Pápa Pius VIII
Bhí Pius VIII (20 Samhain, 1761 – 1 Nollaig, 1830) ina phápa ar an Eaglais Chaitliceach idir Márta 1829 agus Nollag 1830.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Francesco Saverio Castiglioni i Cingoli na hIodáile in 1761. Tar éis dó staidéar a dhéanamh ar dlí canónta, ceapadh é mar easpag.
Chaith sé seal i ngéibhinn sa Fhrainc tar éis do Napoleon an Iodáil a gabháil.
Rinneadh cairdinéal dó sa bhliain 1816.
Toghadh é mar phápa sa bhliain 1829. Tharla an Acht um Shaoirse Chaitliceach sa Bhreatain agus in Éirinn. D'aithin Pius VIII Louis Philippe mar Rí na bhFrancach (chaith na Francaigh an Rí Charles X amach roimh dóibh Louis Philippe a chur ina áit).
Ní raibh an sláinte riamh go maith ag Pius, ach mar sin féin bhí ráflaí go maraíodh é le nimh tar éis dó bás a fháil gan ach dhá bhliain i gcathaoir Pheadair Naofa.