Seilbh na Rúise ar cheithre réigiún san Úcráin, 2022
| ||||
Cineál | référendum d'annexion (fr) show election (en) | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Cogadh na Rúise agus na hÚcráine | |||
Tréimhse | 23 - 27 Meán Fómhair 2022 | |||
Dáta na bliana | 27 Meán Fómhair 2022 | |||
Suíomh | Kherson military–civilian administration (en) Zaporizhia military-civilian administration (en) Daon-Phoblacht Luhansk, An Rúis Daon-Phoblacht Donetsk, An Rúis | |||
Tír | an Úcráin, Daon-Phoblacht Donetsk agus Daon-Phoblacht Luhansk | |||
Sprioc | Russian annexation of Donetsk, Kherson, Luhansk and Zaporizhzhia oblasts (en) | |||
Cúis | ionradh na Rúise ar an Úcráin | |||
Is cúis le | Russian annexation of Donetsk, Kherson, Luhansk and Zaporizhzhia oblasts (en) | |||
I Meán Fómhair 2022, tharla seilbh na Rúise ar cheithre réigiún san Úcráin. Fograíodh Ionghabháil na réigiún Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporizhzhia, réigiúin a bhí faoi smacht na Rúise cheana féin. Is ionann na réigiúin seo agus 15% de chríocha na hÚcráine; bhí os cionn 103,000 ciliméadar cearnach gafa ag an Rúis in oirthear agus deisceart na hÚcráine.[1]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí fonn ar Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, teorainn na Rúise a bhogadh ionas go mbeidh sé in ann a rá gur cogadh cosanta atá ar siúl aige. Is ar an gcaoi chéanna seo a ghabh an Rúis leithinis na Crimé in 2014, tar éis dóibh 'reifreann' a thionól, ceann a cáineadh toisc gan é a bheith iontaofa; ‘cur i gcéill’ a bhí ann.
Bhí bagairt déanta ag Vladimir Putin, go n-úsáidfidh sé airm núicléacha chun na ceithre réigiún a chosaint, más gá, nuair a bheas ionghabháil déanta orthu.[2]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Reachtáladh 'reifrinn' idir 23-27 Meán Fómhair i gceithre réigiún (Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporizhzhia) ina raibh smácht ag arm na Rúise (cé nach raibh smacht iomlán ag an Rúis ar na críocha sin go léir). Cuireadh ceist ar na pobail iontu ar mhaith leo a bheith mar chuid den Rúis. Cuireadh iallach ar na pobail iontu vótáil ar son an Úcráin a fhágáil,[1]
Mhol rialtas na hÚcráine dá shaoránaigh gan páirt a ghlacadh sa phróiseas, ós rud é nach reifrinn shaora a bhí iontu.
Tháinig na 'torthaí' amach láithreach ar 27 Meán Fómhair; tugadh 'an-tacaíocht' don Ionghabháil na Rúise, níos mó ná 87% sa réigiún Kherson agus sna 90idí sna réigiún eile.
Ar 30 Meán Fómhair, tionóladh searmanas an tsínithe i bPálás Mór na Creimile,[3] síniú a rinne beag beann den dlí idirnáisiúnta a bheith a shárú. Dúirt Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, go raibh "rogha shoiléir" déanta ag na pobail sna réigiúin sin nuair a léirigh siad gurbh fhearr leo a bheith faoi smacht Mhoscó. Tugadh faoin bpróiseas foirmeálta chun na réigiúin a thabhairt isteach i gCónaidhm na Rúiseach.
Cáineadh na 'reifrinn' go hidirnáisiúnta. Níor ghlac tír ar bith eile le torthaí na reifreann ná iarrachtaí Putin críocha na Rúise a leathadh.[4]
Samhain 2022ː bua na hÚcráine
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba í Kherson an t-aon phríomhchathair réigiúnach a tháinig faoi smacht na Rúiseach ó rinne siad ionradh ar an Úcráin i dtús an earraigh.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Ionghabháil déanta ag Putin ar cheithre réigiún de chuid na hÚcráine" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-02.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-09-30). "Seilbh glactha ag an Rúis ar cheithre réigiún san Úcráin" (as ga-IE).
- ↑ "Grand Kremlin Palace" (as en) (2022-09-24). Wikipedia.
- ↑ Conradh na Gaeilge Londain (1 DF 2022). "Nuacht Mhall" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2022-10-01.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-11-11). "An Úcráin: Kherson athghafa agus brollach an chatha brúite soir" (as ga-IE).