An Íoslainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ísland
An Íoslainn
Bratach na hÍoslainne Armas hÍoslainne
Bratach Armas
Mana: (Níl aon cheann ann)
Amhrán náisiúnta: Lofsöngur
Suíomh hÍoslainne
Príomhchathair Réicivíc
64°8′ Thuaidh 21°56′ Thoir
An chathair is mó Réicivíc
Teangacha oifigiúla Íoslainnis
Rialtas Poblacht bhunreachtúil
Ólafur Ragnar Grímsson
Sigmundur Davíð Gunnlaugsson
Neamhspleáchas
 - Rialtas Dúchais
 - Flaitheas
 - Poblacht
Ón Danmhairg
1 Feabhra 1904
1 Nollaig 1918
17 Meitheamh 1944
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
103,000 km² (107ú)
2.7%
Daonra
 • Meas. ó 2011
 • Daonáireamh 1980
 • Dlús
 
318,452 (172ú)
229,187
3.1/km² (233ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$10.26 billiún (139ú)
$34,600 (11ú)
Airgeadra Króna (ISK)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
(UTC+0)
(UTC+0)
Fearann Idirlín .is
Glaochód +354

Is tír oileánach í an Íoslainn (Íoslainnis: Ísland), nó Inis Tuile, atá suite san Aigéan Atlantach. Is í Réicivíc an phríomhchathair agus an chathair is mó.

Is í an Alþingi parlaimint náisiúnta na hÍoslainne.

Tíreolaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is í an Íoslainn an t-ochtú hoileán déag is mó ar domhan, agus í suite san Aigéan Atlantach idir an Ghraonlainn, an Iorua, Éire, Albain agus Oileáin Fharó. Tá an Ciorcal Artach gar do oileán Grímsey lastuaidh d'oileán mór na hÍoslainne. Cuid den Eoraip is ea í fós, cé go bhfuil an tír scoite amach ón mhór-roinn.

Tundra is ea 62.7% den tír; lochanna agus oighearshruthanna is ea 14.3% den chuid eile agus níl ach 23% di faoi fhásra.[1] Tá an cósta 4,970 ciliméadar ar fad agus mórán caolsáilí ann. Is ann atá formhór na ndaoine ina gcónaí, agus na sléibhte chomh fuar neamhthorthúil sin. Is iad na bailte is mó Réicivíc, Kópavogur, Hafnarfjörður, Reykjanesbær (mar a bhfuil an t-aerphort idirnáisiúnta), agus Akureyri. Tá daoine ina gcónaí ar oileán Grímsey, an chuid den tír is faide ó thuaidh.[2]

Tá ceithre pháirc náisiúnta ann: Jökulsárgljúfur, Skaftafell, Snæfellsjökull agus Þingvellir.

Achar[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • An tír ar fad: 103,000 ciliméadar
  • Fásra: 23,805 ciliméadar
  • Lochanna: 2,757 ciliméadar
  • Oighearshruthanna: 11,922 ciliméadar
  • Talamh folamh: 64,538 ciliméadar[1]

Geolaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

An Géasar Mór i ngleann Haukadalur

Tír óg í an Íoslainn ó thaobh na geolaíochta de, í suite ar bhall te na hÍoslainne agus ar an Droim Lár-Atlantach, rud a fhágann go bhfuil geolaíocht an oileáin an-bheo, agus a lán bolcán ann dá bharr, go háirithe Hekla, Eldgjá, Herðubreið agus Eldfell. Nuair a bhrúcht Hecla sna blianta 1783-1784 tháinig gorta a mharaigh beagnach an ceathrú cuid den daonra[3] agus a d'fhág smúit os cionn an chuid ba mhó den Eoraip agus os cionn cuid den Áise agus den Afraic freisin ar feadh roinnt míonna ina dhiaidh sin.

Dettifoss, an t-eas is treise san Eoraip, in oirthuaisceart na hÍoslainne

Tá a lán géasar san Íoslainn. Toisc nach deacair teacht ar chumacht gheotheirmeach agus go bhfuil hidrileictreachas le fáil gan dua ó aibhneacha agus ó easanna, ní mór an costas atá ag gabháil le téamh na dtithe.

Tá an chuid is mó den oileán déanta de bhasalt, laibhe gan mhórán silice; ach brúchtann a lán bolcán laibhí de shaghas eile, ar nós rialaíte agus aindéisíte.

