Ardeaglais Notre Dame

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ardeaglais Notre Dame de Paris

Ardeaglais Chaitliceach atá suite i lár Pháras na Fraince í Notre Dame de Paris ("Muire Mháthair Pháras").Tá an ardeaglais mheánaoiseach Ghotach ar bhruach an Seine ar cheann de na radharcanna is sainiúla agus is diamhaire i bpríomhchathair na Fraince agus í ar cheann de na láithreacha turasóireachta is mó san Eoraip.

Paris Notre-Dame Southeast View 01.JPG

Ar an Île de la Cité féin, os coinne an ghréasáin Ghotaigh chloiche is Notre Dame ann, tá compás cré-umha suite sna clocha pábhála. Ón áit seo – pointe neamhní – a thomhaistear an fad ó Pháras.[1]

Tubaiste[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 15 Aibreán 2019, chuaigh Notre Dame trí thine. Bhí an choróin dheilgneach a deirtear a bhí ar Íosa agus ionar Naomh Louis i measc na seoda a tugadh slán ón tine.[2]

Notre Dame on fire 15042019-1.jpg

Thosaigh an tubaiste trí thimpiste le linn obair athchóirithe a bheith ar siúl ar an eaglais.[3] Sa bhliain 2018, chuir an eaglais Chailiceach tús le feachtas bailithe airgid chun Notre Dame, a bhí ag tabhairt uaithi, a tharrtháil.

Notre Dame de Paris 2013-07-24.jpg

I ndiaidh na tubaiste sa bhliain 2019, d’fhógair Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, feachtas idirnáisiúnta bailithe airgid chun íoc as an atógáil. Sna laethanta dár gcionn, bhí na céadta milliún euro geallta ag daoine leis an gcostas atógála a chlúdach. Mar shampla, dúirt an billiúnaí Francach Bernard Arnaultgo dtabharfadh sé féin, a theaghlach agus an t-ilchomhlacht táirgí só, LVMH a bhfuil sé ina cheannas, €200 milliún le haghaidh na hatógála.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Coimisiún na Scrúduithe Stáit (2015). "SCRÚDÚ NA hARDTEISTIMÉIREACHTA, 2015". Dáta rochtana: 2019.
  2. "Na ‘seoda ba luachmhaire’ in Notre Dame sábháilte" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-27.
  3. "Ardeaglais Notre Dame i bPáras trí thine" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-16.