domhan tá líon na ndaoine a tholgann an eitinn agus a fhaigheann bás léi i bhfad níos airde, agus é ag dul i méadaíocht go gasta i gcuid mhór tíortha.
Conas a théann an eitinn i bhfeidhm ort?
Is gnách go dtosaíonn an eitinn le láthair bheag athlasta in aon scamhóg amháin. Téann an láthair athlasta i méid ansin agus mura gcuirtear bac leis an athlasadh in am leathnóidh sé amach chuig an scamhóg eile sa deireadh. Ní féidir na scamhóga athlasta a thabhairt ar ais, agus mar sin tá sé ardtábhachtach an t-othar a chur ar bhealach a bhisithe in am.
Aithnítear an aicíd ar na hairíonna seo:
- tá an t-othar ag casachtach ar feadh seachtainí;
- tá fiabhras air;
- bíonn sé ag bárcadh allais gan chúis shoiléir, go háirithe istoíche;
- tá sé ag cailliúint meáchain;
- bíonn tuirse air gan chúis shoiléir;
- bíonn slaoda fola sa ramallae a chaitheann sé le linn na dtaomanna casachtaí.