Éillitheacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Caimiléireacht)
The Price Of Corruption i mBailte Átha Cliath, 24 Samhain 2012

Is éard atá i éillitheacht (nó éilliú) ann ná caimiléireacht a dhéanann duine ar dhuine eile.[1]

Is gníomh d'aon ghnó amháin a dhéanann páirtí amháin chun páirtí eile a spreagadh chun gníomhú nó staonadh ó ghníomhaíocht ar bhealach áirithe agus faigheann an duine a dhéanann caimiléireacht buntáiste as agus / nó cuirtear costas ar íospartach na caimiléireachta.

Cuimsítear chomh maith iarrachtaí chun gníomhartha den sórt sin a dhéanamh.

I dtíortha áirithe, tá an chaimiléireacht go smior sa chóras.

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir innéacs Transparency International,[2] bhí Éire sa 13ú háit as 180 tír ar an innéacs caimiléireachta don bhliain 2021.[3] (Is í an tír atá sa chéad áit an tír leis an méid is lú caimiléireachta, agus an tír sa 180ú háit an tír is measa).[4]

Bhí an t-éilliú i réim fud fad an rialtais áitiúil in Éirinn sa 20ú haois, agus iarrachtaí ar oifigigh a éilliú.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cad is calaois ann?" (ga). Garda. Dáta rochtana: 2022-10-20.
  2. "Transparency International Ireland" (en). Transparency International Ireland. Dáta rochtana: 2022-10-20.
  3. dogiobuin (2022-01-24). "Corruption Perceptions Index 2021 – Political leaders need to accelerate efforts to stop corruption" (en). Transparency International Ireland. Dáta rochtana: 2022-10-20.
  4. Fachtna Ó Drisceoil (20 Deireadh Fómhair 2022). "Cén fáth nach gcloistear níos mó faoi chaimiléireacht a bheith ag cur as d’fhórsaí na hÚcráine?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-20.