Tá baint ag an Íoslainn le Surtsey, ceann de na hoileáin is úire ar domhan. Nocht sé de bharr brúchtanna bolcánacha idir 8 Samhain 1963 agus 5 Meitheamh 1968, agus ní théann ann ach eolaithe atá ag déanamh taighde ar fhás na beatha. Baisteadh an t-oileán as Surtr, arracht an chlaímh lasánta.[4]

Aeráid[athraigh | athraigh vicithéacs]

Oighearshruth Eyjafjallajökull

Aeráid fhomholach atá ag an Íoslainn, agus bíonn rian Shruth te an Aigéin Atlantaigh Thuaidh uirthi. Is annamh a d'fheicfeá oighear in aice leis an gcósta. [5] Tríd is tríd, tá an cósta theas níos teo, níos fliche agus níos gaofaire ná an tuaisceart, agus tá ísleáin an tuaiscirt ar an gcuid is neamhthorthúla den tír. Is é lár sléibhtiúil na tíre an chuid is fuaire den Íoslainn.

Ba í an teocht ab airde a taifeadadh riamh 30.5 °C (86.9 °F) ar 22 Meitheamh 1939 ag Teigarhorn ar chósta an oirdheiscirt. Ba í an teocht ab ísle -38 °C (-36.4 °F) ar 22 Eanáir 1918 ag Grímsstaðir agus ag Möðrudalur san oirthuaisceart. Réicivíc: 26.2 °C (79.2 °F) ar 30 Iúil 2008, -24.5 °C (-12.1 °F) ar 21 Eanáir 1918.

Na réigiúin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Réigiúin na hÍoslainne

Tá ocht réigiún san Íoslainn agus iad á n-úsáid i mbailiú na staitisticí. Orthu atá na postcheantair bunaithe freisin.

Plandaí agus ainmhithe[athraigh | athraigh vicithéacs]

Caora Íoslannach

Is beag planda nó ainmhí a tháinig chun na hÍoslainne ó dheireadh na hoighearaoise 10,000 bliain ó shin. Tá eolas ar thuairim is 1,300 feithid ann, méid atá sách íseal le hais a bhfuil le fáil i dtíortha eile. Níl reiptílí ann, agus ní bhfuair na chéad daoine rompu ach sineach amháin, an madra rua Artach, ainmhí a bhain amach an Íoslainn thar an bhfarraige reoite i ndeireadh na hoighearoise.

Coillte beithe agus tundra is dual don Íoslainn, cé nach bhfuil fásra ar bith le fáil i dtrí cheathrú den tír; tá féar ann freisin agus é á ithe ag beithígh. Bhíodh coillte beithe (Betula pubescens) le fáil i gcuid mhaith den deisceart,[6] ach chuir daoine isteach go mór ar an bhfód éadrom bolcánach agus ar an mbeagán spéiceas a bhí ann. Baineadh an-úsáid as na coillte le haghaidh breosla agus adhmad tógála, agus tharla creimeadh de bharr an dífhoraoisithe, rud a bhac ar athfhás na mbeithí. Anois níl ach roinnt bheag beithí ann, cé go ndearnadh coillte nua a chur agus crainn iasachta san áireamh.

Ar na hainmhithe atá le fáil san Íoslainn anois tá caoirigh, beithígh, cearca, gabhair agus capaill láidre dúchasacha. Is iomaí saghas éisc atá le fáil ann, agus iad ar bhreis is leath na n-easportálacha. Tá madraí rua ann, lucha, francaigh, coiníní, minceanna agus réinfhianna. Tagann béir bhána ó am go chéile agus cnoic oighir á n-iompar ón nGríonlainn. Tá éin go leor ann – faoileáin, fuipíní, meirligh mhara agus saidhbhéir. Tá míolta móra le feiceáil, agus iad á seilg mar bhia agus ar son an taighde. [7]

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tionól an Alþingi ag Þingvellir – íomhá ón 19ú haois

An lonnú agus bunú an chomhlathais[athraigh | athraigh vicithéacs]

Deirtear gur tháinig manaigh Éireannacha (Papar) san 8ú haois agus gurbh iad na céad daoine a chuir fúthu san Íoslainn; má rinne, níor thángthas ar aon iarsmaí seandálaíocha ina ndiaidh. D’imigh siad, más fíor, nuair a tháinig na Lochlannaigh, dream a d’fhódaigh iad féin ann sa tréimhse 870-930. Thóg Ingólfur Arnarson teach ag Réicivíc sa bhliain 874,[8] agus lean Lochlannaigh eile é lena gcuid daor Éireannach. Faoin mbliain 930 bhí an chuid ba mhó den talamh torthúil sealbhaithe, agus bunaíodh an Tionól (Alþingi) mar bhunús Chomhlathas na hÍoslainne. Tháinig an Chríostaíocht isteach sna blianta 999-1000. Mhair an Comhlathas go dtí 1262, nuair a d’éirigh na taoisigh róláidir.

Ó na Meánaoiseanna go dtí an Nua-Aois Luath[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí achrann, aighneas agus troid ann nó gur síníodh an Sean-Chúnant, rud a thug an Íoslainn faoi smacht choróin na hIorua; nascadh ríochtaí na hIorua agus na Danmhairge sa chuid dheiridh den 14ú haois, agus d’fhan an Íoslainn faoi smacht na ríochta nua. Ina dhiaidh sin bhí an tír ar an trá fholamh: bhí na daoine ag brath ar an talmhaíocht, agus iad thíos le hithir neamhthorthúil, le brúchtanna bolcánacha agus le haeráid dhian. Tháinig an phlá sna blianta 1402-1404 agus 1494-1495, agus cailleadh tuairim is leath an phobail gach uair.[9] Timpeall lár an 16ú haois thosaigh Rí Christian III na Danmhairge ag brú an Liútarachais ar na daoine: baineadh an ceann d’easpag deireanach na hÍoslainne agus de bheirt mhac leis sa bhliain 1550, agus rinneadh príomhchreideamh na tíre den Liútarachas. Sa 17ú agus san 18ú haois chuir an Damhairg diansrianta le trádáil na hÍoslainne, agus rinne píoráidí ó Shasana, ón Spáin agus ón Aigéir na cóstaí a chreachadh. San 18ú haois mharaigh an bholgach tuairim is an triú cuid den phobal, agus sa bhliain 1783 bhrúcht bolcán darbh ainm Laki, rud ba chúis le breis is leath an eallaigh a mharú, le gorta mór agus le bás an ceathrú cuid den phobail nó mar sin, gan trácht ar smúit uafásach ar fud an domhain.

Neamhspleáchas[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa bhliain 1814, tar éis chogaí Napoléon, scar an Iorua agus an Danmhairg óna chéile, ach bhí an Íoslainn spleách ar an Danmhairg fós. Mar sin féin, tháinig gluaiseacht neamhspleáchais chun cinn faoi cheannas Jón Sigurðsson, gluaiseacht a bhí faoi anáil náisiúnaíochas rómánsach na hEorpa. Níor tugadh féinrialú don Íoslain go dtí an bhliain 1874, agus méadaíodh é sa bhliain 1904. Ar 1 Nollaig 1918 socraíodh leis an Danmhairg go mbeadh an Íoslainn ina stát neamhspleách faoi Choróin na Danmhairge. Faoin am sin bhí aghaidh ag neart Íoslannach ar Mheiriceá Thuaidh, go háirithe Ceanada; d’imigh timpeall 15,000 duine as pobal 70,000 sa chuid dheireanach den 19ú haois.[10]

Sa Dara Cogadh Domhanda d’fhógair an Íoslainn, ar nós na Danmhairge, go raibh sí neodrach. Nuair a rinne an Ghearmáin an Danmhairg a fhorghabháil ar 9 Aibreán 1940, dúirt parlaimint na hÍoslainne gur chóir do Rialtas na hÍoslainne údarás an Rí a ghlacadh chuici chun go bpléifeadh sé le gnóthaí eachtracha agus cúrsaí eile a mbíodh an Danmhairg ina mbun ar son na hÍoslainne. I gceann míosa ghabh fórsaí armtha na Breataine an tír, rud ab fhearr le mórán Íoslannach ná ionradh Gearmánach; sa bhliain 1941 tháinig fórsaí Meiriceánacha in ionad na Breataine, agus d’fhan siad ann mar arm forghabhála go ceann an Chogaidh.

Tháinig deireadh leis an socrú idir an Íoslainn agus an Danmhairg sa bhliain 1943, agus an bhliain ina dhiaidh sin vótáil 95% den phobal ar son bunreachta phoblachtaigh. Rinneadh poblacht den tír go foirmiúil ar 17 Meitheamh 1944.

D’fhág na Meiriceánaigh an Íoslainn sa bhliain 1946; chuaigh an tír i NATO sa bhliain 1949, rud ba chúis le hagóidí; sa bhliain 1951 síníodh comhaontú cosanta leis na Stáit Aontaithe, tháinig saighdiúirí Meiriceánacha ar ais, agus níor imigh siad go dtí an bhliain 2006.

