Soiscéal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Soiscéal Mharcais

Is éard is soiscéal ann ná (Gréigis ársa: εὐ 'so' nó 'dea' agus αγγέλιον 'teachtaireacht') cuntas i scríbhinn a dhéanann cur síos ar shaol 'Íosa Nazórach Rí na nGiúdach'. Scríobhadh iad i nGréigis i dtús agus aistríodh iad go Laidin níos déanaí. Sa chiall níos ginearálta, is féidir leis an téarma "soiscéal" tagairt don teachtaireacht nó an 'Dea-Scéal' sa Tiomna Nua. Tá scoláirí ar aon intinn gurbh é an chéad soiscéal a scríobhadh ná soiscéal Mharcais, thart ar 70 CR, agus gur lean soiscéil Mhatha agus Lúcáis é sin i lár na ndeich mbliana a lean é sin, agus Eoin deich mbliana níos déanaí arís.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "AnBioblaNaofa.org". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-08-05. Dáta rochtana: 2016-10-16.