Muir Mheoid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachMuir Mheoid
(ru) Азовское море Cuir in eagar ar Wikidata
Radharc aerga
Íomhá
CineálFarraige agus Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deAn Mhuir Dhubh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Tír abhantraían Rúis agus an Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 46°N 37°E / 46°N 37°E / 46; 37
Teorainneacha lePoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Abhantrach draenálaSea of Azov drainage basin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Doimhneacht ingearach14.5 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí135 (leithead) × 340 (fad) km
Imlíne1,472 km Cuir in eagar ar Wikidata
Achar37,600 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Bearta agus táscairí
Salandacht11.5 g/L Cuir in eagar ar Wikidata
Toirt5.6 km³ Cuir in eagar ar Wikidata

Muir Mheoid (Muir Azov) suite in oirdheisceart na hEorpa. Tá nasc ann idir Muir Mheoid agus an Mhuir Dhubh, atá suite ar an taobh ó dheas de. Ba í an Úcráin an tír a bhí ar an gcósta thuaidh de roimh Márta 2022. Tá an Rúis suite ar an gcósta thoir agus tá an Chrimé (cuid den Rúis anois) ar an gcósta thiar den loch.

Calafort fíorthábhachtach ar Mhuir Mheoid is ea Mariupol.

Ionsaí Kerch Strait, 25 Samhain 2018

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

2018[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 25 Samhain 2018, rinne an Rúis ionradh armtha ar thrí longa cogaidh de chuid na hÚcráine i gcaolas Ceirts.[1] Ghabh an Rúis smacht ar an Mhuir Mheoid mar sin, gníomh a cháin an tAontas Eorpach aon uair arís..[2]

2022[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin ar an 24 Feabhra 2022.

léigear Mariupol, 2022

Tháinig an Mhuir Mheoid faoi smacht na Rúise go luath sa chogadh.

Tháinig trúpaí na Rúise thart timpeall ar chalafort Mariupol ag tús an chogaidh. Fuair an Rúis bealach idir an Chrimé agus oirthear na Rúise. Mhair léigear Mariupol dhá mhí. Sa deireadh, bhí sibhialtaigh agus saighdiúirí teanntaithe i monarcha cruach Azovstal, an daingean deireanach ag an Úcráin sa chathair chalafoirt. Dúirt an Rúis go raibh na saighdiúirí a bhí ag seasamh an fhóid sa mhonarcha an áit a fhágáil dá ngéillfidís. Bhí Mariupol ar an gcathair is mó a bhí gafa ag an Rúis (daonra 450,000 a bhliain 2017).[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Alex Hijmans. "‘Tá mo chnaipe núicléach níos mó ná do cheannsa’ agus scéalta eile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-01-13.
  2. "Kerch Strait incident" (as en) (2019-11-18). Wikipedia. 
  3. "Sos cogaidh in Mariupol le deis a thabhairt do shibhialtaigh monarcha cruach faoi léigear a fhágáil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-25.