Naomh Peadar
Naomh Peadar | |||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||
33 - 67 ← luach ar iarraidh - Naomh Líneas →
37 - 54 ← luach ar iarraidh - Evodius → | |||||||||
Saol | |||||||||
Eolas breithe | Béatsáide, 1 BC | ||||||||
Áit chónaithe | Iarúsailéim Aintíoch An Róimh Capernaum (en) ![]() | ||||||||
Bás | Rome (en) ![]() | ||||||||
Áit adhlactha | reilig na Vatacáine | ||||||||
Cúis bháis | pionós an bháis (céasadh) | ||||||||
Muintir | |||||||||
Céile/Céilí | wife of Saint Peter (en) ![]() | ||||||||
Siblíní | liosta iomláin | ||||||||
Teaghlach | liosta iomláin | ||||||||
Múinteoirí | Íosa Críost | ||||||||
Mic léinn | Evodius | ||||||||
Gairm | |||||||||
Gairm | preispitéir agus iascaire | ||||||||
Áit oibre | An Róimh | ||||||||
Féile | |||||||||
29 Meitheamh | |||||||||
Cleamhnú | |||||||||
Reiligiúin | Jewish Christian (en) ![]() |
Ba é Naomh Síomón Peadar ceannaire na n-aspal ag Íosa Críost. Rugadh é i mBeitsaide na Gailíle timpeall am Chríost. Bhí sé ina iascaire nuair a ghlaoigh Críost air agus a dheartháir Aindriais, a bhíodh ina dheisceabal Eoin Baiste roimhe. Tá pictiúr níos iomláine againn ar Pheadar ó na ceithre shoiscéal nó mar atá ar na haspail eile. Cé go suntasach gurbh eisean an ceannaire ar an dáréag, shéan sé a mháistir faoi thrí le linn na páise.
Tar éis aiséirí agus deasgabháil Íosa Críost, ghlac Peadar ceannaireacht ar an Eaglais. Dar le Caitlicigh, b'eisean an chéad Pápa a bhí ann. Úsáidtear, i measc nithe eile, an téacs ó Mhatha 16:18-19 ina dtugtar eochracha Ríocht na bhFlaitheas dó le n-é sin a chosaint. Cé go n-aontaíonn Ceartchreidmhigh leis sin, ní aontaíonn siad gur ionann sin agus an suíomh atá ag Pápa na Róimhe anois. Ní dhéanann Protastúnaigh an ceangal céanna.
D'imigh Peadar go hAntioch go luath i ndiaidh aimsir Ghníomhartha na nAspal agus b'eisean an chéad easpag ann. Ó shin, d'imigh sé chun na Róimhe, inár bhunaigh sé an Eaglais ansin. Céasadh é bun os cionn sa bhliain 67 i nGearleanúint na gCríostaithe in aimsir an Saesar Nero tar éis tine mhór na Róimhe. Insítear scéal faoin eachtra seo ar a thugtar Quo vadis? Cuireadh Naomh Pól chun bás sa Róimh ag an am céanna. Tháinig Naomh Línus i gcomharbacht air mar Phápa.
