Domhnach na Pailme
Jump to navigation
Jump to search
Is féile Críostaí é Domhnach na Pailme.[1] Ceiliúrtar teacht isteach caithréimeach Íosa Críost in Iarúsailéim roimh a Pháis.
An Soiscéal[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá an sliocht faoi theacht Íosa isteach go hIarúsailéim le fáil i ngach ceann de na trí shoiscéil shionaptacha, Matha, Marcas agus Lúcás. Thug an eachtra le tuiscint do lucht leanúna Chríost an fháistine ag an fáidh Zacairiá (9:9-10) faoi theacht an rí, an Meisias.[2]

Maracaibo, Veiniséala
Eoin 12:12-16:[cuir in eagar | athraigh foinse]
- "... Nuair a chuala an slua go raibh Íosa ag teacht go Iarúsailéim, thóg siad craobhacha pailme agus amach leo ina choinne, agus na gártha á gcur suas acu: “Hósana! ... "[3]

alQosh, an Iaráic
Marcas 11:1-10.[cuir in eagar | athraigh foinse]
- "... thug siad leo an searrach go dtí Íosa agus chuir siad a mbrait anuas air agus chuaigh sé ina shuí air. Leath a lán daoine a mbrait ar an mbóthar, a thuilleadh craobhacha a bhain siad sna goirt; agus na daoine a bhí roimhe amach, agus iad siúd a bhí á leanuint, bhí na gártha acu á gcur suas:“Hósana! ...
Tá Íosa ag teacht go humhail go hIarúsailéim, ag marcáiocht ar asal, téacs atá luaite ag Matha (ach nach bhfuil ag Marcas): “Abraigí le hiníon Síón: Feach, tá do rí ag teacht chugat, agus é go ceansa, ag marcaíocht ar asal, ar shearrach beithígh iompair”.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Ó DHÚCHAS… ‘Bhí Domhnach na Pailme againn an Domhnach seo caite…’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-14.
- ↑ "Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, Domhnach na Pailme, 29 Márta 2015 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Dáta rochtana: 2019-04-14.
- ↑ "'Your king is coming . . .' Sunday Reflections, Palm Sunday Year B". 'Your king is coming . . .' Sunday Reflections, Palm Sunday Year B. Dáta rochtana: 2019-04-14.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |