Jump to content

Marine Le Pen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMarine Le Pen

(2025) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fr) Marion Anne Perrine Le Pen Cuir in eagar ar Wikidata
5 Lúnasa 1968
57 bliana d'aois
Neuilly-sur-Seine, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Thionól Náisiúnta na Fraince
1 Iúil 2024 


Ball de Thionól Náisiúnta na Fraince
22 Meitheamh 2022 – 9 Meitheamh 2024


Member of the departmental council of Pas-de-Calais (en) Aistrigh
1 Iúil 2021 – Aibreán 2025 (ineligibility in french law (en) Aistrigh)
 Aurélia Beigneux
In éineacht le: Steeve Briois

Téarma parlaiminte: 2021-2028 term (departments of France) (en) Aistrigh


Ball de Thionól Náisiúnta na Fraince
21 Meitheamh 2017 – 21 Meitheamh 2022
 Philippe Kemel

Conseiller régional des Hauts-de-France (en) Aistrigh
1 Eanáir 2016 – 2 Iúil 2021

Toghcheantar: Pas-de-Calais
Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Rassemblement National

1 Iúil 2014 – 18 Meitheamh 2017 – Christelle Lechevalier 
Téarma parlaiminte: Ochtú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: luach anaithnid

Ceannaire páirtí Rassemblement National
16 Eanáir 2011 – 13 Nollaig 2021
 Jean-Marie Le PenJordan Bardella 
Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Rassemblement National

14 Iúil 2009 – 30 Meitheamh 2014
Téarma parlaiminte: Seachtú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: luach anaithnid

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Rassemblement National

20 Iúil 2004 – 13 Iúil 2009
Téarma parlaiminte: Séú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: luach anaithnid

Member of the regional council of Île-de-France (en) Aistrigh
28 Márta 2004 – 21 Márta 2010 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Panthéon-Assas Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilMaster of Laws (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan Fhraincis
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht
Suíomh oibre Strasbourg
An Bhruiséil Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, cadres de la fonction publique (en) Aistrigh, dlíodóir, professions libérales et assimilés (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre16 Eanáir 2011 
Ball de pháirtí polaitíochtaRassemblement National (1986) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis
Eile
TeaghlachLe Pen family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileFranck Chauffroy (19972000)
Éric Iorio (20022006) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíLouis Aliot (20092019) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJehanne Chauffroy
 ( Franck Chauffroy)
Mathilde Chauffroy
 ( Franck Chauffroy)
Louis Chauffroy
 ( Franck Chauffroy) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJean-Marie Le Pen  agus Pierrette Lalanne
SiblínMarie-Caroline Le Pen agus Yann Le Pen
Duine muintearthaMarion Maréchal (iníon deirféar)
Nolwenn Olivier (iníon deirféar)
Jany Le Pen (leasmháthair)
Philippe Olivier (deartháir céile)
Romain Maréchal (mac deirféar)
Pierre Olivier (mac deirféar) Cuir in eagar ar Wikidata
Ciontaíodh iclúmhilleadh (2011)
misappropriation of public funds (en) Aistrigh (2025) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
2014Affair of the parliamentary assistants of the National Front in the European Parliament (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinmlafrance.fr Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm2265187 Rottentomatoes: celebrity/marine_le_pen Metacritic: person/marine-le-pen TMDB.org: 2347847
Facebook: MarineLePen X: MLP_officiel Instagram: marine_lepen Threads: marine_lepen Telegram: marinelepen LinkedIn: marinelepen Snapchat: mlp_officiel Youtube: UCU3z3px1_RCqYBwrs8LJVWg TikTok: mlp.officiel Flickr: 68636619@N06 Soundcloud: marine-le-pen-380729258 Cuir in eagar ar Wikidata

Polaiteoir Francach, ar dheis ar fad, is ea Marion Anne Perrine Le Pen, nó Marine Le Pen (fuaimnítear é: [ma.ʁin lə.pɛn]) mar is fearr aithne uirthi. Rugadh í ar an 5 Lúnasa 1968 i Neuilly-sur-Seine na Fraince. B'é an gríosóir Jean-Marie Le Pen a hathair.

