Ionradh na Rúise ar an Úcráin
Rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin ar an 24 Feabhra 2022. Thosaigh an choimhlint mhíleata idir an Rúis agus an Úcráin sa bhliain 2014.[1] Cuireadh tús leis an ngéarchéim Rúis-Úcránach i mí na Samhna 2021.
Cogadh[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'fhógair an tUachtarán Putin an 21 Feabhra 2022 go raibh aitheantas sa dlí cinntithe aige do neamhspleáchas 2 cheantar, Donetsk agus Luhansk, i gCúige Donbass atá ar chiumhais na teorann leis an Rúis. Sheol Putin saighdiúirí go dtí an Donbass.[2][3]
D'fhógair an Úcráin staid éigeandála a mhair 30 lá. Tharraing Moscó as an ambasáid a bhí ag an Rúis sa phríomhchathair Cív.
An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin.[4] D'ionsaigh fórsaí na Rúise Úcráin ar aer, muir agus tír, - an t-ionsaí is mó ag stát amháin ar stát eile san Eoraip ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda.[5] Bhí an phríomhchathair Cív agus gach baile mór eile san Úcráin faoi ionsaí ón aer (diúracáin chúrsála agus diúracáin bhalaistíocha san áireamh).
Tháinig colúin fhada saighdiúirí trasna na teorann, anoir as an Rúis agus aduaidh as an mBealarúis. Cuireadh mórchuid i dtír ó dheas freisin as an gCrimé, ar Mhuir Azov agus an Mhuir Dhubh.[5][6]
Ní ba dhéanaí sa lá, thuairisc rialtas na hÚcráine go raibh an Rúis i ndiaidh seilbh a ghlacadh ar Shearnóbail.[7]
Chaill na hÚcránaigh cúige Kherson go luath sa chogaidh
Tháinig dianshlándáil i bhfeidhm sa tír
Coinbhleacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
I mí Feabhra, ba bheag duine a thug seans go mbeadh na hÚcránaigh in ann a dtír a chosaint. Mheas na Rúisigh go mbeadh seilbh glactha acu ar phríomhchathair na hÚcráine laistigh de thrí lá, tar éis thús an ionraidh. Ach bhí na hÚcránaigh in ann an fód a sheasamh timpeall Kyiv agus iontas as domhan ar na hionróirí. Rinne na Rúisigh an beart céanna timpeall Kharkiv, an dara cathair is mó sa tír agus an ceann is gaire do theorainn na Rúise.[8]
Ag tús an ionraidh leag Roinn Cosanta na Rúise ceithre aidhm amach:
- ‘dí-Naitsiú’ a dhéanamh (rialtas nua a chur in áit an rialtais dhlíthiúil),
- dímhíleatú a dhéanamh,
- cosc a chur ar mhéadú Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) agus
- seilbh iomlán a ghlacadh ar cheantar Donbas.[8]
Nuair a bhog na Rúisigh i dtreo chathair Kyiv, ní raibh córas soláthair cuí eagraithe acu toisc gur cheap siad go mbeadh an cath thart laistigh de thrí lá. Dhírigh na hÚcránaigh a n-ionsaithe ar na línte soláthair agus bhí tionchar nach beag ag na hiarrachtaí seo ar chinneadh na Rúise tarraingt siar ón gcath cúpla seachtain níos déanaí.
Idir Feabhra agus Meitheamh 2022, tháinig trí chúige beagnach go iomlán faoi sheilbh na Rúiseach: Kherson, Zaphorizhia agus Luhansk, agus bhí níos mó ná leath de Chúige Donetsk agus cuid de Chúige Kharkiv gafa acu chomh maith. Is ionann sin agus níos mó ná 20% de thalamh na hÚcráine. Bhí beagán níos lú ná leath de chúige Donetsk (cuid den Donbas) faoi sheilbh na hÚcráine i mí Lúnasa 2022.[8]
Bhí na mílte sibhialtach maraithe le linn 2022 agus d'fhág suas le aon trian de phobal na hÚcráine an tír, ar a dteitheadh thar lear..
- Ionsaí ar stáisiún traenach i Kramatorsk
- Ionsaí diúracán ar ionad siopadóireachta in Kremenchuk
- Sléacht Bucha
- Olluaigh Izium
Bhí a smacht ar chúige Zaphorizhia agus cúige Kherson á dhaingniú ag na Rúisigh trí chórais riaracháin, trádála agus oideachais na Rúise a thabhairt isteach.
