Impireacht na Róimhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Impireacht Rómhánach)
Jump to navigation Jump to search
Impireacht na Róimhe
Senatus Populusque Romanus (SPQR)
"Seanad agus Muintir na Róimhe"''
27 RC-476/1453
Bratach
Bratach
Suíomh
Príomhchathair An Róimh
Teanga(cha) Laidin, Sean-Ghréigis
Rialtas
Monarcacht

Is gnách Impireacht na Róimhe a thabhairt ar thréimhse an rialtais uathlathaigh i stair na sibhialtachta sean-Rómhánaí. Tháinig ré na hImpireachta i ndiaidh na Poblachta Rómhánaí, a mhair an leathmhílaois ón mbliain 510 r. Chr. go dtí an aois dheireanach r. Chr. Ba é ba chúis le deireadh na Poblachta ná an lagú a tháinig ar fhorais agus ar thraidisiúin na Poblachta de dheasca na coimhlinte idir Gaius Marius agus Lucius Cornelius Sulla, agus, ina dhiaidh sin, de dheasca an chogaidh chathartha idir Iúil Caesar agus Pompeius. Is féidir tús na hImpireachta a dhátáil go héagsúil. Deir daoine áirithe gur tháinig deireadh leis an bPoblacht nuair a bhain Iúil Caesar amach an bhuandeachtóireacht (44 r.Chr.), ach is féidir a mhaíomh freisin gurbh é an lá ceart an lá ar chloígh Octavianus, oidhre Chaesar, a chuid naimhde i gCath Actium ar an 2 Meán Fómhair 31 r.Chr., nó an lá ar bhronn Seanad na Róimhe an t-ainm úd Ágastas air.

Go bunúsach, is é is brí leis an nath Laidine Imperium Romanum ná "na tailte atá faoi smacht ag an Róimh" - is é sin, tá an focal úd imperium (cumhacht, údarás pearsanta) ag tagairt do na críocha féin atá i gceist. Sroicheann an impireacht a fhad is a thugtar aird ar imperium an Impire. Ó ré Ágastais go dtí an lá ar thit an leath Iartharach den Impireacht as a chéile faoi thionchar Imirce Mhór na Náisiún, Ba í an Róimh an ríocht ba mhó cumhachta, daonra agus achair in Iarthar na hEoráise agus i dTuaisceart na hAfraice. Thosaigh an Róimh ag dul i bhfairsinge i bhfad sular tháinig an mhonarcacht i leaba na poblachta, agus shroich sí barr a fairsinge i ré an Impire Traianus, nuair a cloíodh an Dáicia (i Rómáin an lae inniu) sa bhliain 106. San am sin, bhí timpeall is 5,900,000 ciliméadar cearnacha de thailte faoi smacht na Róimhe. D'fhág an Róimh a sliocht ar chultúr, ar dhlí, ar theicneolaíocht, ar ealaíne, ar theangacha, ar reiligiún, ar rialtas, ar fhórsaí armtha, agus ar ailtireacht na sibhialtachtaí a tháinig i gcomharbas uirthi, agus is féidir a rá go gcaitheann an Róimh a scáth orainn inniu féin.

Scar dhá leath na hImpireachta - leath na Róimhe agus leath Chathair Chonstaintín - as a chéile, agus an bheirt acu ag tabhairt "Impireacht na Róimhe" orthu féin. Go traidisiúnta, glactar leis gur tháinig deireadh le hImpireacht na Róimhe ar an 4 Meán Fómhair 476, nuair a cuireadh Impire deireanach Iarthar na Róimhe, Romulus Augustus nó "Augustulus", as cumhacht, gan aon duine a ghlacfadh an ríchathaoir ina dhiaidh. Mar sin, chuaigh Impireacht Iarthar na Róimhe in éag i rith na cúigiú haoise, ach mhair an leath Oirthearach - an Impireacht Bhiosántach, mar is gnách a thabhairt uirthi inniu - go dtí an bhliain 1453, nuair a chuir na Turcaigh Otamánacha de dhroim an tsaoil í. Choinnigh na Biosántaigh cultúr agus dlí na sibhialtachta Gréagaí agus Rómhánaí beo ina measc, chomh maith leis an gCríostaíocht Heilléineach agus Cheartchreidmheach, ach níor mhair an Laidin ina mbéal, nó b'fhearr leo an Ghréigis, a bhí á labhairt go fairsing mar chineál francbhéarla in Oirthear na hImpireachta le fada.

Forbairt na hImpireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go traidisiúnta, aithníonn na staraithe dhá thréimhse i stair na hImpireachta, is é sin, an Phrionsacht (nó principatus, ón bhfocal princeps, is é sin, "an chéad saoránach"), a mhair ó ré Ágastais go dtí Géarchéim na Tríú hAoise, agus an Tiarnacht (bunaithe ar an bhfocal dominatus, a thagann ó dominus, tiarna), a thosaigh nuair a tháinig Diocletianus i gcumhacht agus a chuaigh in éag le hImpireacht na Róimhe Iartharaí. I mblianta na Prionsachta, coinníodh cuma na poblachta ar an impireacht, agus na forais phoblachtacha i bhfeidhm i gcónaí. Nuair a tháinig an Tiarnacht ar an bhfód, áfach, níor sparáladh ar thaispeántas feiceálach na cumhachta, ar chorónacha óir ná ar dheasghnáthaí impiriúla. Níos deireanaí, shocraigh na staraithe nach raibh an scéal chomh simplí sin: fágadh foirmeacha stairiúla áirithe ó laethanta na poblachta Rómhánaí beo thar na haoiseanna go dtí an Impireacht Bhiosántach féin, agus chuirtí an mhórgacht impiriúil ar taispeántas go galánta i dtús ré na himpireachta féin.

An Chéad Impire: Ágastas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Ágastas (Gaius Julius Caesar Octavianus roimh an bhliain 27 r. Chr) an chéad Impire Rómhánach.

Tháinig Ágastas i gcomharbas ar Iúil Caesar. Chuir Ágastas deireadh leis na cogaí cathartha a bhí á gcur sa Róimh ó laethanta Iúil Caesar anuas, agus bhunaigh sé rítheaghlach na Séasar. Thug sé le tuiscint nach raibh sé ach ag iarraidh Poblacht na Róimhe a thabhairt ar ais agus a atógáil, ach le fírinne, is é an rud a rinne sé ná an phoblacht sin a iompú ina himpireacht oidhreachtúil. Bhí sé an-mhaith i mbun riaracháin, agus tháinig rath ar an Róimh. Bhunaigh sé an Garda Praetóireach mar ghardaí pearsanta an impire. Fuair sé bás ar 19 Lúnasa AD 14.

Rítheaghlach Iúil agus Claudius[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tibir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Tibir (Tiberius) an dara himpire. Tháinig Tibir i gcomharbacht ar Ágastas (leanbh uchtaithe de chuid Ágastais ab ea Tibir).

Caligula[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Caligula i gcomharbacht ar Tiberius. Nuair a bhí an chéad bhliain dá thréimhse ina Impire ag druidim chun deireanais, tháinig tinneas air, agus deir na staraithe go raibh sé as a mheabhar ina dhiaidh sin. Bhí ráflaí ann ag an am go raibh sé ag bualadh craicinn lena chuid deirfiúracha agus gaireadh bandia dá dheirfiúr Drusilla nuair a fuair sí bás go tobann sa bhliain 38. D'ordaigh Caligula go dtógfaí dealbha de ar fud na hImpireachta, rud a chuir olc ar na Giúdaigh nuair a tógadh dealbh i lár an teampaill in Iarúsailéim. Mharaigh an Garda Praetóireach é i ndeireadh Mhí Eanáir sa bhliain 41.

Cláidias[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba uncail le Caligula é Cláidias (Claudius). Bhí sé an-mhaith i mbun riaracháin.

