Pointias Píoláit

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pointias Píoláit
L Mazzolin Cristo ante Pilatos 1525 MFA Budapest.jpg
gobharnóir Rómhánach

26 - 36
Valerius Gratus (en) Aistrigh
Saol
Eolas breitheAbruzzo, Nollaig 12 BC
NáisiúntachtAn tSean-Róimh
BásAnaithnid
Muintir
Céile/CéilíPontius Pilate's wife (en) Aistrigh
Oideachas
TeangachaAn Ghréigis
An Laidin
Gairm
Gairmpolaiteoir agus feidhmeannach
Féile
25 Meitheamh
Seirbhís mhíleata
Brainse míleataRoman army (en) Aistrigh
Céimlegatus

Bhí Pointias Píoláit (Laidin: Pilatus, Gréigis: Πόντιος Πιλᾶτος) ina mhaor (nó gobharnóir) ar an gcúige Rómhánach Iúdáia idir na blianta 26-36. An teideal a bhí aige ná 5ú Prócadóir Iúdáia, agus cuimhnítear é mar an duine a cheadaigh céasadh Íosa Críost.

Luaitear Píoláit i ngach ceann de na soiscéil, agus aontaítear go raibh drogall air Íosa a chur chun báis.

Imeachtaí Aoine an Chéasta[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir mar a deirtear sa Bhíobla, tháinig na hardsagairt agus na seanóirí le chéile ar maidin le socrú le chéile go gcuirfí Íosa chun báis. Chuir siad an bhreith seo faoi bhráid an ghobharnóra Rómhánaigh, Pointias Píoláit, nach raibh ró-fhonnmhar chun Íosa a chur chun báis.

Inscríbhinn

Faoi bhrú na n-ardsagart agus na seanóirí, áfach, agus iad siúd ag gríosú na gramaisce in aghaidh Íosa, ghéill Píoláit Íosa a chur chun báis. Theastaigh ó na hardsagairt Íosa a mharú mar bhlaisféimeoir, ó bhí sé tar éis a rá gurbh é mac é, ach d'áitigh siad ar Phíoláit gur ceannairceoir agus tuathghríosóir ab ea Críost a bhí ag iarraidh " na nGiúdach" a ghairm de féin - is é sin, rí a bhí ag beartú na Rómhánaigh a ruaigeadh as Iarúsailéim agus ríocht neamhspleách na nGiúdach a bhunú. Tugadh le fios do Phíoláit "nach mbeadh sé ina chara mhaith ag Impire na Róimhe", ach oiread, mura mbeadh sé sásta an bhreith bháis a dhearbhú.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]