Neartaigh an geilleagar i ndiaidh an Chogaidh, a bhuíochas sin ar thionsclú na iascaireachta, ar chabhair Marshall, agus (dar le mórán) ar threisiú na trádála de bharr pholasaithe Keynes. Sna seachtóidí rinne an Íoslainn a limistéar iascaireachta a fhairsingiú, rud a tharraing fearg na Breataine uirthi agus ba chúis le “hAighneas na dTrosc”. Fairsingíodh an geilleagar féin tar éis don Íoslainn dul sa Limistéar Eacnamaíoch Eorpach sa bhliain 1992, agus i gceann tamaill, sa bhliain 2003, beartaíodh ar scód a ligean le saothrú an airgeadais; bhí an-bhrabach le baint as seo, ach ba mhór an babhta ar na bancanna géarchéim eacnamaíoch na bliana 2008. Baineadh an bonn ón króna agus mhéadaigh an fiach náisiúnta nó go raibh sé ocht n-uaire níos mó ná an olltáirgeacht intíre.

Ní trom iad na cánacha le hais a ngearrtar i dtíortha eile de chuid an OECD.[11] Tá córas leasa shóisialaigh ann den saghas atá le fáil i dtíortha Lochlanna eile, agus é ag soláthar cúram comhchoiteann sláinte agus meánoideachais atá saor in aisce.[12]

Polaitíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Jóhanna Sigurðardóttir, Príomh-Aire na hÍoslainne

Bunaíodh an pharlaimint nua-aimseartha, an Alþingi sa bhliain 1845, ach athbhunú an tionóil a bhí ann sa bhliain 930 ba ea é i ndáiríre. Tá trí theachta is trí fichid sa rialtas sa lá atá inniu ann, agus toghtar iad gach ceathrú bliain. Is ceann stáit é an t-uachtarán, ach is é an príomh-Aire atá i gceannas ar an rialtas. De gnáth, ní bhíonn aon pháirtí amháin ábalta rialtas a chruthú ina aonar, agus is minic comhrialtas ann.

Toghtar an t-uachtarán gach ceithre bliana freisin. Bhí an toghchán ba dhéanaí acu sa bhliain 2009, nuair a bhuaigh páirtí de chuid na heite chlé an toghchán de bharr mhí-éifeacht na bpáirtithe eile sa ghéarchéim eacnamaíochta.

Cultúr[athraigh | athraigh vicithéacs]

Litríocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá roinnt scríbhneoirí rathúla ag an tír, mar shampla Halldór Laxness (é a bhuaigh Duais Nobel na Litríochta i 1955), Guðmundur Kamban, Tómas Guðmundsson, Davíð Stefánsson, Jón Thoroddsen, Guðmundur G. Hagalín, Þórbergur Þórðarson agus Jóhannes úr Kötlum. Taobh amuigh den tír féin, scríobh W. H. Auden agus Louis MacNeice na Letters From Iceland agus iad ag taisteal tríd an tír i 1937.

Ceol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá ceol traidisiúnta dá gcuid féin ag na hÍoslannaigh, go háirithe na rincí amhránaíochta: daoine ag rince i bhfáinne agus bailéid á rá acu. Inniu tá iomrá ar roinnt bannaí i gcúrsai rac-cheoil agus popcheoil: Sigur Rós, The Sugar Cubes, agus amhránaí an bhanna úd, Björk.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. 1.0 1.1 Suirbhé Náisiúnta Talún na hÍoslainne
  2. "CIA factbook"
  3. Late Holocene climate
  4. Surtsey Volcano
  5. Climate, History and the Modern World; Lamb H., 1995, Longman Publ.
  6. Deirtear in Íslendingabók, cuntas le Ari Þorgilsson (1067–1148 AD) ar lonnaíocht na tíre: "Í þann tíþ Ísland viþi vaxit á miþli fiallz oc fiöro" (Ag an am sin bhí an Íoslainn faoi chrainn idir na sléibhte agus an trá): http://archive.org/details/slendingabkersk00smgoog.
  7. Marine Research Institute: Cetaceans
  8. History of Medieval Greenland
  9. 6th-10th century AD
  10. For Iceland, an exodus of workers, International Herald Tribune, December 5, 2008
  11. OECD
  12. http://www.borg.hi.is/ChildWelfare

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]


Bratach an AE An tAontas Eorpach (AE) Bratach an AE
an Bheilgan Bhulgáiran Chipiran Chróitan Danmhairgan EastóinÉirean Fhionlainnan Fhraincan Ghearmáinan Ghréigan Iodáilan Ísiltíran Laitviaan LiotuáinLucsamburgMáltaan Ostairan Pholainnan Phortaingéilan Ríocht Aontaithean Rómáinan tSeican tSlóvaican tSlóivéinan Spáinnan tSualainnan Ungáir
Tíortha iarrthacha
an ÍoslainnPoblacht na MacadóineMontainéagróan tSeirbiaan Tuirc