Nearó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Nearó, nó Nero Claudius Caesar Augustus Germanicus, a saolaíodh faoin ainm Lucius Domitius Ahenobarbus, ar a dtugtaí Nero Claudius Caesar Drusus Germanicus freisin, (15 Nollaig 37 - 9 Meitheamh 68) an cúigiú hImpire ar Impireacht na Róimhe. Tá clú air mar gheall ar an bhfinscéal gur sheinn sé ar an bhfidil agus an Róimh ag dul trí thine. Thairis sin, bhí sé ar dhuine de na hImpirí ba mhó a rinne géarleanúint ar na Críostaithe i stair na hImpireachta.

Ceannaircí agus Bliain an Cheathrair Impirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh cogadh cathartha san impireacht. Chuir Nearó lámh ina bhás féin sa bhliain 68. Sa bhliain 69, bhí an Impireacht faoi smacht ag Galba, Otho, Vitellius agus Veaspáisian i ndiaidh a chéile. Mar sin, tugtar Bliain an Cheathrair Impirí at 69.

Rítheaghlach Flavius[cuir in eagar | athraigh foinse]

Veaspáisian[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a tháinig deireadh le Bliain an Cheathrair Impiri, bhí an Impireacht faoi smacht ag Vespasianus, agus d'éirigh leis deireadh a chur leis an gcogadh cathartha.

Titus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba mhac le Vespasianus é Titus. Chuir sé deireadh le héirí amach na nGiúdach sa bhliain 70. Nuair a cailleadh Vespasianus sa bhliain 79, tháinig Titus i gcomharbacht air. Ar an 24 Lúnasa sa bhliain sin, bhrúcht Sliabh Vesuvius agus cailleadh a lán daoin sa cheantar máguaird. Tháinig tinneas ar Titus sa bhliain 81, agus fuair sé bás.

Domitianus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba dheartháir le Titus é Domitianus. Ba rialtóir tiarnúil é. Feallmharaíodh Domitianus sa bhliain 96.

Rítheaghlach Antoninus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nerva[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a maraíodh Domitianus, gaireadh Impire de Nerva. Comhairleoir de chuid Domitianus a bhí ann. Bhí sé 65 bliana d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin sa bhliain 96, agus fuair sé bás i mí Eanáir 98.

Traianus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Traianus sa Spáinn. Ginearál den scoth a bhí ann, agus cheap Nerva Traianus mar chomharba sular cailleadh é. Gaireadh "Optimus Princeps" (an rialtóir is fearr) de.

Hadrianus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Spáinneach ba ea Hadrianus, agus bhí gaol aige le Traianus. Phós sé Vibia Sabina, garneacht de chuid Traianus, agus tháinig sé i gcomharbacht ar Traianus. Riarthóir maith a bhí ann.

Antoninus Pius[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roghnaigh Hadrianus Antoninus Pius mar chomharba, agus tháinig sé i gcoróin sa bhliain 138 Bhí an Róimh faoi shíocháin le linn a ré. Cailleadh Antoninus Pius sa bhliain 161.

Marcus Aurelius agus Lucius Verus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí gaol ag Marcus Aurelius agus Lucius Verus le Hadrianus agus Antoninus Pius, agus d'uchtaigh Antoninus iad. Tháinig siad i gcomharbacht air, ach tháinig tinneas ar Verus sa bhliain 169 agus fuair sé bás. Fealsamh Stóch ab ea Marcus Aurelius. Bhí cogaí á gcur ar theorainn na himpireachta le linn a ré, mar bhíodh na "barbaraigh" ag sárú teorainneacha.

Commodus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba mhac le Marcus Aurelius é Commodus. Dar leis na staraithe, tháinig deireadh le ré órga an Pax Romana le linn a ré. Feallmharaíodh Commodus sa bhliain 192.

Rítheaghlach Severus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gaireadh impire de Septimus Severus sa bhliain 193. Bhí a lán iarrthóirí ann, agus bhí cogaí cathartha á gcur san impireacht ó 193 go 197, ach nuair a tháinig deireadh leis na cogaí, bhí an impireacht faoi smacht ag Septimus Severus. Bhunaigh sé rítheaghlach nua, a mhair ó 193 go 235, cé go raibh a lán géarchéimeanna polaitiúla ar siúl.

