Emmanuel Macron
Emmanuel Macron | |
![]() | |
In oifig 14 Bealtaine 2017 - inniu | |
Réamhtheachtaí: | François Hollande |
Dáta breithe | 21 Nollaig 1977 |
Áit bhreithe | Amiens An Fhrainc |
Páirtí | La République En Marche!(2016- ) Neamhspleách(2009-2016) an Páirtí Sóisialach (2006-2009) |
Céile | Brigitte Trogneux (p. 2007) |
Síniú![]() |
Polaiteoir Francach, iarbhaincéir marsantach agus Uachtarán ar an Fhrainc, is ea Emmanuel Macron. Rugadh é ar an 21 Nollaig 1977 i gcathair Amiens na Fraince. Is é Emmanuel Macron an tUachtarán is óige dá raibh ar phoblacht na Fraince riamh.
Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhain Macron dochtúireacht amach i réimse na fealsúnachta[1][2] sa bhliain 2002. Bhain sé céim amach ansin ó École nationale d'administration sa bhliain 2004.
Sa bhliain 2008, chuaigh Macron ag obair le banc Rothschild, áit ar tugadh post sinsearach bainistíochta dó in 2010.
Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa bhliain 2012, ghlac Macron le le post comhairleoireachta san eacnamaíocht i rialtas na Fraince, ar chuireadh ón Uachtarán Hollande.
I mí Aibreáin sa bhliain 2016, nuair a bhí sé fós ina aire i rialtas Mhanuel Valls, bhunaigh Macron a pháirtí polaitíochta féin: "En marche !" (Gaeilge: 'Ar aghaidh!')[3], feachtas polaitíochta dar sprioc athnuachan a dhéanamh ar an gcóras. D'éirigh Macron as a phost i mí Lúnasa 2016. Trí mhí ina dhiaidh sin, d'fhógair sé go mbeadh sé ina iarrthóir i dToghchán uachtaránachta na Fraince den mbliain 2017.
Toghchán 2017[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is beag a síleadh gur maith a chruthódh Macron i dtoghchán na huachtaránachta[4]. Ní raibh dintiúirí an pholaiteora aige, agus bhí sé gan páirtí aitheanta[5].
Tharla dhá ní áfach a réitigh an bealach dó:
- Scoilteadh an Páirtí Sóisialach, agus theip orthu feachtas ar fónamh a riar.
- Foilsíodh eolas faoin airgead mór a chuir François Fillon, Iar-Phríomhaire, agus iarrthóir na heite deise sa toghchán, i bpóca a mhná céile Penelope Fillon.
Ar an 23 Aibreáin 2017, an lá na chéad céime an toghcháin uachtaránacha, bhain sé 24.01% na nguthanna[6], é seo á chur i gcéad áit agus amhlaidh á chur isteach sa dara chéim.
Is sa díospóireacht teilifíse idir Macron agus Marine Le Pen ar an 3 Bealtaine ba shoiléire an difríocht idir an bheirt iarrthóirí. Labhair Macron go stuama, sothuigthe, socair. Cuid den phort a bhí ag Macron ná dlús a chur leis an gcomhoibriú idirnáisiúnta, an euro a neartú[7], agus fáilte thar teorainn isteach a chur roimh aicmí éagsúla daoine.
Ar an 7 Bealtaine, an lá na dara céime, bhain Macron 66.10% na nguthanna, é á chur ina Uachtarán na Fraince. Is é a bhí chun cinn ins gach uile départment sa tír seachas péire sa tuaisceart, Pas-de-Calais agus Aisne[8] (101 département atá sa tír ar fad). Sa deireadh thiar, bhí sé i bhfad chun cinn ar Marine Le Pen, iarrthóir Le Front National. Beagán le cois ar 20 milliún vóta a fuair Macron. Taobh le 10 milliún a bhí a chéile comhraic[9].
Insealbhaíodh Macron ina uachtarán ar an 14 Bealtaine.[10]
Uachtaránacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
...
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Peig.ie, 8 Bealtaine 2017
- ↑ Abhár: L'Intérêt général, lecture et principes de la philosophie du droit de Hegel. Université de Nanterre.
- ↑ Le Monde, 24/04/2017
- ↑ Peig.ie, 8 Bealtaine 2017
- ↑ 'Rud déistineach thar arrachtach' roghnaithe ag muintir na Fraince', Meon Eile, 8 Bealtaine 2017
- ↑ lci.fr
- ↑ Bairbre Ní Chiosáin ar Ráidio na Gaeltachta, 9 Bealtaine 2017
- ↑ Peig.ie, 8 Bealtaine 2017
- ↑ Bhí an ráta vótála íseal go leor i dtoghchán an lae inné. De réir na staitisticí, níor vótáil ach 75% de na vótóirí cláraithe, le hais 80% in 2012 agus 84% in 2007 (Peig.ie, 8 Bealtaine 2017).
- ↑ D’ici à la passation des pouvoirs, une semaine chargée pour le nouveau président Macron, Le Monde, 09/05/2017
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |