Ionsaí ar stáisiún traenach i Kramatorsk
| ||||
Cineál | buille diúracáin tuairgneáil coir chogaidh dúnmharú líonmhar | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Eastern Ukraine campaign (en) , ionradh na Rúise ar an Úcráin, Cogadh na Rúise agus na hÚcráine agus use of cluster munitions in the Russian invasion of Ukraine (en) | |||
Dáta na bliana | 8 Aibreán 2022 | |||
Tréimhse ama | stair chomhaimseartha agus An Rúis faoi Putin | |||
Suíomh | Kramatorsk railway station, An Úcráin (en) , Kramatorsk urban hromada, An Úcráin (en) | |||
Tír | an Úcráin | |||
Rannpháirtí | ||||
Sprioc | Kramatorsk railway station (en) | |||
Líon básanna | 61 | |||
Líon gortaithe | 109 | |||
Arm | OTR-21 Tochka (en) | |||
Maraíodh 52 ar a laghad agus gortaíodh 90 ar 8 Aibreán 2022 de bharr ionsaí roicéad de chuid na Rúise ar thraein i Kramatorsk, le linn ionradh na Rúise ar an Úcráin. Bhí cúigear páiste i measc na marbh.[1]
Dúirt cuideachta iarnróid an Stáit ag an am gur scaoileadh 2 roicéad le traein in aice le stáisiún traenach Kramatorsk in Oirthear Úcráin. Bhí 4,000 sibhialtach sa stáisiún ag an am, daoine ag iarraidh teitheadh siar ón gcogaíocht, mná agus páistí agus seandaoine den chuid is mó. Ní raibh oiread is saighdiúir amháin de chuid Úcráin ar láthair an ionsaithe.[1]
Dúirt ceannasaí pholasaí gnóthaí Eachtracha an AE, Josep Borrell gur “ionsaí gan idirdhealú” a bhí ann ar thug an Rúis faoi chun bealaí éalaithe a iamh ar dhaoine a raibh orthu teitheadh ón bhforéigean.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2022-04-08). "50 maraithe in ionsaí ar thraein in Úcráin - tuairiscí" (as ga).
- ↑ "50 duine ar a laghad maraithe in ionsaí ar stáisiún traenach in oirthear na hÚcráine" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-10.
Is síol a bhaineann leis an Úcráin é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |