Ceimiceoir agus micribhitheolaí Francach ab ea Louis Pasteur a tháinig chun saoil i nDole (i sléibhte Jura i bhFranche-Comté, Oirthear na Fraince) ar an 27 Nollaig1822 agus a fuair bás i Marnes-la-Coquette taobh thiar de Pháras ar an 28 Meán Fómhair1895. Tá clú agus cáil air as an obair a rinne sé leis na galair a chosc. Ba eisean a d'fhorbair an vacsaín in aghaidh an chonfaidh agus an modh oibre leis na frídíní a mharú sa bhainne agus sa bhfíon a dtugtar paistéarachán air.
Féachtar air mar cheann de trí phríomh bhunaitheoirí na Micribhitheolaíochta, mar aon le Ferdinand Cohn agus Robert Koch. D'fhionn sé chomh maith go leor eolais i réimse na ceimice, go háirithe an bun móilíneach don neamhshiméadracht i gcriostail áirithe.
Luíonn a chorp san Institiúid Pasteur i bPáras i cruinneachán iontach, a léiríonn a shaoithiúlachtí de mhósáicí Biosántacha.[1]
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.