Straitéis[cuir in eagar | athraigh foinse]
Meastar go raibh níos mó ná 2,500 tanc ag na Rúisigh roimh an gcogadh agus idir 6,000 agus 10,000 tanc coimeádta i dtaisce acu. Ach ní raibh an Rúis in ann a gcuid tancanna a úsáid chun dul i bhfeidhm ar na láithreacha cogaidh. Bhí roinnt cúiseanna leis an teip seo. Sa chéad dul síos, ní raibh trúpaí na Rúise in ann na tancanna a chomhordú le hionsaithe airtléire, ionsaithe coisithe agus ionsaithe ón aer. Agus ní raibh an trealamh frithdhiúracáin ar an gcuid is mó dá dtancanna ag feidhmiú i gceart. Agus bhí locht ar dhéantús roinnt dá dtancanna toisc go gcoimeádtar sliogáin sna túiríní... rud a chiallaíonn go bpléascann siad go héasca.[8]
Sileann formhór anailíseoirí míleata san iarthar go raibh baint ag caimiléireacht le heaspa éifeachta airm na Rúise sa chogadh san Úcráin. Mar shampla mhaígh Roinn Cosanta na Breataine ar an 15 Deireadh Fómhair 2022 ‘go bhfuil an chaimiléireacht eindéimeach agus cúrsaí lóistíochta a bheith go dona’ fós ‘ar na bunchúiseanna nach bhfuil ag éirí go maith le fórsaí na Rúise san Úcráin’.[9]
An feachtas[cuir in eagar | athraigh foinse]
Léigear Mariupol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tháinig an Mhuir Mheoid faoi smacht na Rúise go luath sa chogadh.
Tháinig trúpaí na Rúise thart timpeall ar chalafort Mariupol ag tús an chogaidh. Fuair an Rúis bealach idir an Chrimé agus oirthear na Rúise. Mhair léigear Mariupol dhá mhí. Sa deireadh, bhí sibhialtaigh agus saighdiúirí teanntaithe i monarcha cruach Azovstal, an daingean deireanach ag an Úcráin sa chathair chalafoirt. Dúirt an Rúis go raibh na saighdiúirí a bhí ag seasamh an fhóid sa mhonarcha an áit a fhágáil dá ngéillfidís. Bhí Mariupol ar an gcathair is mó a bhí gafa ag an Rúis (daonra 450,000 a bhliain 2017).[10]
An Mhuir Dhubh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cuireadh long cheannais an chabhlaigh Rúiseach, an Moscó, go tóin poill.
Bhí ar thrúpaí de chuid an chabhlaigh oileán na Nathrach a thréigean tar éis dóibh é a ghabháil go luath sa chogadh.
Theip ar an gcabhlach ionsaí ón bhfarraige a sheoladh chun seilbh a ghlacadh ar Odessa. Theip ar an gcabhlach, atá freagrach as bunáiteanna míleata na Crimé, na bunáiteanna céanna a chosaint i mí Lúnasa 2022. Mar gheall ar na teipeanna seo tugadh bata agus bóthar d’ardcheannasaí an Chabhlaigh Rúiseach.[8]
Ar 30 Meán Fómhair 2022, bhí sé fógartha ag Vladimir Putin go raibh ceithre cheantar san Úcráin gafa ag an Rúis agus gur cuid de chríocha na Rúise iad feasta.
- ːGhlac an Úcráin seilbh ar Kherson ar 11 Samhain 2022.

Donetsk[cuir in eagar | athraigh foinse]
Thar lear[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'fhógair an tIarthar smachtbhannaí in aghaidh na Rúise. Mar shampla, cuireadh srian ar an tráchtáil idir an tAontas Eorpach agus Donetsk agus Luhansk.
D'éirigh an Fhionlainn agus an tSualainn mar bhallstáit de NATO.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Comhaontaithe Mhionsc, 2014-2015
- Géarchéim Rúis-Úcránach, 2021-2022
- Géarchéim fuinnimh Aontas Eorpach - An Rúis, 2022
- Seilbh na Rúise ar cheithre réigiún san Úcráin, 2022
- Cath Kherson
- Ionsaí dróin ar an gCreimlín
- Bearnú damba Kakhovka
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Ciarán Mac Aonghusa (Márta 2014). "Anord san Úcráin" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-11-14.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-02-23). "Smachtbhannaí agus cruinniú mullaigh ordaithe ag an AE" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-02-22). "An Rúis ullamh le hionradh iomlán a dhéanamh a deir NATO" (as ga).
- ↑ europa.eu (15 Márta 2022). "RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/427 ÓN gCOMHAIRLE". Dáta rochtana: Lúnasa 2022.
- ↑ 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2022-02-24). "Tuairiscí ag am lóin faoi Ionradh na Rúise go dtí seo" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-02-24). ""Cuirtín Iarainn" ag teacht anuas arís in Úcráin" (as ga).
- ↑ "Ukraine reclaims key military airport; Russian troops seize Chernobyl" (en).
- ↑ 8.0 8.1 8.2 8.3 8.4 Máirtín Ó Duibhir (29 Lúnasa 2022). "Sé mhí ó shin is beag duine a shíl go mbeadh na hÚcránaigh in ann a dtír a chosaint…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-30.
- ↑ Fachtna Ó Drisceoil (20 Deireadh Fómhair 2022). "Cén fáth nach gcloistear níos mó faoi chaimiléireacht a bheith ag cur as d’fhórsaí na hÚcráine?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-20.
- ↑ "Sos cogaidh in Mariupol le deis a thabhairt do shibhialtaigh monarcha cruach faoi léigear a fhágáil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-25.
- ↑ Fachtna Ó Drisceoil (14 Aibreán 2023). "An cogadh san Úcráin agus ceist chigilteach na bhfoinsí eolais" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-14.