Páipéir Phanama

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtPáipéir Phanama
Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Cineálinformation leak (en) Aistrigh
scannal
gadaíocht sonraí
data journalism (en) Aistrigh
tacar sonraí
investigative journalism (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe3 Aibreán 2016 Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábharcuideachta chaoch
tax noncompliance (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírPanama Cuir in eagar ar Wikidata
Fionnachtaí nó aireagóirCuibhreannas Idirnáisiúnta na nIriseoirí Iniúchta, 15 min (en) Aistrigh, 24 Chasa (en) Aistrigh, Australian Broadcasting Corporation (en) Aistrigh, ABC Color (en) Aistrigh, Aftenposten, Al Nahar (en) Aistrigh, Al-Alam News Network (en) Aistrigh, Aristegui (en) Aistrigh, Panorama, Búsqueda (en) Aistrigh, El trece (en) Aistrigh, Canadian Broadcasting Corporation (en) Aistrigh, Center for Investigative Reporting (en) Aistrigh, The Charlotte Observer (en) Aistrigh, Ciper (en) Aistrigh, CommonWealth Magazine (en) Aistrigh, CONNECTAS (en) Aistrigh, Daily Monitor (en) Aistrigh, Daily Nation (en) Aistrigh, De Tijd, Delo (en) Aistrigh, DR (en) Aistrigh, Efecto Cocuyo (en) Aistrigh, El Comercio, El Confidencial, El Faro (en) Aistrigh, El Universo, Expresso (en) Aistrigh, Falter (en) Aistrigh, Fusion (en) Aistrigh, Gazeta Wyborcza (en) Aistrigh, The Guardian, Haaretz, Het Financieele Dagblad (en) Aistrigh, The Indian Express, Journalism and Media Studies Centre, University of Hong Kong (en) Aistrigh, Knack (en) Aistrigh, Kyiv Post (en) Aistrigh, Kyodo News (en) Aistrigh, L'Espresso (en) Aistrigh, La Nación, La Prensa (en) Aistrigh, La Sexta (en) Aistrigh, Le Matin, Le Monde, Le Soir (en) Aistrigh, Malaysiakini (en) Aistrigh, The McClatchy Company, Mmegi (en) Aistrigh, Mondiaal Nieuws (en) Aistrigh, Norddeutscher Rundfunk (en) Aistrigh, Novaya Gazeta (en) Aistrigh, O Estado de São Paulo, Organized Crime and Corruption Reporting Project (en) Aistrigh, OjoPúblico (en) Aistrigh, Österreichischer Rundfunk (en) Aistrigh, Politiken, Premium Times (en) Aistrigh, Proceso, RedeTV! (en) Aistrigh, SonntagsZeitung (en) Aistrigh, Sveriges Television, Süddeutsche Zeitung, Tunis Afrique Presse (en) Aistrigh, Tempo (en) Aistrigh, The Australian Financial Review, The Irish Times, The Miami Herald, The Namibian (en) Aistrigh, Toronto Star, Trinidad Express Newspapers (en) Aistrigh, Trouw, TVI 24 (en) Aistrigh, Univision (en) Aistrigh, Universo Online (en) Aistrigh, Westdeutscher Rundfunk (en) Aistrigh agus Yleisradio Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Dáta fionnachtana nó tionscnaimh2015 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinicij.org… Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#PanamaPapers Cuir in eagar ar Wikidata


Bailiúchán mór cáipéisí rúnda de chuid Mossack Fonseca, comhlacht dlí Panamach, ab ea na Páipéir Phanama (Béarla: Panama Papers),

Bhris an scéal mór caimiléireachta amach sa bhliain 2016. Bhí na Páipéir tugtha - ag foinse rúnda - don Süddeutsche Zeitung, nuachtán Gearmánach. Ansin roinn SZ leis an gCuibhreannas Idirnáisiúnta Iriseoirí Iniúchacha (ICIJ), nuachtáin timpeall an domhain, nuachtán an Irish Times ina measc, agus rinneadh staidéar futhu ar feadh bliain amháin. D'oibrigh timpeall is 400 iriseoir de chuid 107 eagraíocht meán in breis agus 80 tír ar na cáipéisí.

Nochtaigh na cáipéisí an bealach a cuireadh maoine gnólachtaí, scaireanna, brabúis, agus imghabháil cánach i bhfolach ar mhaitheas ceannairí stáit agus polaiteoirí eile nach iad, chomh maith le lucht airgeadais, gnó, spóirt agus ealaíne.[1]

Cathair Phanama

Bhí 214,000 comhlacht luaite sna 11.5 milliún cáipéis, 2.6 teiribheart (TB) de shonraí san iomlán. Chuaigh cuid acu siar chomh fada leis na 1970idí agus scríobhadh cuid eile chomh déanach leis an mbliain 2016.

Ceanncheathrú Mossack Fonseca

Mossack Fonseca[cuir in eagar | athraigh foinse]

An comhlacht dlí as Panama, Mossack Fonseca a chuir na comhaid ar fáil.

Tá sé ar cheann na comhlachtaí is mó ar domhan a chuireann seirbhísí airgeadais ar fáil agus a bhfuil saineolas faoi leith aige ar chuntas eischósta.

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuairiscaíodh san Irish Times go raibh ainmneacha na gcéadta comhlacht agus duine as Éirinn a raibh maoin in Éirinn agus thar lear acu luaite sna comhaid.[2]

Duine díobh is ea iar-straitéisí Fhine Gael Frank Flannery a dúirt go bhfuair sé iasacht £625,000 STG  ó Bhanc na hÉireann i Londain le teach a cheannacht.[3][4] Duine seisean go ndearna sé athmhaoiniú ar an iasacht sin agus gur íoc sé chuile phingin ar ais sa gcuntas céanna.  Dúirt sé nach raibh a fhios aige tada faoi chuntas in Oileáin Bhriontanacha na Maighdeana agus gur gnóthaí príobháideacha a bhí ann.[2]

Freagairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúirt Oxfam Ireland gur tháinig chun solais an córas lofa cánach a bhí ar fud na cruinne.[2]

I measc na ndaoine a bhí bainteach ag an am a foilsíodh tuairisc Süddeutsche Zeitung, bhí ceannairí reatha cúig thír (an Airgintín, an Araib Shádach, na hÉimíríochtaí Arabacha Aontaithe, an Íoslainn, agus an Úcráin).

D'éirigh príomh-aire na hÍoslainne, Sigmundur Gunnlaugsson, as a oifig ar an 5 Aibreán 2016 mar thoradh ar an scannal a chothaigh an tuairisc san Íoslainn.

Cóiré Thuaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léirígh na cáipéisí go raibh cliantchomhlachtaí ag Mossack Fonseca sa gCóiré Thuaidh. Bhí siad seo ar liosta  státchiste na Stát Aontaithe den dream nach bhféadfaí a bheith iontaobhach astu agus a gcaithfí a bheith aireach fúthu. Bhí baint ag roinnt comhlachtaí le clár núiclíoch na Cóiré Thuaidh.[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Süddeutsche Zeitung. "All you need to know about the Panama Papers" (en). Süddeutsche.de. Dáta rochtana: 2022-12-20.
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2016-04-04). ""Córas cánach lochtach"-Oxfam" (as ga). 
  3. Michelle Hennessy. "The Panama Papers: The Irish connection" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2022-12-20.
  4. "Panama Papers: Fianna Fail says Frank Flannery must be held to account" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-20.
  5. Nuacht RTÉ (2016-04-05). "Meiriceá ag géarú ar chomhlachtaí cláraithe thar lear" (as ga).