Nearó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Nearó.

Ba é Nearó, nó Nero Claudius Caesar Augustus Germanicus, a saolaíodh faoin ainm Lucius Domitius Ahenobarbus, ar a dtugtaí Nero Claudius Caesar Drusus Germanicus freisin, (15 Nollaig, 37 - 9 Meitheamh, 68) an cúigiú hImpire ar Impireacht na Róimhe.

Tá clú ar Nearó mar gheall ar an bhfinscéal gur sheinn sé ar an bhfidil agus an Róimh ag dul trí thine. Thairis sin, bhí sé ar duine de na hImpirí ba mhó a rinne géarleanúint ar na Críostaithe i stair Impireacht na Róimhe.

Riail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Nearó ag rialú na Róimhe sna blianta 54-68, agus é ag díriú ar chúrsaí taidhleoireachta, trádála agus cultúir ach go háirithe.

Nero agus a mháthair, Agrippina (Antonio Rizzi)

Tá sé de chlú ar Nearó gur chaith sé an chuid ba mhó dá am ag útamáil le ceoltóireacht, ag marú Críostaithe agus ag bualadh craicinn le fir is le mná, gan trácht a dhéanamh ar mharú a mháthar féin (Agrippina).

Tá an tuiscint seo bunaithe ar scríbhinní Suetonius, Cassius Dio, agus Tacitus, nach raibh mórán bá ag aon duine acu le Nearó. Tá foinsí ann, áfach, a thugann le fios go raibh an-luiteamas ag cosmhuintir na Róimhe le Nearó.

an finscéal gur sheinn Nearó ar an bhfidil agus an Róimh ag dul trí thine. (Quo Vadis, ag M. de Lipman, Altemus 1897).

Géarleanúintí na gCríostaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maidir leis na staraithe Críostaí, is é an bharúil a bhí acusan riamh gurbh é Nearó a chuir tús le géarleanúintí na gCríostaithe sa Róimh. De réir na bhfinscéalta Críostaí, cuireadh beirt Aspal, mar atá, Peadar agus Pól, chun báis nuair a bhí Nearó sa ríchathaoir. Bhain an scríbhneoir Polannach Henryk Sienkiewicz leas as an scéal seo ina mhórúrscéal Quo vadis, a thabhaigh Duais Nobel na Litríochta dó sa bhliain 1905. Úrscéal stairiúil atá ann agus é suite sa Róimh le linn Nearó.

Géarleanúintí na gCríostaithe: "Torches of Nero" (Henryk Siemiradzki, circa 1876)

Féinmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 68, d'éirigh na míleataigh amach in aghaidh Nearó.

Chuir an t-impire lámh ina bhás féin ansin, de rogha ar an gcur chun báis a bhí i ndán dó.

Airgead

Thum an Impireacht i gcogadh cathartha ar feadh bliana, a dtugtar Bliain na gCeithre Impirí air. Tháinig Vespasian i gcomharbacht ar Nearó faoi dheireadh.

Piseoga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh géarleanúintí Nearó go mór mór i bhfeidhm ar na Críostaithe comhaimseartha.

Vasiliy Smirnov, La morte di Nerone (1888)

In Apacailipsis Eoin, luaitear beithíoch agus marc an bheithígh, agus deirtear gurb é 666 uimhir an bheithígh. Cé gurb iomaí ciall is féidir le lucht an mhisteachais a bhaint as an uimhir sin, is é an tuiscint atá ag an Eaglais gur tagairt do Nearó a bhi ann.

Neron Kesar (666)

Is amhlaidh gur féidir úsáid na n-uimhreach a bhaint as na litreacha Eabhraise, agus má scríobhtar an t-ainm NERON síos sna litreacha sin, is féidir é a chiallú mar "666".

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]