Is polaiteoir Francach agus pobalóir é Jean Marie Le Pen' (20 Lúnasa1928 a rugadh é, La Trinité-sur-Mer, An Fhrainc). Is eisean a bhunaigh an Front National sa bhliain 1972, páirtí atá go mór ar an eite dheis. Bíonn a iníon Marine Le Pen ina ceannaire ar an bpáirtí ón mbliain 2011 (athainmníodh an páirtí mar Rassemblement National', nó an RN, sa bhliain 2018) . Cur in aghaidh na hinimirce is ea cuid mhaith de shaothar an RN.
gafa le cúraimí teaghlaigh ó na 1970idíː Jean-Marie Le Pen agus a iníon, Marine, teaghlach mór le rá sa pholaitíocht,
Bhí Jean Marie Le Pen san iomaíocht cúig uaire i dtoghchán uachtaránachta na Fraince. Bhain sé an dara háit amach sa chéad bhabhta vótála sa bhliain 2002. Ach bhí bua éasca ag Jacques Chirac sa dara bhabhta vótála.