Géarchéim na Tríú hAoise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar éigean nár tháinig deireadh leis an Impireacht le linn na tréimhse seo (idir 235 agus 284). Bhí cogaí, géarchéimeanna eacnamaíochta, plánna agus galair ar siúl.

Críochdheighilt na hImpireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dióicléitiánas[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh le Dióicléitiánas (Diocletianus) deireadh a chur le Géarchéim na Tríú hAoise. Tháinig sé i gcoróin sa bhliain 284. Cheap sé go raibh an impireacht ró-mhór, agus mar sin chuir sé tús le críochdheighilt na himpireachta. Tharraing sé siar ó chúrsaí an rialtais sa bhliain 305, agus fuair sé bás sa bhliain 311.

Clann Chonstaintín[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Chonstaintín I (Constaintín Mór) deireadh leis na cogaí cathartha a bhí á gcur san impireacht. Ba é Constaintín I an chéad impire a d'iompaigh ina Chríostaí, agus bhí líon na gCríostaithe ag dul i méid as sin amach. Bhunaigh sé príomhchathair nua in impireacht an Oirthir, Cathair Chonstaintín. As sin amach, ba í an Róimh príomhchathair an Iarthair agus ba í Cathair Chonstaintín príomhchathair an Oirthir. Cailleadh Constaintín sa bhliain 337.

Rítheaghlach Valentinianus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Valentinianus Mór i gcoróin sa bhliain 364, agus bhunaigh sé ríshliocht nua. Cailleadh Valentinianus sa bhliain 375. Tháinig meath ar an impireacht arís i ndiaidh a lae, agus brú ar theoireannacha na himpireachta. Ba é ríshliocht Valentinianus a bhí ag rialú an Iarthair ó 364 go 392 agus ag ríalú an Oirthir ó 364 go 378.

Athaontú faoi Theodosius[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Theodosius Mór an t-impire deireanach a bhí ag rialú na Impireachta uile, idir oirthear agus iarthar. Fuair sé bás sa bhliain 395, agus tháinig meath ar an iarthar arís i ndiaidh a lae. Chreach Alaric, rí na nGotach, cathair na Róimhe sa bhliain 410.

Deireadh na Róimhe Iartharaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go traidisiúnta, glactar leis gur tháinig deireadh le hImpireacht na Róimhe ar an 4 Meán Fómhair 476, nuair a cuireadh Impire deireanach Iarthar na Róimhe, Romulus Augustus nó "Augustulus", as cumhacht, gan aon duine a ghlacfadh an ríchathaoir ina dhiaidh. Gaireadh Rí na hIodáile de shaighdiúir barbarach, Odoacer.

Impireacht an Oirthir - an Impireacht Bhiosántach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Impireacht Iarthar na Róimhe in éag i rith na cúigiú haoise, ach mhair an leath Oirthearach - an Impireacht Bhiosántach, mar is gnách a thabhairt uirthi inniu - go dtí an bhliain 1453, nuair a chuir na Turcaigh Otamánacha de dhroim an tsaoil í. Choinnigh na Biosántaigh cultúr agus dlí na sibhialtachta Gréagaí agus Rómhánaí beo ina measc, chomh maith leis an gCríostaíocht Heilléineach agus Cheartchreidmheach, ach níor mhair an Laidin ina mbéal, nó b'fhearr leo an Ghréigis, a bhí á labhairt go fairsing mar chineál francbhéarla in Oirthear na hImpireachta le fada.

Teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í an Laidin príomhtheanga na Róimhe féin, agus ar fud an iarthair, ach bhí an Ghréigis tábhachtach san Impireacht freisin. Bhí an-mheas ag na Rómhániagh ar stair agus cultúr na nGréagach cé go raibh an Ghréig faoi chois acu, agus bhí an Ghréigis á labhairt go fairsing mar chineál francbhéarla in Oirthear na hImpireachta. Ba í an Ghréigis príomhtheanga na mBiosántach.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí tionchar ollmhór ag Impireacht na Róimhe ar stair an domhain, mar shampla teanga, litríocht, rialtas, dlíthe, ailtireacht, innealtóireacht, leigheas, spórt, ealaíona, eolaíocht.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]