Ón mbliain 2011 amach, tá sí ina ceannaire ar an bhFront National (FN) nó inniu, an Rassemblement National, nó an RN (Gaeilge: 'Fronta' nó 'Slógadh Náisiúnta'). Bhunaigh a hathair, Jean-Marie le Pen, an páirtí sa bhliain 1972. Tá an RN go mór ar an eite dheis. Cur in aghaidh na hinimirce is ea cuid mhaith de shaothar an FN nó an RN agus Jean-Marie Le Pen.

Na 'Le Pen' gafa le cúraimí teaghlaigh ó na 1970idíː Jean-Marie Le Pen agus a iníon, Marine, teaghlach mór le rá sa pholaitíocht ar feadh níos mó ná 50 bliain
Marine Le Pen, Toghchán 2012
Marine Le Pen lena cara Vladimir Putin sa bhliain 2017
An tUasal Macron & Le Pen, 2017
Marine Le Pen i Moscó, 2017
Lógó M la France, 2022

Bhí Marine Le Pen ina feisire i bParlaimint na hEorpa idir 2004 - 2017. Bhí costais neamhrialta aici Bhí na fiosruithe fós ag dul ar aghaidh sa bhliain 2022.[1]

D'éirigh Le Pen ina ceannaire ar an bpáirtí sa bhliain 2011.

Sa bhliain 2015, rinne sí idirbheartaíocht i Moscó chun iasachtaí don RN a thógáil amach (bhí na fiacha seo fós amuigh sa bhliain 2022).[2]

Sa bhliain chéanna, dhíbir Marine Le Pen a hathair ón ngluaiseacht sa bhliain 2015.[3] Ag dul anonn in aois, ba mhó dochar ná maitheas a bhí Jean-Marie le Pen a dhéanamh don pháirtí. Bhí a iníon ag iarraidh éalú ó scamall an fhaisisteachais ag an am, rud a luaigh an lucht oibre traidisiúnta go láidir léi. Chuaigh sí as a bealach le hidirdhealú a dhéanamh idir í féin agus a hathair agus bhí droim láimhe tugtha aici leis an gCaitliceachas coimeádach a bhíodh i gcónaí sa treis ag an eite dheis.[4]

Toghcháin 2017

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 23 Aibreáin 2017, an lá na chéad céime an toghcháin uachtaránachta, bhain sí 21% na nguthanna[5], sa dara háit agus amhlaidh á chur isteach sa dara chéim.

Is sa díospóireacht teilifíse idir Macron agus Marine Le Pen ar an 3 Bealtaine ba shoiléire an difríocht idir an bheirt iarrthóirí. Labhair Macron go stuama, sothuigthe, socair. Cuid den phort a bhí ag Macron ná dlús a chur leis an gcomhoibriú idirnáisiúnta, an euro a neartú[6], agus fáilte thar teorainn isteach a chur roimh aicmí éagsúla daoine. Ghabh Le Pen gach rud - scoir na Fraince a ísliú, na sochair shóisialta a fheabhsú agus cáin ar ioncaim a ísliú... agus go bhfágfadh "an Fhrainc" limistéar an euro.[4] Ach rinne sí ceap magaidh di féin, agus spriocanna aici nach féidir léi a bhaint amach.[7]

Ar an 7 Bealtaine, an lá na dara céime, bhain Le Pen 34% na nguthanna. Chaill sí gach uile départment sa tír seachas péire sa tuaisceart, Pas-de-Calais agus Aisne[8] (101 département atá sa tír ar fad). Sa deireadh thiar, beagán le cois ar 20 milliún vóta a fuair Macron agus taobh le 10 milliún a bhí a chéile comhraic.[9]

I mí an Mheithimh 2017 toghadh chun an Tionóil Náisiúnta í.

