Aoine an Chéasta
Cineál | public holidays in France (en) lá féile Críostaí public holidays in Norway (en) public holidays in Sweden (en) public holidays in Switzerland (en) public holidays in Austria (en) public holidays in Greece (en) public holiday in the Czech Republic (en) public holidays in Germany (en) public holidays in Sabah (en) public holidays in Australia (en) | ||
---|---|---|---|
Comóireann sé | Céasadh Íosa | ||
Cuid de | Paschal Triduum (en) | ||
Lá | 2 lá roimh an Cháisc | ||
Lá den tseachtain | An Aoine | ||
Haischlib | #Karfreitag agus #GoodFriday |
Is í Aoine an Chéasta an Aoine roimh Dhomhnach na Cásca. De réir fhoirceadal na Críostaíochta, b'ar an Aoine seo a céasadh Íosa Críost go bás ar an gCros.
Na Soiscéil
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir mar a deirtear sna Soiscéil, tháinig na hardsagairt agus na seanóirí le chéile ar maidin le socrú le chéile go gcuirfí Íosa chun báis. Chuir siad an bhreith seo faoi bhráid an ghobharnóra Rómhánaigh, Pointias Píoláit, nach raibh ró-fhonnmhar chun Íosa a chur chun báis.
Faoi bhrú na n-ardsagart agus na seanóirí, áfach, agus iad siúd ag gríosú na gramaisce in aghaidh Íosa, ghéill Píoláit Íosa a chur chun báis. Theastaigh ó na hardsagairt Íosa a mharú mar bhlaisféimeoir, ó bhí sé tar éis a rá gurbh é mac Dé é, ach d'áitigh siad ar Phíoláit gur ceannairceoir agus tuathghríosóir ab ea Críost a bhí ag iarraidh "rí na nGiúdach" a ghairm de féin - is é sin, rí a bhí ag beartú na Rómhánaigh a ruaigeadh as Iarúsailéim agus ríocht neamhspleách na nGiúdach a bhunú. Tugadh le fios do Phíoláit "nach mbeadh sé ina chara mhaith ag Impire na Róimhe", ach oiread, mura mbeadh sé sásta an bhreith bháis a dhearbhú.
Chuir saighdiúirí an ghobharnóra clóca dearg ar Íosa agus chuir siad "coróin" de chraobhacha deilgneacha air le hé a chéasadh. Ansin, thug siad "rí na nGiúdach" air go magúil, agus iad ag ligean orthu féin go raibh siad ag umhlú dó mar a bheadh rí ann.
Ina dhiaidh sin, bhain siad an clóca de arís agus iad á bhualadh is á chéasadh. B'éigean d'Íosa a chros féin a iompar go Calvaire, áit ar tairneáladh den chros é.
Nósanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]"Ar Aoine an Chéasta, cuireann na daoine na preátaí luatha. Ar Aoine an Chéasta téann na daoine chuig tobar beannaithe, téann muintir Fhánada siar go dtí tobar Dumhach Mhóir (Tobar Naomh Bhudóg) agus ólann siad cúpla deoch amach as an tobar, agus beireann siad cúpla buidéal as an tobar leo. Téann na daoine siar ‘un tobair ar maidin agus ba ghnách leo troscadh a dhéanamh go dtí an dó dhéag an lá sin, nó go ndéanadh na linbh trí scread leis an ocras. Níor chóir daofa a gcuid gruaige a chíoradh ach oiread."[1]
"...lá troscaidh is ea é. Ní bhíonn aon chaitheamh aimsire, rince ná spórt ag aon duine an lá san. Téann gach duine go dtí an séipéal an lá san chun stáisiúin na croise a dhéanamh. Dá dtagadh tinneas nó pian ar aon bhall ded chorp, deir na seandaoine go mbeadh sé ort ar feadh do shaoil ...
"do thugtaí ubh Aoine an Chéasta ar aon ubh a bheireadh cearc ar Aoine an Chéasta. Do chuireadh muintir an tí na huibheacha sin i leataobh go cúramach. Uair éigin tar éis an mheán oíche maidin Domhnach Cásca d’éiríodh muintir an tí agus bheirídís na huibheacha sin agus d’ithidís iad. "[1]
Tá cuntas suimiúil ó Chill Dara ina bhfuil sé luaite go raibh ádh inteacht le huibheacha a bhreith cearc ar Aoine an Chéasta agus gur shábháil daoine na huibheacha sin agus gur éirigh siad i lár na hoíche (idir an Satharn agus Domhnach na Cásca) chun iad a ithe ansin.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 tuairisc.ie (2023). "Ó DHÚCHAS: Ó throscadh go féasta faoi Cháisc…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-10.
- ↑ Dubhán Ó Longáin (2024-03-31). "Deasghnátha na nGael um Cháisc" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-04-01.