Athainmníodh an páirtí FN mar Rassemblement National, nó an RN, sa bhliain 2018

Toghchán 2022

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí feachtas Le Pen an babhta seo dírithe níos mó ar an gcostas maireachtála do ghnáth-shaoránaigh na Fraince, agus shílfeá nach raibh an oiread céanna béime aici ar cheist na n-inimirceach agus an phobail Ioslamaigh.[10] Ach ní raibh haon chabhair dá cás é go raibh an geilleagar ag neartú ó toghadh Macron sa bhliain 2017.[11]

Nuair a thug Le Pen agus Macron aghaidh ar a chéile le linn díospóireacht teilifíse, cháin Macron an cosc ar chaitheamh scairfeanna Moslamacha atá beartaithe ag Le Pen a chur i bhfeidhm má thoghtar í – dar léi gur “éide éigeantach” í an scairf a gcuireann Ioslamaigh iachall ar mhná í a chaitheamh.[11]

Faoi anáil Putin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Macron i leith Le Pen go raibh sí ró-spleách ar an Rúis toisc airgead a bheith faighte ar iasacht ag RN ó bhainc sa Rúis. Chosain Le Pen na hiasachtaí – ní raibh aon dul as aici ach airgead a lorg thar lear, a dúirt sí, toisc nach raibh bainc sa Fhrainc toilteanach iasachtaí a thairiscint dá gluaiseacht. Cé gur thagair Le Pen le linn na díospóireachta d’ionsaí na Rúise ar an Úcráin (bhí “líne dhearg” trasnaithe ag an Rúis, dar léi) ní raibh aon fhreagra éifeachtach aici ar bhuncháineadh Emmanuel Macron. Bhí sí faoi anáil Vladimir Putin mar gheall ar na hiasachtaí, a dúirt sé, mar a léirigh an tacaíocht a thug sí d’fhorghabháil na Crimé in 2015 agus a cáineadh ar smachtbhannaí in aghaidh na Rúise a moladh ó shin.[11]

Díoladh na hiasachtaí ón Rúis ar fad ar ais sa bhliain 2023.[12]

Ar 10 Aibreán 2022, vótáil 28% i bhfabhar Macron sa chéad bhabhta agus 23% i bhfabhar Le Pen.[13] Thug thart ar leath na vótálaithe tacaíocht mar sin d’iarrthóirí eile.[11]

Ar 24 Aibreán 2022, chloígh Macron a chéille comhraic Le Pen sa dara babhta vótála d'uachtaránacht na tíre; 59% de sciar an vóta a fuair Macron. Díol imní dó gur thit a thacaíocht ón toghchán uachtaránachta in 2017, agus tháinig méadú ar tacaíocht Le Pen (34% sa bhliain 2017, 41̤̤̤% in 2022).[14][15][16]

2025

Calaois agus achomharc

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 31 Márta 2025, bhí Le Pen ciontaithe as maoiniú de chuid an Aontais Eorpaigh a chúbláil ar mhaithe lena páirtí féin.[17][18]

Bhain sí féin agus naonúr eile mí-úsáid as costais na parlaiminte le daoine a íoc as obair a dhéanamh ar son an pháirtí sin seachas mar chúntóirí parlaiminte.[19] Ciontaíodh dháréag eile as coir a cheilt (22 duine in iomlán, Le Pen san áireamh). Dúradh gur thángthas san fhiosrúchán ar 40 conradh bréige a raibh €4.6 milliún san iomlán ag baint leo thar thréimhse 12 bliain.

Tá achomharc ar siúl ag Le Pen i láthair na huaire (roimhe sin, gearradh ceithre bliana príosúin uirthi agus cosc cúig bliana curtha uirthi seasamh d’oifig phoiblí).

San earrach 2025, bhí Le Pen chun cinn sna pobalbhreitheanna do thoghchán uachtaránachta 2027 sa chéad babhta. Ach in 2017 agus 2022, chaill sí an dara babhta mar ní raibh sí in ann aon chomhghuaillíocht pholaitiúil a chur i bhfeidhm; thug na vótálaithe agus na polaiteoirí eile cúl droma di.

Phós Le Pen dhá uair agus tá triúr clainne uirthi.

Sa bhliain 2022, rinne Le Pen iarracht aghaidh dhaonna a chur ar an RN. Tháinig sé chun solais go bhfuil cúpla cat ag Marine Le Pen agus taitníonn karaoke léi.[20]

Bhí Le Pen trom ar an tobac nuair a bhí sí níos óige,[21] agus tá glór garg aici i gcónaí - agus teanga gharbh inti - a chuireann eagla ar a lucht éisteachta agus féachana uaireanta.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Angela Charlton (2022-04-16). "L’agence antifraude de l’Union européenne enquête sur Marine Le Pen" (fr). Le Devoir. Dáta rochtana: 2022-04-26.
  2. "Quelle est cette banque russe qui a octroyé un prêt de 9 millions d'euros au RN?" (fr). BFM BUSINESS. Dáta rochtana: 2022-04-26.
  3. Cathal Mac Coille (23 Aibreán 2022). "Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an lá le Macron in aghaidh Le Pen" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-08.
  4. 1 2 Eoin Ó Murchú (13 Feabhra 2017). "Le Pen ag bagairt ar an Aontas Eorpach go fóill" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-08.
  5. interieur.gouv.fr (2017). "Résultats de l'élection Présidentielle 2017" (fr). TF1 INFO. Dáta rochtana: 2022-04-26.
  6. Bairbre Ní Chiosáin ar Ráidio na Gaeltachta, 9 Bealtaine 2017
  7. "Marine Le Pen's disastrous 2017 debate" (en) (2022-04-20). Dáta rochtana: 2025-01-08.
  8. Peig.ie Curtha i gcartlann 2017-12-09 ar an Wayback Machine, 8 Bealtaine 2017
  9. Bhí an ráta vótála íseal go leor i dtoghchán an lae inné. De réir na staitisticí, níor vótáil ach 75% de na vótóirí cláraithe, le hais 80% in 2012 agus 84% in 2007 (Peig.ie Curtha i gcartlann 2017-12-09 ar an Wayback Machine, 8 Bealtaine 2017).
  10. Nuacht RTÉ (2022-04-24). "An chosúlacht anois gurb é Macron a gheobhaidh téarma eile" (as ga).
  11. 1 2 3 4 Cathal Mac Coille (23 Aib 2022). "Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an lá le Macron in aghaidh Le Pen" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-25.
  12. Marine Turchi (2023-09-28). "Le Pen's far-right party repays Russian loan – but questions remain over links to Putin regime" (en). Mediapart. Dáta rochtana: 2025-03-31.
  13. "Élection présidentielle 2022 : retrouvez tous les résultats" (fr). Ministère de l'Intérieur. Dáta rochtana: 2022-04-26.
  14. "2017 French presidential election" (as en) (2022-04-25). Wikipedia.
  15. Nuacht RTÉ (2022-04-25). "'Aontóidh mé an Fhrainc'-Macron" (as ga).
  16. Máirín Ní Ghadhra (15 Aib 2022). "Tá corraíl pholaitiúil i ndán don Fhrainc" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-25.
  17. "La candidature de Marine Le Pen à la présidentielle en 2027 compromise après sa condamnation à une peine d’inéligibilité avec exécution provisoire" (fr) (2025-03-31). Dáta rochtana: 2025-03-31.
  18. "Marine Le Pen ciontaithe as cúbláil, cosc cúig bliana curtha uirthi seasamh d’oifig phoiblí" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-03-31). Dáta rochtana: 2025-03-31.
  19. Nuacht RTÉ (2025-03-31). "Le Pen ciontaithe in airgead a chúigleáil ó Pharlaimint na hEorpa" (as ga-IE).
  20. "BBC Radio 4 - Profile, Marine Le Pen" (en-GB). BBC. Dáta rochtana: 2022-04-25.
  21. La Rédaction Closer (2017-05-03). "Marine Le Pen, stressée, "ne se sépare plus de sa cigarette électronique"" (fr-FR). Closer. Dáta rochtana: 2025-03-31.